16/01/2023
Tugann an t-athbhreithniú seo aghaidh ar
ghníomhaíochtaí an Aontais maidir le dul i ngleic le
dramhaíl ghuaiseach. Is féidir le dramhaíl
ghuaiseach dochar a dhéanamh do shláinte an
duine agus don chomhshaol. Dhírigh tionscnaimh
an Aontais ar a cosc, ach tá dramhaíl ghuaiseach ag
méadú ó 2004. Cuirtear bac ar an gcóireáil
shábháilte mar gheall ar dheacrachtaí, e.g.
dramhaíl ghuaiseach a rianú go hiontaofa. Déantar
níos mó ná 50 % de dhramhaíl ghuaiseach an
Aontais a dhiúscairt fós. Cuirtear srian ar
athchúrsáil trí dheacrachtaí teicniúla agus easpa
deiseanna margaidh don aschur athchúrsáilte.
Thairis sin, is gnó brabúsach fós í an gháinneáil
neamhdhleathach. Beidh dúshláin ann amach
anseo i ndáil le déileáil leis an méadú atá ag teacht
ar mhéid na dramhaíola guaisí, feabhas a chur ar a
haicmiú, inrianaitheacht a áirithiú ó ghiniúint go
cóireáil deiridh, a diúscairt a theorannú trí níos mó
athchúrsála, agus aghaidh a thabhairt ar an
ngáinneáil neamhdhleathach a dhéantar uirthi.
Athbhreithniú 02/2023: Gníomhaíochtaí an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar an méadú atá ag teacht ar dhramhaíl ghuaiseach
8 MB