15/02/2023
In 2007, lainseáil an tAontas Eorpach tionscnamh dar teideal an Comhaontas Domhanda um an Athrú Aeráide chun cabhrú leis na tíortha bochta i mbéal forbartha is soghonta don athrú aeráide a n-acmhainneacht chun oiriúnú d’éifeachtaí an athraithe aeráide a mhéadú. Rinne ár n-iniúchadh measúnú féachaint ar éirigh leis na gníomhartha na torthaí a beartaíodh dóibh a bhaint amach go héifeachtúil agus ar éirigh leis an gCoimisiún an breisluach ba mhó ab fhéidir a ghnóthú as an tionscnamh. Fuaireamar, tríd is tríd, gur sheachaid na gníomhaíochtaí a tugadh i gcrích a gcuid aschur, ach go raibh deis ann le costais a laghdú agus lena léiriú cén tionchar a bhí ag an tionscnamh. Molaimid go ndíreodh an Coimisiún isteach orthu siúd is mó a ndéanann an t-athrú aeráide difear dóibh agus go ndéanfadh sé na ceachtanna a fhoghlaimíodh a ionchorprú i dtionscnaimh forbartha domhanda amach anseo.
Tuarascáil Speisialta ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa de bhun Airteagal 287(4), an dara fomhír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
Tuarascáil speisialta 04/2023: An Comhaontas Domhanda um an Athrú Aeráide (+) – Níor baineadh amach an méid a beartaíodh
4 MB