Fógra dlíthiúil tábhachtach
Tá an fhaisnéis ar an suíomh seo faoi réir ag séanadh agus ag cóipcheart. Tá córas cosanta i bhfeidhm maidir leis na sonraí pearsanta.
Séanadh
Ní ghlacann Cúirt na nIniúchóirí le freagracht ná dliteanas ar bith as aon ábhar dá bhfuil ar an suíomh seo, ábhar a chuirtear ar fáil ar mhaithe le faisnéis amháin. Go háirithe:
ní haon chomhairle ghairmiúil ná dlíthiúil an fhaisnéis atá ar an suíomh seo;
cé go ndéanann Cúirt na nIniúchóirí gach iarracht lena chinntiú go bhfuil an fhaisnéis a fhoilsítear ar an suíomh seo beacht agus sa riocht is déanaí, ní féidir léi dul i mbannaí go bhfuil. Má chuirtear dearmaid ar ár súile dúinn, déanfaimid iarracht iad a cheartú;
ní ghlacann Cúirt na nIniúchóirí le freagracht as úsáid na sonraí nó na faisnéise atá le fáil ar an suíomh gréasáin seo. Mar sin moltar do na húsáideoirí faichill mar ba cheart sula n-úsáideann siad sonraí den sórt, mar is ar a bpriacal féin a dhéanfaidh siad é;
d'fhéadfadh sé go mbeadh naisc idir an fhaisnéis atá ar fáil ar an suíomh seo agus suímh sheachtracha nach bhfuil smacht ar bith ag seirbhísí Chúirt na nIniúchóirí orthu agus nach nglacann Cúirt na nIniúchóirí le freagracht ar bith astu.
Fógra cóipchirt
© An tAontas Eorpach, 1995-2023.
Cuirtear beartas athúsáide Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (ECA) chun feidhme leis an
gCinneadh ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa Uimh. 6-2019 maidir leis an mbeartas sonraí oscailte agus athúsáid doiciméad.
Mura dtugtar a mhalairt le fios (e.g. i bhfógraí cóipchirt aonair), tá inneachar ECA atá faoi úinéireacht AE ceadúnaithe faoin gceadúnas
Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
. Ciallaíonn sé sin go gceadaítear athúsáid, ar choinníoll go dtugtar creidmheas iomchuí agus go léirítear athruithe. Tá cosc ar an athúsáideoir brí nó teachtaireacht bhunaidh na ndoiciméad a shaobhadh. Ní bheidh an ECA faoi dhliteanas i ndáil le haon iarmhairtí a bhaineann le hathúsáid.
Ní mór duit cearta breise a imréiteach má tharlaíonn go léirítear in inneachar sonrach daoine príobháideacha aonair, amhail ar phictiúir d’fhoireann ECA nó má tá saothair tríú páirtí san áireamh ann. I gcás ina bhfaightear cead, cealóidh an cead sin an cead ginearálta thuasluaite agus léireoidh sé go soiléir aon srianta ar úsáid.
Chun inneachar nach bhfuil faoi úinéireacht AE a úsáid nó a atáirgeadh, b’fhéidir go mbeadh ort cead a lorg go díreach ó shealbhóirí an chóipchirt. Eisiatar ó bheartas athúsáide Chúirt Iniúchóirí na hEorpa bogearraí nó doiciméid atá cumhdaithe ag cearta maoine tionsclaíochta, amhail paitinní, trádmharcanna, dearaí cláraithe, lógónna agus ainmneacha, agus níl siad ceadúnaithe duitse.
Tá naisc ar fáil chuig láithreáin tríú páirtí i dteaghlach Láithreán Gréasáin institiúideach an Aontais Eorpaigh, laistigh den fhearann europa.eu. Ós rud é nach bhfuil smacht ag an ECA orthu siúd, moltar duit breathnú ar a mbeartais phríobháideachais agus cóipchirt.
Úsáid lógó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa
Tá cosc ar lógó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa a úsáid gan cead a fháil roimh ré ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa.