Tá doiléire faoina mhéid atá an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) – príomhcholún chiste téarnaimh paindéime an Aontais – ag rannchuidiú le gníomhú ar son na haeráide agus leis an aistriú glas, a deirtear i dtuarascáil nua ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa. Caithfidh ar a laghad 37 % de chistiú RRF a bheith curtha i leataobh le haghaidh gníomhú ar son na haeráide. Is é measúnú an Choimisiúin Eorpaigh, amhail i bhFeabhra 2024, ná gur shroich bearta a bhí ag tacú le spriocanna aeráide an Aontais 42.5 % (nó €275 bhilliún) de chistí RRF. Deir na hiniúchóirí, áfach, go bhféadfadh rómheastachán de €34.5 billiún, ar a laghad, a bheith sna ranníocaíochtaí sin, agus go bhfuil fadhbanna eile thairis sin ann. Chomh maith leis sin, d’aimsigh siad laigí sna garspriocanna agus spriocanna le haghaidh gníomhaíochtaí atá ábhartha don aeráid, sa tuairisciú ar an gcaiteachas iarbhír agus sa mhaíomh i dtaobh neamhdhíobháil don chomhshaol a bhí ag gabháil le cuid de na tionscadail a bhí marcáilte mar thionscadail ‘ghlasa’.
Ceann de na príomhchuspóirí atá ag RRF ná go rannchuideodh sé le spriocanna aeráide na hEorpa agus leis an aistriú glas i mBallstáit an Aontais. Murab ionann agus cineálacha eile de chaiteachas Eorpach a rinneadh roimhe seo, déantar cistí RRF a íoc amach bunaithe ar gharspriocanna agus spriocanna a bheith bainte amach seachas mar chúiteamh ar chaiteachas a tabhaíodh iarbhír. I measc laigí eile, fuair na hiniúchóirí go bhfuil samhail mhaoinithe RRF agus an creat ama sách gearr atá ann lena chur chun feidhme ina gcúis amhrais faoi an mbeidh an t-airgead ar fad atá beartaithe do ghníomhú ar son na haeráide ag rannchuidiú leis an gcuspóir sin faoi dheireadh thiar.
“Is infheistíocht mhór ar fud an Aontais atá in RRF agus, má chuirtear chun feidhme go cuí é, ba cheart go sé gcuideodh sé go mór le spriocanna aeráide uaillmhianacha an Aontais a bhaint amach níos túisce”, a dúirt Joëlle Elvinger, an Comhalta den Chúirt atá freagrach as an tuarascáil seo. “I láthair na huaire, áfach, tá leibhéal ard de gharmheastacháin sna pleananna gaolmhara, chomh le neamhréireachtaí idir pleanáil agus an cleachtas, agus is beag comhartha atá ann faoi cá mhéad den airgead atá ag dul go díreach go dtí an t-aistriú glas.”
Go praiticiúil, níl an rannchuidiú aeráide ó bhearta RRF léirithe go mion i gcónaí, a deir na hiniúchóirí. Chun an sciar den airgead atá beartaithe le haghaidh ‘gníomhú ar son na haeráide’ a ríomh, baineann an Coimisiún Eorpach úsáid as foirmle atá bunaithe ar ‘chomhéifeachtóir aeráide’. Aon ghníomhaíocht atá measúnaithe mar ghníomhaíocht a rannchuidíonn go suntasach leis an athrú aeráide, tugtar comhéifeachtóir 100 % do; is rátáil de 40 % a thugtar do ghníomhaíochtaí dearfacha nach bhfuil an-bheag ar fad; agus tugtar rátáil 0 % do chistí a bhfuil rannchuidiú neodrach nó neamh-shuntasach ag gabháil leo. Tá go leor de na bearta, áfach, nach bhfuil glansoiléir, agus fuair na hiniúchóirí go raibh rómheastachán déanta ar a rannchuidiú aeráide i gcásanna áirithe. Thairis sin, fuarthas i gcás roinnt tionscadal a bhí marcáilte mar thionscadail ‘ghlasa’ – nuair a scrúdaíodh níos grinne iad – nach raibh nasc díreach idir iad agus an t-aistriú glas. Mar shampla, tugadh rátáil rannchuidithe aeráide 40 % do bheart amháin chun feabhas a chur ar bhainistiú uisce. I ndáiríre, caitheadh na cistí ar réitigh TF rialtais chun an córas soláthair uisce a dhigiteáil, rud a chiallaigh gur rannchuidiú 0 % a bheadh níos oiriúnaí mar rátáil. Chun cásanna den sórt sin a sheachaint, molann iniúchóirí an Aontais gur cheart measúnú níos mine agus níos cruinne a dhéanamh amach anseo ar thionscadail atá ábhartha don aeráid.
Fuair na hiniúchóirí freisin nach raibh cuid de na bearta chomh ghlas agus ba dhealraitheach iad a bheith. Tionscadal amháin díobh sin ab ea stáisiún uisce le taisce pumpáilte ach nach ndearnadh measúnú ar an tionchar suntasach comhshaoil a bheadh aige sular bunaíodh an stáisiún. Chun na spriocanna caiteachais aeráide a bhaint amach, cuireann na tíortha meastacháin chostais ina bpleananna. Seiceáiltear na meastacháin sin ag an tús, ach ní sheiceáiltear iad ar chor ar bith i ndiaidh an chur chun feidhme. Is féidir leis na costais iarbhír a ghabhann le haon bheart RRF a bheith éagsúil go suntasach ó na meastacháin, rud a chiallaíonn nach bhfuil cuntas iomlán coinnithe de na cistí a chaitear ar ghníomhú ar son na haeráide. Chun neamhréireachtaí den sórt sin a sheachaint, molann iniúchóirí an Aontais go neartófaí amach anseo na naisc idir ionstraimí agus spriocanna aeráide, agus gur cheart cuntas iomlán ar an airgead a caitheadh a bhailiú agus fhoilsiú.
Is pacáiste cistiúcháin speisialta de €700 billiún atá sa tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) a chuir an tAontas Eorpach ar fáil ag éirí as paindéim COVID. Tá meascán d’iasachtaí agus de dheontais ann. Na Ballstáit a fhaigheann na cistí, leagann siad síos garspriocanna atá le baint amach agus déanann siad meastachán de na costais agus foilsíonn siad an méid sin ina bPleananna Téarnaimh agus Athléimneachta. Ag céim na pleanála, bíonn ar a laghad 37 % den chistiú le cur i leataobh le haghaidh gníomhú ar son na haeráide atá ag rannchuidiú le sprioc ghlan-nialasach 2050 an Aontais.
Leagadh síos modheolaíocht rianaithe aeráide don 37 % de chistí RRF a bhí le leithdháileadh ar ghníomhú ar son na haeráide. Tá modheolaíocht chun rianú a dhéanamh ar chuspóirí comhshaoil in RRF freisin, ach níor úsáideadh an mhodheolaíocht sin.