Tá easnaimh i gceist leis an modh chun cúnamh ón Aontas a leithdháileadh ar thíortha comhpháirtíochta, agus is féidir le comhordú lag agus rioscaí inbhuanaitheachta bac a chur ar éifeachtacht na dtionscadal a fhaigheann cistiú Is é sin an chonclúid atá le baint as an tuarascáil a d’fhoilsigh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa inniu.
Rannchuidíonn tacaíocht an Aontais don tsláinte i dtíortha comhpháirtíochta leis an bpríomhsprioc i mbeartas forbraíochta an Aontais i.e. fíorbhochtaineacht a laghdú agus, faoi dheireadh, deireadh a chur léi. Is féidir leis an mbochtaineacht a bheith ina cúis le clúdach sláinte neamhleor, agus ina iarmhairt air sin. Bhí os cionn €3 bhilliún i gceist leis an tacaíocht sin i ngach aon cheann den dá chlárthréimhse roimhe seo (2007-2013 agus 2014-2020), agus bhí os cionn €2 bhilliún i gceist léi ag tús 2024 don tréimhse reatha (2021-2027). Tá laghdú tagtha ar an gcúnamh déthaobhach do thíortha comhpháirtíochta le himeacht ama, cé go bhfuil méadú suntasach tagtha ar an tacaíocht trí thionscnaimh dhomhanda sláinte, go háirithe mar fhreagairt ar COVID-19.
’Fuaireamar roinnt saincheisteanna maidir leis an gcistiú a sholáthar an tAontas le haghaidh córais sláinte i dtíortha comhpháirtíochta roghnaithe”, a dúirt George-Marius Hyzler, an Comhalta den Chúirt atá freagrach as an iniúchadh. ’Ba cheart cistí AE a úsáid ar bhealach níos éifeachtaí mar ábhar práinne, go háirithe trí na critéir le haghaidh leithdháileadh cistithe a fheabhsú, chun a áirithiú go bhfuil costais bhainistíochta réasúnta, agus trí aghaidh a thabhairt ar inbhuanaitheacht tionscadal”.
Rinne na hiniúchóirí scrúdú freisin ar shampla de thionscadal sa Bharúin, i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó agus sa tSiombáib trí chuairteanna ar an bhfód. Chlúdaigh na tionscadail sin réimsí amhail soláthar cúraim sláinte saor in aisce, oiliúint a eagrú do ghairmithe sláinte, agus ionaid sláinte a atógáil. Shainaithin na hiniúchóirí go raibh seilfeanna folmha i gclinicí nó gannúsáid trealaimh mar thoradh ar anailís lag ar riachtanais agus comhordú neamhleor ar an leibhéal ceantair. I roinnt cásanna, in ainneoin infheistíocht ildeontóirí, ní raibh cógais leighis agus vacsaíní ar fáil ach i gcainníochtaí beaga, agus bhí earraí riachtanacha rite amach ar feadh roinnt míonna. Thairis sin, fuaireamar go raibh tionchar ag an struchtúr cascáide cur chun feidhme ar chostais idirghabhála (i bhformhór na cásanna, bhí táille bainistíochta i bhfeidhm ag comhpháirtithe cur chun feidhme), rud a laghdaigh na suimeanna a bhí ar fáil faoi dheoidh do thairbhithe deiridh. Molann na hiniúchóirí gur cheart aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist seo, ós rud é, i roinnt cásanna, go raibh na costais bhainistíochta beagnach dhá uair níos airde ná an méid a bhí leithdháilte ar chatagóirí áirithe d’idirghabháil sláinte amhail sláinte agus cothú máthartha/leanaí.
Tugann na hiniúchóirí ar aire go bhfuil riosca ann freisin do thionscadail tacaíochta sláinte mar gheall ar shaincheisteanna inbhuanaitheachta. Mar shampla, ní bhfuair siad go raibh aon straitéisí aistrithe agus scoir soiléire ann don tréimhse tar éis cistiú deontóra a bheith scálaithe síos. Níl acmhainní buiséadacha leordhóthanacha ag rialtais tairbhiúla ná níl a dhóthain díograis acu, agus tá a gcórais sláinte fós spleách ar chabhair idirnáisiúnta. Ní dhéantar trealamh deonaithe a chothabháil go leormhaith ach an oiread, mar gheall den chuid is mó ar mheasúnaithe riachtanais a bheith in easnamh nó gan a bheith leordhóthanach (i.e. costais choimhdeacha nó seirbhísí chun é a choimeád ag obair) nó gan rogha maith a dhéanamh nuair atá an trealamh á roghnú.
De réir na n-iniúchóirí, ba cheart don Choimisiún Eorpach níos mó plé a dhéanamh ar mhaoiniú sláinte – lena n-áirítear ioncam náisiúnta a úsáid agus straitéisí aistrithe agus scoir atá soiléir agus réalaíoch – leis na páirtithe leasmhara go léir. Ba cheart dó féachaint freisin ar conas a áirithiú go ndéantar riachtanais na dtíortha comhpháirtíochta a mheaitseáil ar bhealach níos fearr le leithdháileadh geografach na cabhrach sláinte ón Aontas, agus chun cóimheá nua a aimsiú do leithdháileadh an chistithe idir tionscnaimh dhomhanda, tacaíocht réigiúnach agus tacaíocht dhéthaobhach do thíortha. Shíl na hiniúchóirí freisin go raibh saincheist ann maidir le infheictheacht: fuair siad gur annamh a bhí a fhios ag na spriocphobail cén chabhair a bhí á soláthar ag an Aontas, go háirithe nuair a bhí na cistí comhthiomsaithe le cistí ó dheontóirí eile.