Is fiú €5 bhilliún Ciste Iontaobhais Éigeandála an Aontais Eorpaigh don Afraic (CIAE) ach níl sé ag díriú isteach sách mór ar thosaíochtaí chun dul i ngleic leis na bunchúiseanna atá le héagobhsaíocht, imirce neamhrialta agus easáitiú ar mhór-roinn na hAfraice. Sin é atá ráite i dtuarascáil nua atá eisithe ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa. Cé gur iarr na hiniúchóirí roimhe seo (in 2018) go dtabharfaí fócas níos fearr do thacaíocht faoi CIAE, tá an cistiú speisialta chun déileáil leis an imirce á riar amach ar i bhfad an iomarca gníomhaíochtaí éagsúla i réimsí na forbartha, na cabhrach daonnúla agus na slándála le go mbeadh éifeacht cheart aige. Sa bhreis air sin, bhí easpa cruinnis sna torthaí a tuairiscíodh agus níor tugadh aghaidh go cuí ar rioscaí do chearta an duine.
Tá na sreabha imirce ón Afraic go dtí an tAontas Eorpach ag tuile agus ag trá in imeacht na mblianta, agus shroich siad a mbuaic in 2014-2016. In 2015, chruthaigh an Coimisiún Eorpach Ciste Iontaobhais Éigeandála an Aontais Eorpaigh don Afraic (CIAE) chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna éagsúla i dtrí réigiún san Afraic: an tSaiheil agus Loch Shead; Corn na hAfraice; agus Tuaisceart na hAfraice. Cé go bhfuil easáitiú inmheánach san Afraic coitianta, tá an tSaiheil ar cheann de na bealaí idirthurais is minice a bhíonn in úsáid ag imircigh a bhíonn ag taisteal go dtí an Eoraip.
’Tá an tacaíocht scaipthe agus níl fócas straitéiseach ann a chinnteodh go mbeadh tionchar ag an tacaíocht sin,” a dúirt Bettina Jakobsen, an comhalta den Chúirt a bhí i gceannas ar an iniúchóireacht. ’Cé gur chabhraigh CIAE chun an imirce a choinneáil ard ar an gclár gnó forbartha agus polaitiúil, caithfimid a rá arís gur léir dúinn gur beag athrú atá déanta ar fhócas an chiste, ar fócas é sin atá fós róleathan.”
Tá go leor torthaí tuairiscithe ag tionscadail CIAE, agus bhain siad amach a gcuid spriocanna go pointe áirithe. Gach ceann de na tionscadail a scrúdaigh na hiniúchóirí, bhí siad sin ag freagairt freisin do riachtanais cé nach raibh siad ag freagairt do na riachtanais ba phráinní. Cé go bhfágann rialacha an Chiste gur féidir cinntí maoiniúcháin a dhéanamh go tapa, níor tugadh dóthain aird ar na ceachtanna a foghlaimíodh agus ba mhinic go raibh rómheastachán déanta ar a bhfuil bainte amach ag CIAE. Thairis sin, ní léiríonn na táscairí a úsáidtear chun faireachán a dhéanamh ar na torthaí an bhfuil na tionscadail inbhuanaithe, nó ar chuidigh siad le dul i ngleic leis na bunchúiseanna atá le héagobhsaíocht, le himirce neamhrialta agus le heasáitiú. Mar thoradh air sin, níl an Coimisiún in ann a rá fós cén cur chuige is mó a bhí éifeachtach agus éifeachtúil ó thaobh imirce neamhrialta agus easáitiú éigeantais a laghdú san Afraic.
I gcomparáid le cabhair a bhíodh ann roimhe sin, d’fhéach CIAE lena chistiú a dhíriú ar fhaisnéis fianaise-bhunaithe. Ar an gcúis sin, mhaoinigh sé os cionn céad tuarascáil a bhí bunaithe ar thaighde, agus chuir siad sin faisnéis luachmhar ar fáil faoi na rudaí ba thrúig le coinbhleacht, imirce neamhrialta agus easáitiú. Foilsíodh formhór mór na dtuarascálacha sin, áfach, tar éis don chistiú ar fad, nach mór, a bheith geallta cheana féin; mar sin is beag tionchar a bhí acu ar na tionscadail.
Tá cineálacha cur chuige nua forbartha ag an gCoimisiún chun faisnéis a bhailiú faoi na bunchúiseanna atá le himirce agus chun rioscaí do chearta an duine a shainaithint i dtimpeallacht luaineach. I bhfianaise na rioscaí méadaithe sa Libia, tugadh isteach cineál úrnua faireacháin tríú páirtí ar rioscaí do chearta an duine, agus is féidir leis an bhfaireachán sin a bheith ina fhoinse úsáideach faisnéise. Níl nósanna imeachta foirmiúla ag an gCoimisiún, áfach, chun líomhaintí maidir le sáruithe ar chearta an duine i ndáil le tionscadail atá á maoiniú ag an Aontas a thuairisciú, a thaifeadadh agus a leanúint suas. Mar shampla, níl aon chóras ann a léireodh go ndearnadh líomhaintí den sórt sin a scrúdú agus a bhreithniú go cuí agus an fhaisnéis sin a bheith ar fáil nuair a bhítear ag cinneadh an bhfuiltear le leanúint de chistiú ón Aontas nó an bhfuil an cistiú sin le cur ar fionraí. Ní féidir leis na hiniúchóirí, dá bhrí sin, a dhearbhú go ndearnadh obair leantach ar gach líomhain.
Tá roinnt moltaí á ndéanamh ag foras faire airgeadais an Aontais Eorpaigh, agus iarrann sé ar an gCoimisiún déileáil go tapa leis na moltaí sin ionas go gcuirfear feabhas ar an gcéim dheiridh den chiste (atá ag teacht chun críche in 2025) agus go gcuirfear feabhas ar chistiú forbraíochta amach anseo a mbeadh aidhmeanna comhchosúla aige. Go sonrach, ba cheart don Choimisiún spriocdhíriú fianaise-bhunaithe níos mó a dhéanamh ar limistéir gheografacha agus ar fhaighteoirí, agus freisin rioscaí do chearta an duine a shainaithint níos fearr agus gníomhaíocht mhaolúcháin a dhéanamh.
Tá sé mar aidhm ag CIAE tacú le gach uile ghné den chobhsaíocht agus rannchuidiú le bainistíocht níos fearr a dhéanamh ar an imirce san Afraic. I measc na dtosaíochtaí tá: bearta in aghaidh na gáinneála; dícheall sa chobhsú réigiúnach; agus cosaint d’imircigh shoghonta. Tá os cionn €5 bhilliún i ranníocaíochtaí faighte ag an gciste go dtí seo, agus tá sé tar éis tacaíocht a thabhairt do 27 dtír san Afraic. Is ón gCiste Eorpach Forbraíochta agus ó bhuiséad an Aontais a tháinig formhór na ranníocaíochtaí (€4.4 billiún, nó 88 % den iomlán). Faoi Nollaig 2023, bhí €4 508 milliún íoctha amach. I ndiaidh laghdú ar an imirce le linn phaindéim COVID-19, tá méadú leanúnach tagtha arís ar na figiúirí don imirce neamhrialta chun na hEorpa. Bhreathnaigh ár n-iniúchóirí go grinn ar chúpla tír as na réigiúin éagsúla atá clúdaithe ag an gciste: an Aetóip, an Ghaimbia, an Mháratáin, an Libia agus an Túinéis.
Ina gcéad tuarascáil speisialta ar CIAE in 2018, fuair na hiniúchóirí gur uirlis sholúbtha a bhí sa chiste ach gur cheart fócas níos fearr a bheith ina dhearadh.