01/03/2023
Tá athrú tagtha ar mhór-réimse airgeadais an Aontais le blianta fada anuas. Is é buiséad AE atá i gcroílár an mhór-réimse, lena n-áirítear roinnt ionstraimí. Clúdaíonn an mór-réimse sin ionstraimí lasmuigh den bhuiséad freisin, a bhfuil méadú tagtha orthu le blianta beaga anuas. Tugann ár n-iniúchadh léargas ar an dearadh agus na socruithe atá anois ann, agus sainaithnítear ann an scóip a d’fhéadfadh a bheith ann chun an mór-réimse airgeadais a shimpliú agus a shruthlíniú. Is é ár gconclúid, fiú má bhí cúiseanna ann chun ionstraimí a chruthú lasmuigh den bhuiséad, go bhfuil struchtúr manglaim ann, nach bhfuil iomlán cuntasach go poiblí, mar thoradh ar an gcur chuige ilroinnte maidir le mór-réimse airgeadais an Aontais a chur ar bun. Is é is aidhm lenár moltaí réamh-mheasúnuithe leormhaith ar ionstraimí nua atá beartaithe a áirithiú, mór-réimse airgeadais an Aontais a chomhdhlúthú tuilleadh agus cuntasacht a fheabhsú.
Tuarascáil Speisialta ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa de bhun Airteagal 287(4), an dara fomhír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
Tuarascáil speisialta 05/2023: Mór-réimse airgeadais an Aontais – Struchtúr manglaim a bhfuil tuilleadh simplithe agus cuntasachta ag teastáil ina leith
3 MB