Is fadhb fós í geobhlocáil gan údar a chuireann teorainn le saoirse na dtomhaltóirí trí shrian a chur ar rochtain ar earraí agus seirbhísí ar líne ar fud an Aontais, de réir tuarascála nua ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE). Cé go raibh sé mar aidhm ag an Rialachán maidir le Geobhlocáil 2018 aghaidh a thabhairt ar idirdhealú den sórt sin bunaithe ar náisiúntacht nó áit chónaithe, tá dúshláin phraiticiúla fós ann sna Ballstáit. Ba cheart socruithe forfheidhmiúcháin a neartú agus a dhéanamh níos aonfhoirmí, a deir na hiniúchóirí. Ba cheart do na custaiméirí a bheith níos eolaí faoi na roghanna tacaíochta agus cosanta. Mhol na hiniúchóirí freisin scrúdú a dhéanamh féachaint ar cheart na rialacha in aghaidh geobhlocála a leathnú go hearnálacha nach bhfuil clúdaithe go fóill, amhail seirbhísí closamhairc.
Tarlaíonn geobhlocáil, mar shampla, nuair a dhéanann trádálaithe atá ag feidhmiú i mBallstát amháin den Aontas rochtain ar chomhéadain ar líne – amhail suíomhanna gréasáin agus aipeanna – ag custaiméirí ó Bhallstáit eile a bhlocáil nó a shrianadh, nó nuair atá coinníollacha chun rochtain a fháil ar earraí agus seirbhísí ag brath ar shuíomh an chustaiméara. Aithníonn an Rialachán maidir le Geobhlocáil, a glacadh in 2018, go bhféadfadh údar maith a bheith le geobhlocáil i gcásanna áirithe, mar shampla nuair atá ceanglais dhlíthiúla éagsúla i dtíortha an Aontais thar a chéile (e.g. teorainneacha aoise éagsúla chun deochanna meisciúla a cheannach) nó nuair a roghnaíonn trádálaí gan earraí a dhíol le custaiméirí i mBallstát eile. Nuair nach bhfuil aon údar maith den sórt sin ann, áfach, cuireann rialacha an Aontais toirmeasc ar aon trádálaí a bhíonn ag díol le cónaitheoirí an Aontais ó bheith ag geobhlocáil.
’Is cleachtas í an gheobhlocáil a chuireann teorainn leis na deiseanna agus roghanna atá ag tomhaltóirí, rud is cúis le go leor míshástachta i measc custaiméirí agus a chruthaíonn bacainní ar shaorghluaiseacht earraí agus seirbhísí i margadh aonair digiteach an Aontais,” a dúirt Ildikó áll-Pelcz, an Comhalta den Chúirt atá freagrach as an iniúchadh. ’Tá rialacha Eorpacha i bhfeidhm chun an cleachtas sin a chosc, ach fuaireamar easnaimh ó thaobh cur chun feidhme praiticiúil de.”
Mar shampla, nuair is gnólachtaí iad na húsáideoirí deiridh a cheannaíonn earraí nó seirbhísí, d’fhéadfadh sé a bheith deacair díospóidí a réiteach toisc nach léir cén duine atá in ann cúnamh a thabhairt, go háirithe nuair is trádálaithe neamh-AE atá ag feidhmiú san Aontas atá i gceist. Go ginearálta, níl a ndóthain eolais ag tomhaltóirí ná ag trádálaithe ar na roghanna le haghaidh cosaint tomhaltóirí, agus d’fhéadfadh sé nach bhfuil siad ar an eolas go bhfuil comhlachtaí ann ar an leibhéal áitiúil agus ar leibhéal an Aontais chun cúnamh a thabhairt. Ina theannta sin, tá difríocht shuntasach ó Bhallstát go Ballstát idir na bearta forfheidhmiúcháin i gcoinne trádálaithe neamhchomhlíontacha. Níl na rialacha maidir le dlínse dhlíthiúil soiléir go leor agus tá sé deacair freisin a shuíomh cén Ballstát (i.e. Ballstát an chustaiméara nó Ballstát an trádálaí) ar cheart dó pionóis a fhorchur i gcás sáruithe. I roinnt tíortha den Aontas, d’fhéadfadh dliteanas coiriúil eascairt as sáruithe. Maidir le pionóis, fuair na hiniúchóirí amach go raibh éagsúlachtaí móra ó Bhallstát go chéile ann (ó €26 go €5 mhilliún agus, i gcásanna áirithe, bhí siad bunaithe ar láimhdeachas an trádálaí). Go bunúsach, cuireann na hiniúchóirí i bhfios go bhfuil baol ann nach mbeidh machaire réidh ann ar fud mhargadh aonair an Aontais toisc go gcuireann na Ballstáit cineálacha éagsúla cur chuige forfheidhmithe i bhfeidhm.
Nuair a glacadh an Rialachán maidir le Geobhlocáil, rinneadh réimsí áirithe a bhí sainaitheanta mar réimsí achrannacha a eisiamh, amhail seirbhísí closamhairc (e.g. córas dáileacháin scannán, ardáin ar éileamh agus seirbhísí raidió/teilifíse). Rinne an Coimisiún Eorpach teagmháil leis an tionscal maidir leis an bhfáil atá ar ábhar closamhairc, agus maidir le rochtain níos leithne a bheith air, ach chuir sé béim ar an ngá atá le tuilleadh faisnéise a bhailiú sula mbreithneofaí aon bhearta eile. Mar gheall ar an athbhreithniú ar an Rialachán atá le teacht, síleann na hiniúchóirí go mbeadh sé inmholta anailís a dhéanamh ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le síneadh féideartha chun a fháil amach an luíonn sé níos mó le réasún raon feidhme an Rialacháin maidir le Geobhlocáil a leathnú nó an mbeadh sé níos fearr rialacháin earnáilsonracha ábhartha eile a leasú.
Glacadh an Rialachán maidir le Geobhlocáil in 2018 chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna maidir le hidirdhealú in aghaidh custaiméirí san Aontas bunaithe ar a náisiúntacht agus ar a n-áit chónaithe nó bhunaíochta. Is ar na Ballstáit a thiteann an cúram ó thaobh rialacha an Aontais a chur i bhfeidhm, agus déanann siad é sin trí chomhlachtaí ainmnithe a bhíonn ag cabhrú freisin le tomhaltóirí i ndíospóidí le trádálaithe.