De réir tuarascáil ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, ní raibh mórán ratha go dtí seo ar an Aontas Eorpach ó thaobh éiceachóras intleachta saorga na hEorpa a fhorbairt agus níor éirigh leis dlús a chur leis an infheistíocht san intleacht shaorga ar an gcaoi chéanna is atá á dhéanamh ag ceannairí domhanda. Ó 2018, tá gníomhaíochtaí éagsúla déanta ag an gCoimisiún Eorpach agus tá obair déanta aige chun na príomhbhloic thógála le haghaidh éiceachóras intleachta saorga an Aontais a bhogadh ar aghaidh – mar shampla: rialáil, bonneagar, taighde agus infheistíocht. Sa bhreis air sin, rinne an tAontas bearta luath go maith chun a fhiosrú cad iad na rioscaí a d’fhéadfadh an intleacht shaorga a chruthú agus as sin leagadh síos na chéad rialacha ginearálta ar domhan a bhaineann le húsáid na hintleachta saorga. Ní raibh bearta an Aontais comhordaithe go maith leis na bearta a rinne na Ballstáit, áfach, agus ní dhearnadh faireachán córasach ar an infheistíocht. Tá sé ríthábhachtach go mbeadh rialachas láidir ann amach anseo. Tá sé tábhachtach freisin go ndéanfar níos mó infheistíochta – idir phoiblí agus phríobháideach, agus go ndéanfar an infheistíocht sin a spriocdhíriú níos fearr, má tá an tAontas Eorpach lena chuid uaillmhianta i réimse na hintleachta saorga a bhaint amach.
Tá dúshláin le sárú ag an Aontas sa rás domhanda maidir le hinfheistíocht san intleacht shaorga. Ó 2015 i leith, tá infheistíochtaí caipitil fiontair níos ísle in AE ná mar atá i réigiúin eile atá ina gceannródaithe san intleacht shaorga: na Stáit Aontaithe agus an tSín. De réir na meastachán, idir 2018 agus 2020, tharla níos mó ná dúbailt ar an mbearna fhoriomlán infheistíochta san intleacht shaorga atá ann idir na Stáit Aontaithe agus an tAontas Eorpach (leis an Aontas Eorpach os cionn €10 mbilliún ar gcúl). Sa chomhthéacs sin, rinne an tAontas bearta de réir a chéile chun creat a fhorbairt ar mhaithe leis an intleacht shaorga a chomhordú ar fud an Aontais trí dhlús a chur le hinfheistíocht agus trí na rialacha a oiriúnú. In 2018 agus 2021, tháinig an Coimisiún agus Ballstáit an Aontais ar chomhaontú i dtaobh bearta chun éiceachóras barr feabhais agus iontaoibhe i réimse na hintleachta saorga a fhorbairt. Is éiceachóras é sin a chuirfeadh an tAontas Eorpach ar an tslí cheart chun bheith ina cheannaire domhanda in intleacht shaorga úrnua, eiticiúil agus shlán.
“Teastaíonn infheistíocht mhór agus fhócasaithe san intleacht shaorga má tá cúrsaí le hathrú ó thaobh cé chomh sciobtha a tharlóidh forás eacnamaíoch san Aontas Eorpach sna blianta seo amach romhainn,” a dúirt Mihails Kozlovs, an Comhalta den Chúirt a bhí i gceannas ar an iniúchóireacht. “I rás seo na hintleachta saorga, tá an baol ann gurb ag an mbuaiteoir a bheidh an t-iomlán glan. Más mian leis an Aontas Eorpach rath a bheith air de réir a uaillmhéine, caithfidh an Coimisiún Eorpach agus na Ballstáit oibriú as lámha a chéile ar bhealach níos éifeachtaí. Beidh orthu dlús a chur lena n-iarrachtaí. Caithfidh siad freisin lánleas a bhaint as cumas an Aontais le go mbeidh rath uirthi sa mhór-réabhlóid theicneolaíoch seo.”
Is pleananna cuimsitheacha iad na pleananna don intleacht shaorga a rinne an Coimisiún in 2018 agus 2021, agus tá siad ag teacht tríd is tríd leis na dea-chleachtais idirnáisiúnta. Os cionn cúig bliana i ndiaidh an chéad phlean, áfach, is obair idir lámha atá fós sa chreat chun infheistíocht Eorpach san intleacht shaorga a chomhordú agus a rialáil. Tá locht faighte ag na hiniúchóirí ar an gcaoi a bhfuil an Coimisiún ag comhordú leis na Ballstáit, agus deir siad gur ‘éifeachtaí teoranta’, agus é sin amháin, atá ag an gcomhordú sin. Sin mar gheall nach raibh na huirlisí rialachais agus an fhaisnéis ba ghá ag an gCoimisiún. Rud eile a chur as d’inchreidteacht phleananna AE ná nár chuir an Coimisiún córas cuí ar bun chun faireachán a dhéanamh ar cé chomh maith is a bhí ag éirí le hinfheistíochtaí san intleacht shaorga. Ní mba léir ach oiread cén chaoi a rannchuideodh na Ballstáit le spriocanna foriomlána infheistíochta an Aontais, rud a chiallaíonn nach raibh aon fhorléargas Eorpach ann.
Tá spriocanna infheistíochta an Aontais ró-éiginnte i gcónaí agus tá siad as dáta faoin am seo: níor athraigh siad ó 2018. Anuas air sin, níl an easpa uaillmhéine ó thaobh spriocanna infheistíochta ag teacht leis an gcuspóir go ndéanfaí éiceachóras intleachta saorga a fhorbairt – ar éiceachóras é a bheadh iomaíoch go domhanda. Cé gur éirigh leis an gCoimisiún tríd is tríd an caiteachas as buiséad an Aontais ar thionscadail taighde intleachta saorga a uas-scálú, níor chuir sé aon bhorradh suntasach ar chómhaoiniú príobháideach. Caithfidh an Coimisiún níos mó a dhéanamh lena chinntiú go ndéantar na torthaí ó thionscadail taighde intleachta saorga atá cistithe ag an Aontas a chur ar an margadh agus go ndéantar leas iomlán a bhaint astu.
Rinne an Coimisiún beart chun a chinntiú go mbeadh cumasóirí airgeadais agus bonneagair ann le haghaidh forbairt agus cur in úsáid na hintleachta saorga. Thóg sé i bhfad, áfach, sular tháinig forás ar an mbonneagar atá cistithe ag an Aontas – mar shampla: saoráidí tástála, spáis sonraí nó ardán um intleacht shaorga ar éileamh. Go deimhin, níl ach cuid bheag tacaíochta caipitil AE (ar nós maoiniú cothromais) le haghaidh nuálaithe tagtha ann go dtí seo de dhroim na bpleananna intleachta saorga. Tá bearta Eorpacha a rinneadh le déanaí chun margadh aonair le haghaidh sonraí a bhaint amach fós ag an gcéim tionscanta, agus ní féidir leis na bearta sin forás a chur láithreach ar infheistíocht san intleacht shaorga.
Cuimsíonn an intleacht shaorga teicneolaíochtaí atá i réimsí atá ag athrú go mear, lena n-áirítear róbataic, mórshonraí agus néalríomhaireacht, ríomhaireacht ardfheidhmíochta, fótónaic agus néareolaíocht. Tá na Stáit Aontaithe le fada ina cheannródaí san intleacht shaorga agus tá sé i gceist ag an tSín a bheith ina cheannaire domhanda san intleacht shaorga faoi 2030. Tá an dá thír sin ag brath ar lear mór infheistíochta príobháidí trína gcuid ollchuideachtaí teicneolaíochta. Ba iad seo a leanas spriocanna an Aontais maidir le hinfheistíocht phríobháideach agus phoiblí san intleacht shaorga: €20 billiún i dtréimhse 2018-2020; agus €20 billiún gach bliain sna deich mbliana ina dhiaidh sin. Bhí sé i gceist ag an gCoimisiún an cistiú Eorpach san intleacht shaorga a mhéadú go dtí €1.5 billiún i dtréimhse 2018-2020 agus €1 bhilliún gach bliain i dtréimhse 2021-2027. Tá difear suntasach ó Bhallstát go chéile sa sciar de ghnólachtaí san Aontas Eorpach a úsáideann an intleacht shaorga. Tá an méid is mó d’infheistíocht phoiblí san intleacht shaorga fógartha ag an bhFrainc agus ag an nGearmáin, agus tá ceithre thír san Aontas nach bhfuil straitéis ar bith acu fós don intleacht shaorga. Tá sprioc uaillmhianach ag an Aontas go mbeadh 75 % de ghnólachtaí ag úsáid na hintleachta saorga faoi 2030. In 2021, ní raibh ach 4 % den chomhdú paitinní ar domhan ag tarlú san Eoraip agus san Áise Láir.
Tá Tuarascáil speisialta 08/2024: ‘Uaillmhian an Aontais maidir leis an Intleacht Shaorga – Tá rialachas níos láidre agus infheistíocht mhéadaithe agus níos fócasaithe riachtanach as seo amach’ ar fáil ar shuíomh gréasáin na Cúirte Iniúchóirí. Ní raibh an Gníomh um an Intleacht Shaorga, a comhaontaíodh i Nollaig 2023, i scóip na hiniúchóireachta. An 14 Meitheamh 2024, tionólfaidh an Chúirt Iniúchóirí díospóireacht phainéil ar líne i dtaobh uaillmhianta an Aontais Eorpaigh san intleacht shaorga; beidh beoshruthú ar fáil.