Tá Cúirt Iniúchóirí na hEorpa ag tosú ar mheasúnú a dhéanamh féachaint an raibh an Coimisiún Eorpach éifeachtach i ndáil le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint in aghaidh sáruithe ar an smacht reachta i mBallstáit. Déanfaidh na hiniúchóirí scrúdú ar na céimeanna atá glactha ag feidhmeannas an Aontais chun a áirithiú nach bhfaigheann tíortha cistí ón Aontas ach amháin nuair a n-urramaíonn siad an smacht reachta. Díreofar san iniúchadh ar bheartas comhtháthaithe an Aontais agus ar chistiú téarnaimh COVID-19.
“Is féidir impleachtaí móra airgeadais a bheith i gceist le sáruithe ar an smacht reachta, amhail mainneachtain imscrúdú cuí a dhéanamh ar éilliú nó ar easpa spleáchais bhreithiúnaigh laistigh den Aontas, agus d’fhéadfaí mí-úsáid airgead an Aontais sna Ballstáit a bheith mar thoradh air sin,” a dúirt Annemie Turtelboom, an Comhalta CIE a bheidh i gceannas ar an iniúchadh. “Cinnfidh ár n-iniúchadh an raibh an úsáid a bhain an Coimisiún as na huirlisí atá ar fáil dó chun buiséad an Aontais a chosaint in aghaidh sáruithe ar an smacht reachta éifeachtach, go háirithe i gcistiú comhtháthaithe agus téarnaimh.”