Is é misean Chúirt Iniúchóirí na hÉireann cion tairbhe a dhéanamh maidir le feabhas ar bhainistíocht airgeadais an AE, cuntasacht agus follasacht a chur chun tosaigh agus feidhmiú mar chaomhnóir neamhspleách maidir le leas airgeadais shaoránaigh an Aontais. Is é ról atá le CIE mar iniúchóir seachtrach ag an AE seiceáil go gcoinnítear cuntas mar is cóir maidir le cistí an AE, go ndéantar a dtiomsú agus a gcaitheamh de réir na rialacha agus na rialachán a bhaineann le hábhar agus go ngnóthaítear luach an airgid dá dtairbhe.
Misean
Iniúchóir seachtrach neamhspleách an AE
Déanann CIE, mar iniúchóir seachtrach neamhspleách ag an AE, cion tairbhe maidir le feabhas a chur ar bhainistíocht ar chúrsaí airgeadais an AE, cuntasacht agus follasacht a chur chun tosaigh, agus feidhmiú mar chaomhnóir neamhspleách ar leas airgeadais shaoránaigh an Aontais.
Seiceálann CIE an ndearnadh buiséad an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm mar is ceart, an ndearnadh cistí an AE a thiomsú agus a chaitheamh de réir an dlí agus de réir phrionsabail na bainistíochta stuama ar airgead. Agus deacrachtaí níos tromchúisí ná riamh á gcur roimh an Eoraip agus brú níos géire maidir le cúrsaí airgeadais poiblí, tá tábhacht níos mó ag teacht le ról CIE.
CIE – foras de chuid an AE
Is í CIE an foras de chuid an AE maidir le hiniúchóireacht a dhéanamh ar ghnóthaí airgeadais an AE. Cuireadh an Chúirt ar bun sa bhliain 1977 agus rinneadh foras iomlán de chuid an AE di sa bhliain 1993. Tá CIE lándíograiseach maidir le bheith ina eagraíocht éifeachtach atá chun tosaigh maidir le forbairtí nua maidir le hiniúchóireacht agus riarachán poiblí.
Ról
Iniúchóir seachtrach
Is den bhunriachtanas i bpobal daonlathach go mbíonn teacht go héasca ar eolas iomlán, cruinn, beacht faoi chur i bhfeidhm an bhuiséid agus an bheartais ionas gur féidir scrúdú éifeachtach a dhéanamh agus cinneadh a dhéanamh dá réir sin. Cuidíonn eolas den sórt sin le bainistíocht stuama ar chúrsaí airgeadais a chur chun cinn agus bíonn sé ina bhonn leis an gcuntasacht. Mar a chéile leis na Ballstáit féin, tá gá ag an AE le hiniúchóir seachtrach a fhéadann feidhmiú mar chaomhnóir neamhspleách i leith leasa airgeadais an tsaoránaigh.
“Fear faire” an AE maidir le cúrsaí airgeadais
Agus deacrachtaí níos mó ná riamh á gcur roimh an Eoraip agus brú níos treise ar ghnóthaí airgeadais poiblí, tá tábhacht níos géire ag teacht le ról Chúirt Iniúchóirí na hEorpa. Tugann CIE rabhadh maidir le hábhar baoil, tugtar urrús, agus tugtar treoir do lucht ceaptha beartais an AE maidir le bealaí ina gcuirfí feabhas ar an mbainistíocht i ndáil le cúrsaí airgeadais poiblí agus cinntítear go mbíonn saoránaigh na hEorpa ar an eolas faoin gcaoi a gcaitear a gcuid airgid. Is é sin bun agus barr chion tairbhe CIE i ndáil le bonn níos treise a chur faoi dhlisteanacht daonlathais agus inmharthanacht an Aontais Eorpaigh.
Naisc ghaolmhara