Is cúis mhór imní i sochaithe eagraithe í an bhréagaisnéis. Gan na toghcháin Eorpacha ach cúpla lá uainn, is maith is eol do na hinstitiúidí Eorpacha cad iad na rioscaí agus bagairtí a ghabhann leis an mbréagaisnéis. Ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, d’fhoilsíomar tuarascáil roimhe seo a bhí ag déileáil leis an mbréagaisnéis a dhéanann difear don Aontas Eorpach agus thuairiscíomar freisin ar an gcibearshlándáil in institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais. Inár dtuarascáil speisialta ar bhréagaisnéis in 2021, fuaireamar go rabhthas ag dul i ngleic léi ach nach raibh an lámh in uachtar faighte uirthi. Mhol ár gcuid iniúchóirí gur cheart dlús a chur le freagairt an Aontais sa réimse seo agus gur chóir feabhas a chur ar an gcomhordú. Ba é an rud is mó a tháinig chun solais inár dtuarascáil iniúchóireachta ar an gcibearshlándáil in 2022 ná gur chóir do chomhlachtaí an Aontais a bheith níos ullmhaithe i réimse na cibearshlándála. Tá an dá thuarascáil sin chomh hábhartha céanna inniu agus a bhí siad ag an am.

Fágann na meáin shóisialta agus na nuatheicneolaíochtaí go bhfuil méadú tagtha ar an scála agus luas lenar féidir le faisnéis bhréagach nó mhíthreorach teacht chomh fada le daoine, bíodh sé sin ag tarlú d’aon ghnó nó ar chúis éigin eile. Mar a dúramar inár dtuarascáil speisialta ar bhréagaisnéis in 2021: ‘Is bagairt thromchúiseach don Aontas Eorpach féin atá in aon iarracht mhailíseach agus d’aon ghnó ar an mbonn a bhaint ó aigne an phobail, nó in aon iarracht ar aigne an phobail a ionramháil.’ Is dúshlán mór atá sa chomhrac in aghaidh na bréagaisnéise, áfach, mar nach bhféadfaidh an tAontas Eorpach a bheith ag sárú a chuid luachanna bunúsacha féin – mar shampla, an tsaoirse tuairimíochta agus cainte. Dhírigh an tuarascáil speisialta isteach ar phlean gníomhaíochta an Aontais chun an bhréagaisnéis a chomhrac, ar plean é sin a eisíodh in 2018. Tháinig ár n-iniúchóirí ar an gconclúid gur tháinig forbairtí dearfacha as an bplean gníomhaíochta, ach nár chomhlíon sé a chuid gealltanas go léir. D’eisíomar sé mholadh shoiléire a bhí dírithe chuig an gCoimisiún Eorpach agus chuig an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí – agus d’iarramar orthu gníomhú dá réir.

Tá comhlachtaí an Aontais idirnasctha go mór le chéile, agus is féidir le laige i gcomhlacht amháin cibearbhagairtí a nochtadh do chomhlachtaí eile. Díreach dhá bhliain ó shin, chuir ár gcuid iniúchóirí béim ar an bhfíoras go raibh méadú mór ag teacht ar an líon cibirionsaithe ar chomhlachtaí an Aontais agus nach raibh an leibhéal (athraitheach) de chibearullmhacht i gcomhlachtaí an Aontais ag freagairt don bhagairt mhéadaitheach a bhí ann. Tá sé seo tábhachtach mar gur spriocanna tarraingteacha iad institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais d’ionsaitheoirí ionchasacha, go háirithe grúpaí atá in ann ionsaithe rúnda an-sofaisticiúla a dhéanamh sa chibirspiaireacht agus ar chúiseanna bithiúnta eile. D’fhéadfadh impleachtaí polaitiúla suntasacha a bheith ag cibirionsaithe den sórt sin agus d’fhéadfaidís dochar a dhéanamh do cháil fhoriomlán an Aontais Eorpaigh agus an bonn a bhaint ón muinín as a chuid institiúidí. Chuir ár n-iniúchóirí béim, dá bhrí sin, ar an méid seo a leanas: caithfidh an tAontas dlús a chur lena iarrachtaí i gcosaint a thabhairt dá chuid eagraíochtaí féin. Chomh maith leis sin, d’eisigh siad trí phríomh-mholadh.

In 2023, d’eisigh an Chúirt Iniúchóirí tuairim i dtaca le bearta a bhí le tabhairt isteach chun dlúthpháirtíocht agus acmhainneachtaí a neartú san Aontas chun bagairtí cibearshlándála agus teagmhais chibearshlándála a bhrath, agus chun ullmhú agus freagairt dóibh. Bhí ár gcuid iniúchóirí sásta le cuspóirí an togra go ndéanfaí cibear-athléimneacht chomhchoiteann an Aontais a neartú. Mar sin féin, tharraing siad aird ar roinnt rioscaí – mar shampla, go bhféadfadh feidhmiú na Cibirscéithe Eorpaí agus a hinbhuanaitheacht teacht chun bheith spleách ar mhaoiniú ón Aontas; go bhféadfadh bac a bheith ar a feidhmiú mar gheall ar easpa chomhroinnt faisnéise; agus go bhféadfadh mór-réimse cibearshlándála an Aontais éirí níos casta mar thoradh ar bhearta a thabharfaí isteach leis an togra. Ag éirí as an togra ón gCoimisiún Eorpach, agus mar thoradh ar chaibidlíochtaí idir Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh, tá pacáiste um chibear-dhlúthpháirtíocht ag na céimeanna deiridh den phróiseas reachtaíochta.

Cuidíonn na tuarascálacha thuasluaite le feasacht a mhúscailt faoi na rioscaí agus na bagairtí a ghabhann leis an mbréagaisnéis. Idir seo agus na toghcháin Eorpacha, a bheidh ar siúl idir an 6 agus 9 Meitheamh 2024, molaimid freisin go mbreathnódh daoine ar an bhfeachtas atá seolta ag an gCoimisiún Eorpach agus ag Grúpa na Rialálaithe Eorpacha um Sheirbhísí Meán Closamhairc chun feasacht i dtaobh rioscaí na bréagaisnéise a mhúscailt. Mar chuid den fheachtas sin, tá fáil ar fhíseán chomh maith le comhairle phraiticiúil faoin gcaoi le bréagaisnéis a aithint.

Bréagaisnéis agus cibearshlándáil sa tréimhse roimh na toghcháin Eorpacha