I dtuarascáil speisialta a foilsíodh inniu, iarann Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) go dtabharfaí spreagadh úr chun borradh a chur faoi leathadh 5G, an caighdeán domhanda nua do líonra gan sreang, san Aontas. Tá moilleanna ar Bhallstáit maidir lena líonraí 5G a chur chun feidhme, rud a chuireann cuspóirí an Aontais i gcontúirt i dtaca le rochtain agus clúdach. I gcomhthráth leis sin, tá gá le tuilleadh iarrachtaí chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna slándála maidir le himscaradh 5G ar bhealach comhsheasmach agus comhbheartaithe, a dúirt na hiniúchóirí.
Tá seirbhísí 5G ríthábhachtach do réimse leathan feidhmeanna chun leasa go leor earnálacha de gheilleagair an Aontais agus do shaol laethúil na saoránach. Meastar go bhféadadh sé go gcuirfidh 5G suas le EUR 1 trilliún le OTI an Aontais idir 2021 agus 2025, a d’fhéadfadh suas le 20 milliún post a chruthú nó a chlaochlú. Cé go gcuireann 5G deiseanna fáis ar fáil, tá rioscaí áirithe ag baint leis: méadaítear spleáchas agus na rioscaí a bhaineann le “gníomhaithe stáit naimhdeacha” mar gheall ar an méid teoranta díoltóirí ar féidir leo líonraí 5G a thógáil agus a oibriú.
Sa Phlean Gníomhaíochta ón gCoimisiún in 2016, socraíodh sprioc-am chun 5G a leathadh ar fud na limistéar uirbeach agus na mórbhealaí iompair uile. I mí an Mhárta na bliana seo chaite, shochraigh an Choimisiún sprioc eile chun clúdach 5G a bhaint amach ar fud an Aontais faoi 2030. Mar sin féin, tugann na hiniúchóirí faoi deara nár chuir ach leath de na Ballstáit na cuspóirí sin san áireamh ina straitéisí náisiúnta 5G. Thug an Coimisiún tacaíocht do na Ballstáit chun na spriocanna sin a bhaint amach trí thionscnaimh, treoir agus cistiúchán éagsúil. Ach níor shainigh sé go soiléir riamh an caighdeán lena bhfuiltear ag súil le seirbhísí 5G. Cuireann na hiniúchóirí i bhfios go láidir go bhféadfadh sé sin a bheith ina chúis le héagothromaíochtaí maidir le rochtain ar sheirbhísí 5G agus le caighdeán na seirbhísí sin ar fud an Aontais, rud a chuirfeadh tuilleadh leis an “deighilt dhigiteach”.
“Across the EU, up to €400 billion will be spent by 2025 on developing 5G networks to support the future economic growth and competitiveness. But with many Member States lagging behind, the EU is still far from reaping the benefits 5G offers” [Ar fud an Aontais, caithfear suas le EUR 400 billiún faoi 2025 ar líonraí 5G a fhorbairt chun tacú leis an bhfás eacnamaíoch agus leis an iomaíochas amach anseo. Ach, agus a lán Ballstát ag titim chun deiridh, tá an tAontas fós i bhfad ó leas a bhaint as buntáistí 5G] a dúirt Annemie Turtelboom, an comhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa atá freagrach as an tuarascáil. “Moreover, Member States’ approaches towards 5G security, and in particular the need for concerted action, remains an issue of strategic importance for the EU’s technological sovereignty and the single market.” [Ina theannta sin, is saincheist fós é cur chuige na mBallstát maidir le slándáil 5G, agus go háirithe an gá atá le gníomhaíocht chomhbheartaithe, agus tá tábhacht straitéiseach ag baint leis ó thaobh ceannasachta teicneolaíche agus an mhargaidh aonair de.]