Tuigeann CIE, foras iniúchóireachta seachtrach an AE, an tábhacht atá le dea-chaidreamh oibre a choinneáil ar bun le heagraíochtaí den chineál céanna ar fud an domhain. Tugtar aird faoi leith ar chaidreamh den chineál sin a chothú san Eoraip, go mór mór trí oibriú i gcomhar le huasfhorais iniúchóireachta Bhallstáit an AE agus thíortha is iarrthóirí nó iarrthóirí ionchais i ndáil leis an AE.
Tá dlúthcheangal idir an comhoibriú sin agus an fhreagracht a leagtar ar CIE i ndáil le hiniúchóireacht maidir le cistí an AE, arb iad údaráis náisiúnta na mBallstát a dhéanann cuid mhór di. Cuireann Uasfhorais Iniúchóireachta sna Ballstáit cúnamh praiticiúil fiúntach ar fáil do CIE le linn na mbeart iniúchóireachta ar an láthair, agus cuidíonn siad lena chinntiú go gcuirtear obair CIE i gcrích le barr éifeachtachta agus éifeachtúlachta. Tarlaíonn uaireanta go ndéanann CIE iniúchóireacht i gcomhar nó iniúchóireacht chomhordaithe le hUasfhorais Iniúchóireachta eile.
Cuireann CIE caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glacadh go hidirnáisiúnta leo maidir le hiniúchóireacht i bhfeidhm agus tugann an comhoibriú idirnáisiúnta ina leith sin freisin deiseanna fiúntacha tuairimí a mhalartú agus lón taithí óna n-úsáid a chur in iúl.
Seo a leanas na bealaí is mó ina ndéanann CIE comhobriú le Uasfhorais Iniúchóireachta eile: