Tá bearna shuntasach ann idir spriocanna comhshaoil agus aeráide an Aontais agus na pleananna talmhaíochta atá tarraingthe suas ag tíortha de chuid an Aontais. Is í sin an chonclúid atá le baint as an tuarascáil a d’fhoilsigh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa. Thug Comhbheartas Talmhaíochta (CBT) 2023-2027 an tsolúbthacht do Bhallstáit chun cuspóirí uaillmhianacha glasa an Aontais a léiriú ina bpleananna. Bhain siad ar fad úsáid as díolúintí ó dhálaí talmhaíochta agus comhshaoil, agus laghdaigh nó chuir cuid acu moill ar chur i bhfeidhm na mbeart glas atá riachtanach chun airgead an Aontais a fháil. Ar an iomlán, tá na hiniúchóirí tagtha ar an gconclúid nach bhfuil méadú suntasach san aistriú glas le feiceáil i bpleananna CBT.
Is é is aidhm don €378.5 billiún a eisíocadh faoi CBT 2021-2027 ná tacaíocht ioncaim chothrom a áirithiú d’fheirmeoirí, don tslándáil bia agus do shlite beatha i gceantair thuaithe, ach freisin an comhshaol a chosaint ar dhamáiste agus ar an athrú aeráide, rud a d’fhéadfadh tionchar díreach a imirt ar tháirgeadh talmhaíochta (e.g. mar thoradh ar dhálaí millteanacha aimsire).
’Tá feabhas tagtha ar dhearadh glas an Chomhbheartais Talmhaíochta. Mar sin féin, i gcomparáid leis an am atá caite, ní fhacamar difríochtaí móra i bpleananna talmhaíochta na mBallstát”, a dúirt Nikolaos Milionis, an comhalta den Chúirt atá freagrach as an iniúchadh. ’Is é ár gconclúid nach bhfuil uaillmhianta an Aontais don aeráid agus don chomhshaol le feiceáil ar an scála céanna ina bhfuil ar siúl ar an leibhéal náisiúnta. Táimid den tuairim freisin go bhfuil gnéithe tábhachtacha maidir le measúnú a dhéanamh ar an bhfeidhmíocht ghlas ar iarraidh.”
Leis an gComhbheartas Talmhaíochta nua, tugadh isteach níos mó coinníollacha maidir le hairgead an Aontais a fháil, agus ag an am céanna tugadh níos mó solúbthachta do na Ballstáit maidir le rialacha áirithe a chur i bhfeidhm. Chuir sé éiciscéimeanna leis – lena dtugtar luach saothair mar luaíocht ar chleachtais atá tairbheach don aeráid, don chomhshaol agus do leas ainmhithe – agus d’athdhearbhaigh sé bearta forbartha tuaithe. Bhí ceanglais ag gabháil leis an dá cheann chun íoschéatadán cistí a leithdháileadh ar bhearta comhshaoil agus aeráide, réimse atá comhlíonta ag na Ballstáit uile. Tugann na hiniúchóirí ar aire, áfach, nach bhfuil pleananna CBT mórán níos glaise ná mar a bhí le linn na tréimhse roimhe seo. Thairis sin, ós rud é gur maolaíodh roinnt ceanglas coinníollachta (i.e. uainíocht barr chun cáilíocht na hithreach a fheabhsú, rud atá roghnach anois) mar fhreagairt ar agóidí feirmeoirí i mBealtaine 2024, d’fhéadfaí tionchar glas an phlean a laghdú tuilleadh.
Fuair na hiniúchóirí nach bhfuil pleananna CBT ag teacht go maith leis an gComhaontú Glas, in ainneoin go bhfuil sé ar cheann de phríomhbheartais an Aontais maidir leis an aeráid agus leis an gcomhshaol. Ní chuireann na rialacha de cheangal ar na Ballstáit ranníocaíochtaí measta CBT i dtreo spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais a áireamh ina bpleananna talmhaíochta. De réir na n-iniúchóirí, is é an méadú ar thalamh a shaothraítear go horgánach, agus é sin amháin, atá ina sprioc intomhaiste, agus is cosúil go bhfuil sé an-deacair sprioc chomhfhreagrach an Chomhaontaithe Ghlais do 2030 a bhaint amach. Léirítear ina n-anailís go mbíonn baint amach spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais ag brath den chuid is mó ar ghníomhaíochtaí lasmuigh de CBT.
Thairis sin, cuireann na hiniúchóirí i bhfios go láidir gur simplíodh an creat faireacháin chun feidhmíocht ghlas CBT a sheiceáil, ach nach bhfuil príomhghnéithe áirithe ann (e.g. ní léiriú ar laghdú iarbhír é tuairisciú ar ghníomhaíochtaí atá geallta chun astaíochtaí a laghdú). Molann siad dá bhrí sin an creat a neartú, go háirithe trí spriocanna soiléire agus táscairí toraidh a bhunú chun dul chun cinn a thomhas.
Is príomhréimse beartais de chuid an Aontais Eorpaigh é an Comhbheartas Talmhaíochta (CBT), atá ag seasamh do 31 % de bhuiséad an Aontais do 2021-2027. Is forbairt é ar na Pleananna atá sainithe ag gach aon Bhallstát. Tá dhá Chiste sa CBT: an Ciste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT).