Is trína bhuiséad a mhaoiníonn an tAontas Eorpach a chuid beartas. Is ar bhuiséad an Aontais agus ar na beartais a dtacaíonn sé leo is mó a dhíríonn Cúirt Iniúchóirí na hEorpa ina cuid oibre iniúchóireachta.
Is é is aidhm don Aontas fás agus rath eacnamaíoch a chothú, a bhuí lena bhuiséad, agus oidhreacht shóisialta, chultúrtha agus nádúrtha na hEorpa a chaomhnú ag an am céanna. Tacaíonn an tAontas le tíortha i mbéal forbartha, freisin.
Is ionann caiteachas bliantúil an Aontais agus timpeall 1% de rachmas eacnamaíoch an Aontais (OIN). Lena ais sin, is ionann an caiteachas poiblí sna hocht mBallstát is fiche san Aontas agus idir 40 agus 60% den ollioncam náisiúnta.
Cad air a gcaitear an t-airgead?
Sainítear uasteorainneacha caiteachais an Aontais le haghaidh réimsí leathana beartais i bpleananna seacht mbliana dá ngairtear creataí airgeadais ilbhliantúla (CAI). Déanann Ballstáit an Aontais le toiliú ó Pharlaimint na hEorpa an creat airgeadais ilbhliantúil a chinneadh d'aon toil. Déantar caiteachas de réir na gceannteideal seo a leanas:
1. Fás Cliste agus Cuimsitheach |
1a: Iomaíochas le haghaidh fáis agus post |
1b: Comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach |
2. Fás Inbhuanaithe: Acmhainní Nádúrtha |
3. Cúrsaí slándála agus saoránachta |
4. An Eoraip Dhomhanda |
5. Cúrsaí Riaracháin |
Tuilleadh eolais faoi réimsí caiteachais bhuiséad an Aontais i roinn ar leith: Réimsí Caiteachais.
Don tréimhse 2014-2020, foráiltear sa chreat airgeadais ilbhliantúil d'íocaíochtaí ar fiú EUR 908 billiún iad, is é sin timpeall EUR 130 billiún in aghaidh na bliana (de réir phraghasanna 2011). Leagtar síos uasteorainn bhliantúil le haghaidh gach ceannteidil a shloinntear i leithreasaí gealltanais (gealltanais atá ceangailteach ó thaobh dlí chun airgead a chaitheamh nach gá a bheith íoctha amach sa bhliain chéanna ach a d'fhéadfadh a bheith eisíoctha thar roinnt blianta airgeadais). Thairis sin, is ann d'uasteorainneacha foriomlána bliantúla le haghaidh leithreasaí íocaíochta (an méid iomlán iarbhír a údaraítear lena eisíoc i mbliain ar leith).
Molann an Coimisiún buiséad bliantúil le haghaidh gach bliana agus de réir theorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil, ar buiséad é (a leasaíonn agus) a ghlacann Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh.
Is iad na réimsí caiteachais is mó i mbuiséad an Aontais caiteachas lena gcumhdaítear acmhainní daonna (40% d'íocaíochtaí buiséadaithe in 2015), comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach (36%) agus iomaíochas le haghaidh fáis (11%).
Cad as a dtagann an t-airgead?
Tá a chuid acmhainní féin ag an Aontas. Maoinítear é go príomha trí dhleachtanna custam a bhailítear ag teorainneacha trádála an bhloic agus trí cháiníocóirí an Aontais (trí ranníocaíochtaí na mBallstát a ríomhtar bunaithe ar an ollioncam náisiúnta coibhneasta agus ar ioncam náisiúnta cánach breisluacha).
Cé a bhainistíonn an t-airgead?
Tá an Coimisiún Eorpach freagrach as an mbuiséad bliantúil a chur chun feidhme. Bainistíonn lucht riaracháin na mBallstát formhór na gcistí eatarthu. Ullmhaíonn an Coimisiún cuntais bhliantúla ag deireadh gach bliana chun tuairisc a thabhairt ar chur chun feidhme an bhuiséid.
Cé a dhéanann maoirsiú ar bhainistiú an airgid?
Is é an Coimisiún atá freagrach do Pharlaimint na hEorpa, ionadaí shaoránaigh an Aontais, as na cistí a bhainistiú. Déanann Parlaimint na hEorpa grinnstaidéar ar an gcur chun feidhme bunaithe ar chuntais bhliantúla an Aontais agus deonaíonn sí urscaoileadh don Choimisiún. Is gné thábhachtach í Tuarascáil Bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí chun an t-urscaoileadh a dheonú - tugtar tuairim iniúchóireachta sa tuarascáil ar iontaofacht chuntais bhliantúla an Aontais agus ar dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bunús leo.
Cén t-airgead a ndéanann an Chúirt Iniúchóirí iniúchóireacht air?
Gach bliain, déanann an Chúirt Iniúchóirí iniúchóireacht ar ioncam agus ar chaiteachas bhuiséad an Aontais agus tugann sí tuairim i dtaobh a iontaofa agus atá na cuntais bhliantúla agus a mhéid a chomhlíontar na rialacha agus na rialacháin is infheidhme leis na hidirbhearta ioncaim agus caiteachais. Anuas air sin, déanann an Chúirt Iniúchóirí iniúchóireachtaí feidhmíochta ar réimsí buiséadacha sonracha nó ar thopaicí bainistíochta.
Naisc ghaolmhara