Déanann an Coimisiún Eorpach staidreamh Eorpach a sholáthar atá ar chaighdeán sách maith tríd is tríd agus atá cuí lena úsáid ag lucht déanta beartais, ag gnólachtaí agus ag an bpobal, de réir tuarascáil nua atá eisithe ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa. Cé go bhfuil pasmharc tugtha ag na hiniúchóirí don Choimisiún, tarraingíonn siad aird freisin ar roinnt laigí atá ann. Ba cheart go mbeadh staidreamh Eorpach níos fóintí do na húsáideoirí agus ba cheart é a shainoiriúnú níos fearr dá riachtanais. Ba cheart dul i gcomhairle go cuí leis na geallsealbhóirí (amhail an t-aos acadúil agus an pobal taighde) i dtaobh pleananna agus tosaíochtaí don staidreamh Eorpach. Agus tá bearnaí sonraí i réimsí staidrimh tábhachtacha, amhail an margadh saothair, gnó agus sláinte.
Ní féidir déanamh gan staidreamh oifigiúil nuair a bhíonn polaiteoirí agus ceannairí gnó i mbun cinnteoireachta atá bunaithe ar fhianaise, agus tá sé riachtanach freisin do thaighdeoirí, d’iriseoirí agus don phobal. San Aontas Eorpach, baintear úsáid as i mbailiú agus leithdháileadh cistí, agus freisin i ndearadh agus measúnú beartas i ngach uile réimse – lena n-áirítear fostaíocht, an comhshaol agus an geilleagar. Idir 2013 agus 2020, rinneadh beagnach leathbhilliún euro d’airgead na gcáiníocóirí a íoc as cistí an Aontais ar an bpróiseas a bhaineann le staidreamh Eorpach a tháirgeadh. Sheiceáil na hiniúchóirí an raibh bearta déanta ag an gCoimisiún chun ardleibhéal cáilíochta a chinntiú, agus rinneadar scrúdú cuimsitheach ar roinnt réimsí i.e. an margadh saothair, gnólachtaí agus sláinte.
“Ní dhéantar staidreamh a tháirgeadh díreach ar mhaithe lena tháirgeadh”, arsa Ildikó Gáll-Pelcz, an comhalta den Chúirt a stiúir an t-iniúchadh. “Is earra poiblí é, agus caitear smaoineamh ar na húsáideoirí agus iadsan a chur i lár an aonaigh nuair a bhíonn an staidreamh á ghiniúint. I ré na bréagaisnéise agus ag tráth a bhfuil géarchéimeanna ag teacht sna sála a chéile, tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh caighdeán ard ag roinnt le staidreamh oifigiúil Eorpach, go mbíonn sé ag fónamh do riachtanais na n-úsáideoirí agus go mbreathnaítear ar bhealaí nuálacha chun é a tháirgeadh.”