Cuireadh CIE ar bun chun iniúchóireacht a dhéanamh maidir le cúrsaí airgeadais an AE. Is é pointe tosaigh na hoibre sin buiséad agus polasaithe an AE, go háirithe sna réimsí sin a bhaineann le forás agus poist, le breisluach, le cúrsaí airgeadais poiblí, le cúrsaí comhshaoil agus le beartaíocht i ndáil leis an aeráid. Déanann CIE iniúchóireacht ar an mbuiséad ó thaobh an teacht isteach agus an chaiteachais araon.
Feabhas ó thaobh cuntasacht phoiblí san AE
Baineann an Coimisiún Eorpach, Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus na Ballstáit tairbhe as toradh shaothar CIE i ndáil leis an maoirseacht ar chúrsaí bainistíochta i ndáil le buiséad an AE agus, nuair is gá, chun bearta barr feabhais a thabhairt i gcrích. Bíonn saothar CIE ina bhonn tábhachtach faoin urscaoileadh bliantúil, próiseas trína socraíonn an Pharlaimint, ar bhonn comhairle ón gComhairle, má rinne an Coimisiún buiséad na bliana roimhe sin a chur i bhfeidhm go sásúil.
Tuarascálacha do lucht ceaptha beartais an AE agus don saoránach
Cuireann tuarascálacha agus tuairimí CIE luach breise leis an mbainistíocht airgeadais san AE trí chur leis an bhforbairt san Aontas agus a thabhairt níos cóngaraí do shaoránaigh na hEorpa. Bíonn d'aidhm ag CIE tuarascálacha iniúchóireachta a chur ar fáil atá ar ardchaighdeán, soiléir, tráthúil agus ag baint le hábhar, iad bunaithe ar chritéir iontaofa agus ar fhianaise dáiríre, agus iad dírithe ar an ábhar buartha a bheadh ag na páirtithe leasmhara go léir ionas go meastar dá réir sin gur tábhachtach agus gur údarásach na cáipéisí iad. Áirítear ar fhoilseacháin CIE tuarascálacha bliantúla, tuarascálacha bliantúla faoi réimsí ar leith, tuarascálacha speisialta, tuairimí agus páipéir seasaimh.
Comhoibriú dlúth le hUasfhorais Iniúchóireachta eile
Is i gcomhar leis na Ballstáit a dhéantar isteach is amach le 80% den bhainistíocht i ndáil le buiséad an AE. Cuidíonn na Ballstáit leis an gCoimisiún maidir le córais rialála maoirseachta agus inmheánacha a chur ar bun ionas go gcinntítear gur mar is ceart agus de réir na rialacha a chaitear cistí an AE. Ar an gcaoi sin, tá gné náisiúnta leis an rialáil chomh maith le taobh an AE. Chomh maith le hobair CIE, is iomaí Uasfhoras Iniúchóireachta de chuid na mBallstát a dhéanann iniúchóireacht maidir le cistí Eorpacha a thagann faoi bhainistíocht na gcóras rialtais náisiúnta agus a chaitear faoina smacht sin.
Caighdeáin a leagan síos maidir le hiniúchóireacht ar chistí poiblí
Tá CIE dúthrachtach maidir le ceannródaíocht a dhéanamh agus bheith chun tosaigh san fhorbairt maidir le cúrsaí bainistíochta agus iniúchóireachta i ndáil le hairgead poiblí. Bíonn ról tábhachtach ag an gCúirt i gcaighdeáin idirnáisiúnta a thabhairt chun cinn agus a chur i bhfeidhm (e.g. ag Eagraíocht Idirnáisiúnta Uasfhorais Iniúchóireachta).
Toradh an tsaothair
Is ábhar dóchais do CIE an toradh a bhí ar an saothar le blianta anuas. Measann saineolaithe seachtracha go bhfuil tuarascálacha CIE ar chaighdeán ard agus measann na príomhgheallsealbhóirí institiúide go mbíonn tairbhe astu. Bíonn glacadh go leanúnach seasta le mórchuid mhór mholtaí CIE ag an gCoimisiún agus tá le sonrú go soiléir ar na tuarascálacha iar-iniúchta go mbíonn dea-thoradh orthu.
Dúshlán na linne atá romhainn
Tá CIE ag tnúth leis an dúshlán a bhainfidh i rith na mblianta seo chugainn le cuidiú feabhas a chur ar chúrsaí cuntasachta san AE ar mhaithe leis an saoránach ionas go dtugtar i gcrích na cuspóirí atá leis na cistí poiblí.
Calaois a chomhrac agus a thuairisciú
Mar iniúchóir seachtrach don Aontas Eorpach (AE), níl aon sainordú ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa chun imscrúdú a dhéanamh ar chásanna calaoise amhrasta in aghaidh leasanna airgeadais AE. Mar sin féin, rannchuidíonn sí go gníomhach le calaois in aghaidh bhuiséad AE a chomhrac trí aon chalaois amhrasta, aon éilliú amhrasta nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach amhrasta eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais AE a thuairisciú don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF). Is féidir le Cúirt Iniúchóirí na hEorpa cásanna calaoise féideartha a shainaithint le linn di a cuid oibre a dhéanamh, nó is féidir léi tuairiscí ar chásanna den sórt sin a fháil ó thríú páirtithe. Tá OLAF freagrach as troid AE in aghaidh na calaoise agus as leasanna airgeadais AE a chosaint. Más mian leat cás calaoise féideartha in aghaidh leasanna airgeadais AE a thuairisciú, cliceáil
anseo. Is í
OIPE an oifig ionchúisimh phoiblí, atá neamhspleách agus nua, don Aontas Eorpach. Tá sé freagrach as coireanna a bhfuil tionchar acu ar leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú, a ionchúiseamh agus a thabhairt chun breithiúnais. Tá
socrú oibre sínithe ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa agus OIPE, agus tháinig sé i bhfeidhm an 3 Meán Fómhair 2021. Leagtar amach creat struchtúrtha ann chun caidreamh comhoibritheach a bhunú agus a chothabháil idir an dá pháirtí, d'fhonn buiséad an Aontais a chosaint, agus urraim iomlán á tabhairt do shainorduithe na Cúirte agus OIPE.
Naisc ghaolmhara