Cuirfidh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) ríomhairí deisce, ríomhairí
glúine, scáileáin, printéirí agus fearas eile TF nach bhfuil á
n-úsáid ag an gCúirt níos mó ar fáil d'eagraíochtaí
neamhbhrabúsacha, d'ionaid áitiúla phobail nó do scoileanna atá
cláraithe go hoifigiúil i dtír de chuid an Aontais Eorpaigh.
Iarrann CIE ar pháirtithe leasmhara a n iarratas ar an méid thuasluaite a
dhéanamh, i gcomhréir leis na rialacha lena rialaítear na tabhartais a
leagtar amach sa chuireadh seo.
Tabharfar an fearas díchoimisiúnaithe TF de lánrogha CIE agus cinnfear na
tabhartais ar bhonn gach cáis ar leith. Bainfear na sonraí agus an bogearra
uile de gach ríomhaire glúine agus ríomhaire deisce sula ndéanfar iad a
dheonú, mar gheall ar shaincheisteanna rúndachta agus ceadúnaithe.
Conas iarratas a dhéanamh?
- Ní mór na hiarratais a chomhlánú agus leas á bhaint as an bhfoirm
iarratais ar líne (féach na naisc thíos). Tabhair do d'aire le do
thoil gur cheart an fhoirm iarratais chomhlánaithe, in éineacht le litir
inspreagtha ar a mbeidh ceann litreach na heagraíochta a bhfuil iarratas
á dhéanamh aici ar an bhfearas díchoimisiúnaithe TF, a sheoladh chuig
Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, 12, rue Alcide De Gasperi – L-1615
Lucsamburg - LUCSAMBURG, tríd an bpost.
- Tabhair do d'aire, le do thoil, nach nglacfar ach le foirmeacha
iarratais agus le litreacha inspreagtha a chuirtear isteach i mBéarla nó
i bhFraincis. Ní mór míniú cuimsitheach ar chuspóir an iarratais a
bheith sa litir inspreagtha.
- Caithfidh na hiarratais a bheith sínithe.
Critéir incháilitheachta
- Lena bheith incháilithe, ní mór d'iarratasóirí a bheith ina
n-eagraíocht neamhbhrabúsach a fheidhmíonn i réimse sóisialta nó
oideachasúil, ina n-ionad pobail áitiúil, nó ina mbunaíocht oideachasúil
phoiblí nó ina mbunaíocht oideachasúil phríobháideach neamhbhrabúsach
amhail scoil. Níl páirtithe polaitiúla incháilithe le deontas a fháil.
- Ní ghlacfar le hiarratais a dhéantar in ainm daoine aonair. Beidh
lánrogha ag an gCúirt lena mheas an bhfuil na ceanglais incháilitheachta
sin á gcomhlíonadh ag iarratasóirí agus féadfaidh sí iarratais a
dhiúltú.
- Caithfidh ceadúnas a bheith ag na scoileanna ó na húdaráis inniúla
áitiúla. Dá réir sin, caithfidh fianaise a bheith san iarratas gur
scoileanna ceadúnaithe atá i gceist (mar shampla clárú san Aireacht
Oideachais, Iris Oifigiúil an Rialtais etc.). Caithfidh eagraíochtaí
neamhbhrabúsacha fianaise a chur ar fáil go bhfuil siad cláraithe i
mBallstát de chuid an Aontais Eorpaigh (e.g. stádas dlí, a chlárú ASBL
etc.).
Déileálfar le hiarratais incháilithe ar bhonn tús freastail ar an gceann is
túisce. Sa chás nach mbeidh aon fhearas ar fáil, cuirfear in iúl don scoil
nó don institiúid i scríbhinn go ndéanfar an t-iarratas a phróiseáil nuair a
bheidh fearas TF ar fáil.
Na hiarratasóirí a n-éireoidh leo
Beidh na hiarratasóirí a n-éireoidh leo iomlán freagrach as na costais a
bhaineann leis an bhfearas a aistriú ó shaoráidí CIE in Kirchberg,
Lucsamburg go dtí an ceann scríbe deiridh agus as an aistriú sin a eagrú, nó
as an bhfearas a bhailiú ó shaoráid CIE in Kirchberg, laistigh de 2 mhí ón
dáta a bhfaighidh siad an litir dheimhniúcháin ón gCúirt. Níl na hacmhainní
ag CIE leis an bhfearas TF a ullmhú agus a sheoladh.
I gcás ina mbeidh an fearas á bhailiú ag tríú páirtí, ba cheart don
iarratasóir ainm agus sonraí an duine/na ndaoine sin a chur in iúl do CIE,
agus an dáta agus an t-am a mbaileofar an fearas á sonrú aige. Ní thabharfar
aon fhearas amach go dtí go ndéanfar na doiciméid a shíniú agus a fhíorú.
Iarrfar ar iarrthóirí a n-éireoidh leo litir a shíniú leis nuair a
fhaighfear an trealamh ina ngeallfar, i measc rudaí eile, go ndéanfaidh na
hiarratasóirí an méid seo a leanas:
- glacadh le ceart CIE chun cuairt a thabhairt ar an tionscadal ar
deonaíodh trealamh TF ina leith;
- glacadh leis an gceart atá ag CIE sonraí an tabhartais, mar aon le hainm
an té a gheobhaidh é agus an áit ina bhfuil sé, a fhoilsiú ar a
láithreán gréasáin;
- glacadh leis nach gcuirfidh CIE aon chineál tacaíochta nó ráthaíochtaí
ar fáil maidir leis an bhfearas a dheonófar;
- aontú go n-íocfaidh siad as cánacha nó dleachtanna ar bith a bheidh
iníoctha mar gheall ar fhearas TF a thabhairt isteach sa tír chinn
scríbe;
- na socruithe loingseoireachta a dhéanamh iad féin agus na costais
iompair go léir ó Lucsamburg chuig an gceann scríbe deiridh den trealamh
a íoc; agus
- áirithiú go ndéanfar an trealamh a dhiúscairt i ndeireadh a shaolré ar
bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol.
Naisc ghaolmhara