Beidh na blianta amach romhainn ríthábhachtach maidir leis an Saoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) – freagairt shuaitheanta an Aontais ar an bpaindéim – a chur chun feidhme, agus tá spéis láidir léirithe ag geallsealbhóirí cheana féin ina sásra cistiúcháin nua. Tá Cúirt Iniúchóirí na hEorpa ag ullmhú chun roinnt tuarascálacha a eisiúint ar an topaic sin. Tá anailís chomparáideach ar RRF agus ar chistiú bheartais comhtháthaithe an Aontais eisithe ag na hiniúchóirí inniu chun teacht ar réamhchonclúidí a chuirfear san áireamh nuair atá buiséad fadtéarmach an Aontais tar éis 2027 á ullmhú. San athbhreithniú, breathnaítear ar na cosúlachtaí agus ar na héagsúlachtaí idir an dá ionstraim ó thaobh na nithe seo a leanas: rialtacht agus bainistíocht; cláreagrú agus caiteachas; coinníollacha maidir le híocaíochtaí a dhéanamh; faireachán; agus an costas le haghaidh cur chun feidhme, rialaithe, agus iniúchóireachta.
Go hachomair, ciallaíonn an €724 bhilliún de chistí AE a cuireadh ar fáil trí RFF gur féidir le tíortha de chuid an Aontais i bhfad níos mó cistí AE a chaitheamh ar chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach idir 2021 agus 2027 ná roimhe sin. Leis sin, méadófar freisin an sciar de na hinfheistíochtaí poiblí atá á maoiniú ar fud an Aontais. Ós rud é go bhfuil RRF comhthráthach le cistiú comhtháthaithe, is féidir le tíortha den Aontas rogha a dhéanamh infheistíochtaí a mhaoiniú trí cheachtar de na hionstraimí sin. Tá sé ríthábhachtach, mar sin, a gcur chun feidhme a chomhordú, ós rud e nach mór do thíortha a áirithiú go gcomhlánaíonn an dá ionstraim a chéile, seachas dúbailt a dhéanamh ar a chéile. Cuirtear an dá ionstraim chun feidhme faoi chreat-socrúcháin, socrúcháin rialachais agus socruithe bainistíochta foriomlána éagsúla mar gheall go bhfuil cuspóirí éagsúla leo – rud a chiallaíonn go bhfuil freagrachtaí éagsúla ag comhlachtaí an Aontais agus ag na húdaráis náisiúnta do gach ionstraim. Cuirtear cistí ar fáil faoin dá ionstraim trí dheontais; le haghaidh RRF déantar cistí a eisíoc i bhfoirm iasachtaí inaisíoctha freisin. Cuirtear éagothromaíochtaí réigiúnacha san áireamh freisin maidir le tacaíocht comhtháthaithe a leithdháiltear ar na tíortha; ní amhlaidh an cás maidir le dáileadh chistí RRF. Tá éagsúlachtaí móra idir na hionstraimí ó thaobh a bpróisis formheasta agus measúnaithe: tá íocaíochtaí comhtháthaithe bunaithe ar chostais iarbhír, agus tá comhlíonadh garspriocanna agus spriocanna mar chuid de na coinníollacha chun íocaíochtaí RRF a dhéanamh, arb iad an bunús le rialáil agus iniúchóireacht freisin. Mar thoradh air sin, i gcás RRF, tá an Coimisiún níos spleáiche ar chórais náisiúnta chun a áirithiú go gcosnaítear leasa airgeadais an Aontais ar bhealach éifeachtach.