Sna chéad trí bliana de Shaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) an Aontais (ar fiú €724 bhilliún é), bhí moill ar eisíoc na gcistí agus ar chur chun feidhme na dtionscadal. Cuireann sé sin baint amach na spriocanna chun cabhrú le tíortha an Aontais téarnamh ó phaindéim COVID-19 agus iad a dhéanamh níos athléimní i mbaol, de réir tuarascála ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa. Cé go bhfuil an ráta íocaíochtaí ón gCoimisiún Eorpach ag bogadh ar aghaidh, d’fhéadfadh sé nach mbeadh na Ballstáit in ann na cistí a tharraingt anuas nó a ionsú in am, ná go deimhin na bearta a bhí pleanáilte acu a chríochnú sula dtéann RRF in éag i Lúnasa 2026, agus dá réir sin nach mbeidís in ann na tairbhí eacnamaíocha agus sóisialta a rabhthas ag dréim leo a bhaint amach.
Bunaithe i bhFeabhra 2021, déanann RRF maoiniú ar athchóirithe agus infheistíochtaí i dtíortha an Aontais, ag tosú le tús na paindéime i bhFeabhra 2020 agus ag críochnú i Lúnasa 2026. Tá sé réimse tosaíochta ann, lena n-áirítear an t-aistriú glas agus an claochlú digiteach. Is féidir le tíortha an t-airgead a fháil bunaithe ar an dul chun cinn atá déanta acu.
“Tá ionsú tráthúil RRF bunriachtanach: cuidíonn sé lena chinntiú nach mbíonn scrogaill ann ó thaobh na bearta a dhéanamh nuair a thiocfar chomh fada le deireadh ré na Saoráide, agus laghdaíonn sé an riosca go dtarlódh caiteachas neamhéifeachtúil agus earráideach,” a dúirt Ivana Maletić, an Comhalta den Chúirt a bhí i gceannas ar an iniúchóireacht. “Táimid ag tarraingt aird ar rioscaí, mar go bhfuil níos lú ná an tríú cuid de na cistí beartaithe tarraingthe anuas ag na Ballstáit agus muid leath bealaigh trí thréimhse na Saoráide, agus gur lú ná 30 % an ráta den dul chun cinn atá déanta ó thaobh a gcuid garspriocanna agus spriocanna réamhshainithe a bhaint amach.”
Mar phointe dearfach, d’fhág an réamh-mhaoiniú de suas go dtí 13 % den mhéid a d’fhéadfadh na Ballstáit a fháil go ndearnadh níos mó cistí a íoc amach ag an tús, rud a bhí ag teacht leis an sprioc go mbeifí ag freagairt don ghéarchéim. Tá na hiniúchóirí, áfach, ag fáil locht ar chomh mall is atá formhór na gcistí á dtarraingt anuas ó shin. Faoi dheireadh 2023, ní raibh ach €213 bhilliún aistrithe ón gCoimisiún go dtí na státchistí náisiúnta. Ní gá go bhfuil na cistí sin ar fad tagtha chomh fada leis na faighteoirí deiridh, lena n-áirítear gnólachtaí príobháideacha, cuideachtaí fuinnimh poiblí agus scoileanna. Go deimhin, tá beagnach leath na gcistí RRF a rinneadh a íoc amach le 15 Bhallstát a thug an fhaisnéis riachtanach faoina staid féin nach bhfuil curtha ar aghaidh go dtí na faighteoirí deiridh go fóill.
Bhí moill ar bheagnach gach uile thír in iarrataí ar íocaíocht a chur isteach chuig an gCoimisiún, go minic mar gheall ar bhoilsciú nó ganntanais soláthair, neamhchinnteacht faoi rialacha comhshaoil agus gan acmhainneacht riaracháin leordhóthanach a bheith acu. Faoi dheireadh 2023, bhí 70 % de na hiarrataí a bhí pleanáilte acu curtha isteach acu, agus ba in le haghaidh thart ar 16 % níos lú airgid ná mar a bhí measta i dtús ama. Ar chúiseanna éagsúla, bhí seacht dtír ann nach bhfuair cistí ar bith as garspriocanna agus spriocanna a bheith comhlíonta go sásúil acu. Chuaigh an Coimisiún agus na Ballstáit i mbun gníomhaíochta, go háirithe in 2023, in iarracht chun an t-ionsú a éascú, ach tá sé róluath fós chun measúnú a dhéanamh ar cibé tionchar a bheadh aige sin.
Tá riosca ann nach mbeidh gach ceann de na bearta atá pleanáilte críochnaithe in am. Faoi dheireadh 2023, rinneadh níos lú ná 30 % den os cionn 6 000 garsprioc agus sprioc (i.e. na táscairí don dul chun cinn) a thabhairt ar aird le haghaidh íocaíochta, rud a chiallaíonn go bhfuil líon suntasach – seans na cinn is deacra – fós le baint amach. Thug go leor tíortha tús áite do na hathchóirithe sula ndeachaigh siad ar aghaidh go dtí na hinfheistíochtaí. Ach trí na hinfheistíochtaí a choinneáil siar, áfach, is é is dóichí go méadóidh na moilleanna tuilleadh agus go gcuirfear moill bhreise ar an ionsú.
Ar deireadh, ní gá go mbeadh eisíocaíochtaí ina léiriú ar chainníocht agus tábhacht na ngarspriocanna agus spriocanna, rud a chiallaíonn go bhféadfaí méid suntasach de chistí a bheith á n-íoc agus gan na bearta atá ag freagairt do na cistí sin a bheith críochnaithe ag na Ballstáit. Cuireann na hiniúchóirí béim ar an bhfíoras nach bhfuil foráil ar bith sna rialacha do chistí a aisghabháil sa chás go mbíonn garspriocanna agus spriocanna bainte amach ach fós gan na bearta a bheith tugtha chun críche ar fad.
Is sásra cistiúcháin úrnua é RRF nach bhfuil bunaithe ar na costais a thabhaítear iarbhír. Déanann an Coimisiún é a chur chun feidhme faoin mbainistíocht dhíreach, agus is air atá an fhreagracht faoi dheoidh. Tá luach iomlán uasta de €723.8 billiún ag gabháil le RRF, lena n-áirítear suas go dtí €338 mbilliún i ndeontais agus suas go dtí €385.8 billiún in iasachtaí. Faoi dheireadh 2023, bhí €648 mbilliún i ndeontais agus iasachtaí geallta ag an gCoimisiún do na 27 mBallstát. Is é an sainmhíniú a thugann na hiniúchóirí ar ionsú ná cistiú ón Aontas atá íoctha amach ag an gCoimisiún leis na Ballstáit ina gcáil mar thairbhithe agus iasachtaithe. Rinne siad cuairteanna ar an bhfód freisin i gceithre thír: an Spáinn, an Iodáil, an tSlóvaic agus an Rómáin.
Tá Tuarascáil speisialta 13/2024: ‘Ionsú cistí ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta – Ag déileáil le moilleanna, ach tá rioscaí fós ann a mhéid a bhaineann le bearta a chríochnú agus le cuspóirí RRF a bhaint amach’ ar fáil ar shuíomh gréasáin Chúirt Iniúchóirí na hEorpa. D’eisigh an Chúirt Iniúchóirí roinnt tuarascálacha roimhe seo ar chistí RRF agus NextGenerationEU.