Cé go n-áirithíonn an Coimisiún Eorpach go ndéantar caiteachas neamhrialta a thaifeadadh go cruinn agus go pras, fuair na hiniúchóirí Eorpacha go dtógann sé rófhada go minic an t-airgead sin a fháil ar ais. I gcás cistí talmhaíochta atá á mbainistiú go comhpháirteach agus gur ar na Ballstáit a luíonn an phríomhfhreagracht ina leith, bíonn na rátaí aisghabhála íseal tríd is tríd ach fós féin tá difríochtaí suntasacha ann ó thír go tír san Aontas. Ó 2014 go 2022, rinneadh €14 billiún de chaiteachas neamhrialta AE den sórt sin (cistí a caitheadh go míchuí) a thuairisciú ar fud na réimsí go léir. Is gné lárnach de shláine airgeadais agus de chóras rialaithe inmheánaigh an Aontais Eorpaigh í an aisghabháil.
Ciallaíonn ‘aisghabháil’ cistí AE (ar gnách ‘gnóthú’ a thabhairt freisin sin air) a iarraidh go ndéantar cuid de na suimeanna airgid, nó an t-airgead ar fad, a íocadh le heagraíocht cur chun feidhme nó le tairbhí a íoc ar ais mar gur measadh ag tráth éigin i ndiaidh na híocaíochta nár chloígh siad le ceanglais chistiúcháin an Aontais. Ó bhíonn an t-airgead sin íoctha amach, áfach, is minic gur próiseas fada atá i gceist lena fháil ar ais – má fhaightear ar ais ar chor ar bith é. Thug na hiniúchóirí AE ar aire go dtógann sé 14-23 mhí de ghnáth ó thagann deireadh leis na gníomhaíochtaí cistithe go dtí go ndéantar iarraidh ar aisíocaíocht a eisiúint amháin, agus go dtógann sé 3-5 mhí eile sula bhfaightear na cistí. Agus déantar 1-8 % de na cistí a iarrtar a tharscaoileadh faoi dheireadh.
“Ba cheart gach dícheall a dhéanamh chun airgead AE atá caite go míchuí a fháil ar ais gan mhoill”, a dúirt Jorg Kristijan Petrovic, an Comhalta den Chúirt a bhí freagrach as an iniúchadh. “Sin rud atá dlite ag an Aontas Eorpach do na cáiníocóirí, agus dhéanfadh sé díobháil don mhuinín a chuireann na saoránaigh san Aontas mura bhféadfaí gach cuid den airgead sin a fháil ar ais.”
De réir Thuarascáil Bhliantúil 2022 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, tháinig ardú ó 3 % go dtí 4.2 % den bhuiséad ar an ráta de chaitheamh airgid go míchuí idir 2021 agus 2022, rud a fhágann go bhfuil aisghabháil éifeachtach na gcistí ag éirí níos práinní mar cheist. Ós rud é nach bhfuil ach díreach 20 % den bhuiséad á bhainistiú go díreach ag an gCoimisiún Eorpach, áfach, tá sé in ann a bheith deacair deireadh a chur amach is amach le hearráidí agus na cistí sin a aisghabháil.
Fuair na hiniúchóirí go mbaineann na príomhfhadhbanna le haisghabháil cistí faoin mbainistíocht dhíreach agus faoin mbainistíocht indíreach leis an moill fhada a bhíonn idir neamhrialtacht airgeadais a shainaithint agus ordú aisghabhála a eisiúint. Fuair siad freisin nach bhfuil faisnéis iomlán ar fáil i réimse na ngníomhaíochtaí seachtracha maidir leis an tionchar atá ag cuid den chaiteachas neamhrialta sin.
Chun feabhas a chur ar chomh tapa is a dhéantar aisghabháil i réimse na ngníomhaíochtaí seachtracha, molann na hiniúchóirí go laghdófaí an t-achar ama a ghlacann sé a shuíomh go bhfuil caiteachas neamhrialta ann, ach chomh maith leis sin go laghdófaí an t-achar ama a thógann sé imeachtaí aisghabhála a sheoladh. Chun é sin a dhéanamh, molann siad feabhas a chur ar phleanáil na hoibre iniúchóireachta agus scrúdú a dhéanamh ar an tionchar airgeadais atá ag caiteachas neamhrialta a tharlaíonn ar bhonn córasach. Molann siad freisin gur chóir dreasachtaí a bhí sa timthriall cistiúcháin roimhe seo a thabhairt ar ais le go bhféadfaidh na Ballstáit cistí a aisghabháil i réimse na talmhaíochta. Sa timthriall roimhe seo, bhíodh ar na Ballstáit leath na gcistí nár éirigh leo a aisghabháil a aisíoc iad féin isteach i mbuiséad an Aontais laistigh de 4-8 mbliana.
Thairis sin, molann na hiniúchóirí gur chóir don Choimisiún sonraí bliantúla cruinne agus iomlána a sholáthar faoin gcaiteachas a chinntear a bheith neamhrialta, agus cad iad na bearta a rinneadh chun an cheist sin a cheartú, ionas gur féidir an próiseas a fheabhsú sa todhchaí.
Ní hé an Coimisiún Eorpach a íocann amach an t-airgead ar fad as buiséad an Aontais. Tá thart ar 70 % den bhuiséad á bhainistiú go comhpháirteach leis na Ballstáit, tá thart ar 20 % á bhainistiú go díreach, agus tá isteach agus amach le 10 % de á bhainistiú ag eagraíochtaí idirnáisiúnta nó ag tíortha lasmuigh den Aontas. Ní mar a chéile na freagrachtaí atá ar an gCoimisiún sa réimse seo ag brath ar an gcineál modha bainistíochta agus ar an réimse beartais de bhuiséad an Aontais. A mhéid a bhaineann leis an mbainistíocht dhíreach agus leis an mbainistíocht indíreach, is ar an gCoimisiún atá an fhreagracht as caiteachas neamhrialta a shainaithint agus a thaifeadadh agus ansin na cistí sin a aisghabháil. Faoin mbainistíocht chomhroinnte, déanann an Coimisiún an fhreagracht i leith thaifeadadh agus aisghabháil an chaiteachais neamhrialta a tharmligean chuig na Ballstáit, ach is leis an gCoimisiún féin a luíonn an fhreagracht as an dearbhú faoi dheoidh.
Sa chás nach ndéantar cistiú ón Aontas a chaitheamh i gcomhréir leis na rialacha, meastar gur caiteachas neamhrialta atá ansin agus, in 2022, bhí an caiteachas neamhrialta sin ag seasamh do 4.2 % den bhuiséad. D’fhéadfadh cuid den airgead sin, nó an t-iomlán de, a bheith incháilithe le haghaidh aisghabhála. D’fhéadfadh sé gur ar an gCoimisiún a thitfeadh sé an t-airgead a aisghabháil go díreach nó d’fhéadfadh sé gur ar an mBallstát nó comhlacht a bhí freagrach as na cistí ar an gcéad dul síos a thitfeadh an cúram sin.
Ina dtuarascáil, scrúdaigh iniúchóirí an Aontais Eorpaigh cén chaoi a bhfuil an próiseas aisghabhála á bhainistiú agus cé chomh héifeachtach atá sé, agus rinne siad moltaí faoin gcaoi a bhféadfaí é sin a fheabhsú.
Tá tuilleadh eolais faoi bhuiséad an Aontais Eorpaigh agus faoi chaiteachas neamhrialta le fáil i dTuarascáil Bhliantúil 2022 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, ina ndéantar athbhreithniú ar staid airgeadais fhoriomlán an bhuiséid.