Níor éirigh leis an Aontas Eorpach laghdú suntasach a dhéanamh ar na hearráidí atá ag tarlú go seasta sa bheartas Comhtháthaithe, arb é aidhm an bheartais sin ná éagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta san Aontas a laghdú. Tá easnaimh ag gach leibhéal sna rialuithe a dhéanann an Coimisiún Eorpach agus na Ballstáit, de réir athbhreithniú atá déanta ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa. Cé go raibh na húdaráis sna Ballstáit in ann níos mó earráidí a bhrath agus a chosc, rinne an Coimisiún Eorpach gannmheastachán ar leibhéal iomlán an chaiteachais neamhrialta; ní hamháin sin, ach níor bhain sé lánúsáid as na huirlisí a bhí ar fáil dó chun na Ballstáit a spreagadh le feabhas a chur ar an mbainistíocht agus ar na córais sa réimse seo.

Is réimse mór caiteachais san Aontas Eorpach é an beartas Comhtháthaithe. In imeacht na mblianta, is sa réimse sin freisin a bhí an líon is mó d’earráidí caiteachais i mbuiséad an Aontais. Ní slat tomhais do chalaois, neamhéifeachtúlacht ná diomailt airgid atá sa leibhéal measta earráide – is meastachán é ar an méid airgid nár úsáideadh go hiomlán i gcomhréir leis na rialacha Eorpacha agus náisiúnta. Ag breathnú ar na timthriallta ilbhliantúla buiséadacha le haghaidh 2007-2013 agus le haghaidh 2014-2020, thit an leibhéal earráide foriomlán sa chaiteachas faoin mbeartas Comhtháthaithe ó 6% go dtí 4.8%, ach bhí gach bliain fós os cionn na tairsí de 2% atá leagtha síos sna rialacha, agus in 2022 bhí buaic de 6.7% sa leibhéal earráide.

Bíonn an Coimisiún agus na Ballstáit ag obair as lámha a chéile chun tairbhí faoi bheartas Comhtháthaithe an Aontais a thabhairt i gcrích do na saoránaigh, ach caithfidh siad dícheall níos mó a dhéanamh chun a chinntiú go ndéantar an caiteachas de réir na rialacha,” a dúirt Helga Berger, an Comhalta den Chúirt ar a raibh freagracht as an athbhreithniú seo. “Nuair a bhreathnaítear ar an gcóras atá ann do rialuithe, tá lámh ag go leor daoine ann ach, fós, níl na torthaí le feiceáil.

I gcóras na seiceálacha, is í an chéad líne chosanta chun a chinntiú go bhfuil an t-airgead á chaitheamh mar is cuí ná rialuithe a dhéanann na húdaráis bhainistíochta sna Ballstáit. Ach tá easnaimh i seiceálacha na n-údarás náisiúnta sin, agus mura mbeadh na heasnaimh sin ann d’fhéadfadh a gcuid seiceálacha os cionn an tríú cuid de na hearráidí a fuair na hiniúchóirí don tréimhse idir 2017 agus 2022 a chosc. Is é an dara líne chosanta ná na rialuithe a dhéanann comhlachtaí iniúchóireachta na mBallstát, agus anseo freisin fuair iniúchóirí an Aontais laigí a raibh éagsúlachtaí iontu ó eintiteas go chéile ó thaobh a nádúir agus a dtromchúise de – b’amhlaidh an cás in obair 40 de na 43 comhlacht iniúchóireachta ar breathnaíodh isteach ina gcuid oibre don athbhreithniú seo. Déanann an Coimisiún – mar an tríú líne chosanta – a chuid measúnuithe a bhunú ar rialuithe a dhéantar ar an leibhéal náisiúnta, ach níl ach líon teoranta rialuithe iontaofa clúdaithe sna measúnuithe sin agus tá cuid de na húdaráis náisiúnta níos éifeachtaí ná cinn eile ó thaobh caiteachas earráideach a bhrath. Ag an am céanna, tá roinnt laigí le sonrú sna huirlisí atá ag an gCoimisiún féin chun earráidí a bhrath, a chosc nó a cheartú. Ós rud é nach bhfuil a chuid seiceálacha deisce deartha chun caiteachas earráideach a bhrath, d’fhéadfadh tionchar níos mó a bheith ag an gCoimisiún dá ndéanfadh sé iniúchtaí comhlíontachta ar an bhfód. Is féidir leis an gCoimisiún freisin úsáid a bhaint as ceartúcháin airgeadais sa chás go n-aimsítear earráidí tromchúiseacha sa rialú ionas go laghdófaí an tionchar diúltach a bhíonn ag caiteachas earráideach ar bhuiséad an Aontais, ach – go dtí seo – ní raibh aon chaillteanas díreach cistithe ann do na Ballstáit lena mbaineann aon uair a rinneadh na ceartúcháin airgeadais sin. Ina ionad sin, is amhlaidh go raibh cead ag na Ballstáit na ceartúcháin sin a úsáid i dtionscadail eile. Ní hamháin go gcuireann sé sin teorainn leis an éifeacht athchomhairleach atá ag na ceartúcháin, ach ní thugann sé dreasacht do na Ballstáit feabhas a chur ar a gcórais agus, ar an gcaoi sin, earráidí a sheachaint ón tús.

Le blianta beaga anuas, tharla formhór na n-earráidí sa chaiteachas faoin mbeartas Comhtháthaithe mar gheall ar chaiteachas agus tionscadail neamhcháilithe; ina dhiaidh sin, tagann mainneachtain ar thaobh na bhfaighteoirí cistí i gcomhlíonadh na rialacha maidir le státchabhair agus maidir leis an bpróiseas soláthair phoiblí. Shainaithin na hiniúchóirí trí bhunchúis leis na hearráidí: gan riarachán leormhaith a bheith ann ar leibhéal an Bhallstáit, lena n-áirítear cinnteoireacht mhíchuí agus fíoruithe neamhéifeachtúla ag na húdaráis bhainistíochta; faillí nó cásanna amhrasta de neamhchomhlíonadh intinneach ar thaobh na dtairbhithe de; agus fadhbanna leis an gcaoi a ndéantar na rialacha a léirthuiscint.

Tá na hiniúchóirí tagtha ar an gconclúid go bhfuil an Coimisiún agus na Ballstáit in ann feabhas a chur ar an gcaoi a ndéanann siad seiceálacha ar an gcaiteachas faoin mbeartas Comhtháthaithe, agus deir siad go bhfuil an riosca go dtarlódh caiteachas neamhrialta fós ard. Cuireann siad béim ar an bhfíoras go bhfuil tréimhsí caiteachais ilbhliantúla ag rith isteach ina chéile agus go bhfuil cistí téarnaimh Covid an Aontais ag cur brú ar chuid de na Ballstáit a chinntiú go ndéantar an t-airgead atá ar fáil dóibh a chaitheamh.

Faisnéis chúlra

Déantar buiséad fadtéarmach an Aontais a phleanáil de réir timthriallta cistiúcháin seacht mbliana. Tá sé mar aidhm ag an mbeartas Comhtháthaithe éagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta idir tíortha agus réigiúin an Aontais Eorpaigh a laghdú. Tá córas rialaithe ilchisil sna cistí Comhtháthaithe, mar go bhfuil siad á mbainistiú go comhpháirteach ag an gCoimisiún – ar a bhfuil an fhreagracht faoi dheoidh as buiséad an Aontais – agus ag na húdaráis sna Ballstáit. Le haghaidh thréimhse 2014-2020, bhí an Coimisiún ag brath ar an obair iniúchóireachta a rinne na Ballstáit, rud a chiallaíonn go bhfuil gach aon chiseal den ghrinnscrúdú bunaithe ar an obair a rinneadh ar an leibhéal roimhe sin.

Tá Athbhreithniú 03/2024: ‘Forléargas ar an gcreat dearbhaithe agus ar na príomhthosca a chuireann le hearráidí i gcaiteachas comhtháthaithe 2014-2020’ ar fáil ar shuíomh gréasáin Chúirt Iniúchóirí na hEorpa. Ní tuarascáil iniúchóireachta é seo, ach athbhreithniú bunaithe ar an obair a bhí déanta roimhe seo ag an gCúirt Iniúchóirí ar an gcaiteachas faoin mbeartas Comhtháthaithe i dtréimhse 2014-2020 agus ar fhaisnéis atá ar fáil go poiblí.

Caiteachas comhththaithe an Aontais Eorpaigh: nl an cras rialaithe ag obair