Níl tairbhe bainte ag an gCoimisiún Eorpach as an bhféidearthacht a ghabhann le mórshonraí chun anailísíocht a dhéanamh ar Chomhbheartas Talmhaíochta (CBT) an Aontais ná chun CBT a dhearadh ina dhiaidh sin, a deir Cúirt Iniúchóirí na hEorpa i dtuarascáil a d’eisigh sí inniu. Cé go bhfuil lear mór sonraí ag an gCoimisiún atá ábhartha do dhearadh, faireachán agus meastóireacht CBT, ní dhéanann na huirlisí agus na sonraí atá aige faoi láthair faisnéis bhunriachtanach áirithe a chur ar fáil atá ag teastáil chun beartas a cheapadh ar bhonn dea-eolasach ar leibhéal an Aontais. Mar thoradh air sin, níl a dhóthain fianaise ag an gCoimisiún chun measúnú cuimsitheach a dhéanamh ar riachtanais CBT ná ar an tionchar atá aige.
Seasann CBT do níos mó ná an tríú cuid de bhuiséad an Aontais – €408 mbilliún idir 2014 agus 2020 – agus cuidíonn sé leis an gCoimisiún tacú le gníomhaíochtaí agus cuspóirí na mBallstát, ar minic iad fite fuaite ina chéile, lena ngabhann réimse ó tháirgeacht bia a choimeád ar bhonn slán agus an chosaint chomhshaoil a threisiú go dtí slite beatha na bhfeirmeoirí a chothabháil agus ceantair thuaithe a fhorbairt. Chun a dhéanamh amach an bhfuil a chuid ionstraimí beartais ag déileáil go héifeachtach leis na cuspóirí sin, teastaíonn sonraí ón gCoimisiún a thagann ó raon foinsí éagsúla ionas go bhféadfadh sé nasc cúisíoch a shuíomh idir beart atá in CBT agus na torthaí atá ag an mbeart sin.
“Is iad na sonraí dlúth agus inneach an cheaptha beartais ar bhonn fónta, agus tá mórshonraí ag teacht chun bheith ina gcaighdeán órga sa talmhaíocht,” arsa Joëlle Elvinger, an comhalta den Chúirt Iniúchóirí atá freagrach as an tuarascáil. “Ba cheart don Choimisiún Eorpach a chuid anailísíochta sonraí a fheabhsú agus níos mó a dhéanamh chun an fhéidearthacht atá ag mórshonraí chun anailísiú a dhéanamh ar CBT bunaithe ar fhianaise ginearálta a shaothrú.”