I dtuarascáil speisialta arna foilsiú inniu, iarann Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) go ndéanfaí soileirú ar na ranníocaíochtaí a rinneadh ó chistí AE i dtaca le héifeachtúlacht fuinnimh i ngnólachtaí. Is í conclúid na n-iniúchóirí nach bhfuil nasc leordhóthanach fós idir cistiú AE agus riachtanais ghnó. Is dócha nach mbainfear amach ach ionchur beag ar chuspóirí AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh ó na torthaí a bhfuiltear ag dréim leo, cé nach féidir na torthaí sin a ghabháil faoin gcreat faireacháin atá ann cheana. I measc nithe eile, tháinig na hiniúchóirí ar fhianaise a léiríonn go bhféadfadh sé gur éirigh le roinnt tionscadal gan tacaíocht phoiblí.
Tá éifeachtúlacht fuinnimh mar chuid thábhachtach d’uaillmhian an Aontais a bheith neodrach ó thaobh carbóin de faoi 2050. Ach tá gá fós le hiarrachtaí suntasacha, agus tá ról tábhachtach ag gnólachtaí. Dá réir sin, mar aon le bearta na mBállstát féin, chaith an tAontas méid suntasach cistiúcháin ar thacaíocht chun éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú i ngnólachtaí idir 2014 agus 2020.
Tugann na hiniúchóirí dá n-aire go bhfuil laghdú tagtha ar leibhéal na tacaíochta atá beartaithe ó bheartas comhtháthaithe AE le blianta beaga anuas, ó imchlúdach foriomlán socraithe ag EUR 3.2 billiún in 2016 go EUR 2.4 in 2020. Ina theannta sin, tá formhór an chaiteachais dírithe ar líon beag Ballstát. Is ar chúig Bhallstát amháin (Poblacht na Seice, an Pholainn, an Ghearmáin, an Iodáil agus an Bhulgáir) atá thart ar dhá thrian den chaiteachas atá leithdháilte maidir le héifeachtúlacht fuinnimh i ngnólachtaí dírithe.
“Improving the energy performance of businesses, whatever the sector they operate in, is crucial if the EU wants to achieve its goal of cutting emissions by at least 55% by 2030” [Tá sé ríthábhachtach go ndéanfar feidhmíocht fuinnimh do ghnólachtaí a fheabhsú, cibé earnáil ina n-oibríonn siad, má tá an tAontas lena sprioc a bhaint amach maidir le hastaíochtaí a laghdú 55 % ar a laghad], a dúirt Samo Jereb, an Comhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa atá freagrach as an tuarascáil. “So far, however, the real effect of EU funding on businesses’ energy efficiency remains unclear.” [Go dtí seo, áfach, tá fíoréifeacht chistiú AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh i ngnólachtaí doiléir fós.]