Foilsíonn Cúirt Iniúchóirí na hEorpa torthaí a cuid oibre iniúchóireachta i dtuarascálacha den uile chineál – tuarascálacha bliantúla, tuarascálacha bliantúla sonracha agus tuarascálacha speisialta – ag brath ar an gcineál iniúchóireachta. Ar na hábhair eile a fhoilsítear, áirítear tuairimí agus foilseacháin bunaithe ar athbhreithnithe.
Bíonn torthaí ó obair iniúchóireachta airgeadais agus chomhlíontachta ar bhuiséad an Aontais Eorpaigh agus ar Chistí Eorpacha Forbraíochta le fáil i
dtuarascálacha bliantúla. Is éard atá iontu ná na ráitis bhliantúla urrúis, agus cumhdaíonn siad freisin gnéithe maidir le bainistiú buiséadach agus feidhmíocht.
Sna
tuarascálacha bliantúla sonracha, cuirtear i láthair na torthaí ó na hiniúchtaí airgeadais bliantúla ar ghníomhaireachtaí AE, ar chomhlachtaí díláraithe agus ar ghnóthais chomhpháirteacha.
I
dtuarascálacha speisialta, tugtar na torthaí ó rogha iniúchóireachtaí feidhmíochta agus comhlíontachtai sainréimsí an chaiteachais nó an bheartais, nó maidir le saincheisteanna buiséadacha nó bainistíochta.
Is ar an eolas agus ar an taithí atá againn a bhunaítear
athbhreithnithe. Cumhdaíonn siad ábhair bheartais agus bhainistíochta a bhaineann leis an Aontas Eorpach, agus bíonn cuspóirí éagsúla leo. Is féidir tuairisc agus anailís a chur ar fáil iontu atá bunaithe ar na hiniúchtaí atá foilsithe againn, agus bíonn dearcadh trasearnálach iontu go minic. Bainimid úsáid astu freisin chun ár n-anailís ar réimsí nó ar shaincheisteanna nach bhfuil iniúchadh déanta orthu fós a chur i láthair, nó chun fíorais a bhaineann le hábhair nó le fadhbanna sonracha a shuíomh. Go dtí Meán Fómhair 2019, thugtaí ainmneacha éagsúla ar ár bhfoilseacháin athbhreithnithe, mar shampla athbhreithnithe lánléargais, páipéir faisnéisithe agus mear-athbhreithnithe cásanna. Tugtar ‘Athbhreithnithe’ ar na foilseacháin uile sin anois, ach is féidir na teidil a bhí orthu roimhe seo a chuardach.
Tugann
tuairimí ár mbarúlacha ar dhlíthe nua nó ar dhlíthe nuashonraithe a bhfuil tionchar nach beag orthu ar bhainistíocht airgeadais AE.
Foilsítear gach tuarascáil, gach tuairim agus gach athbhreithniú, i ngach teanga oifigiúil de chuid AE, ar shuíomh gréasáin Chúirt Iniúchóirí na hEorpa.