Seiceálann Cúirt Iniúchóirí na hEorpa an caiteachas ar bheartais agus ar chláir i ngach réimse de bhuiséad an Aontais Eorpaigh. Déanaimid iniúchóireacht ar na Cistí Eorpacha Forbraíochta, freisin, atá maoinithe go díreach ag na Ballstáit.
Caitear buiséad bliantúil an Aontais ar raon leathan réimsí. Déantar íocaíochtaí chun tacú le himeachtaí ilchineálacha, amhail an fheirmeoireacht agus forbairt limistéar tuaithe agus uirbeach, tionscadail maidir leis an mbonneagar iompair, taighde, oiliúint le haghaidh daoine gan phost, tacaíocht do thíortha ar mian leo teacht isteach san Aontas, nó cabhair do thíortha comharsanacha agus do thíortha atá i mbéal forbartha.
Trí na Cistí Eorpacha Forbraíochta, tugann an tAontas cúnamh le haghaidh comhar don fhorbairt do stáit san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC) agus do thíortha agus críocha thar lear (TCTL). Is é is aidhm d'ionstraimí caiteachais agus comhair an Chiste Eorpaigh Forbraíochta an bhochtaineacht a shárú agus forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn, agus féachtar leo tíortha san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin agus tíortha agus críocha thar lear a lánpháirtiú i ngeilleagar an domhain freisin.
Fás Cliste agus Cuimsitheach
• Iomaíochas le haghaidh fáis agus post
Is é is aidhm do chaiteachas sa réimse seo taighde agus nuáil a fheabhsú, cur le córais oideachais agus fostaíocht a chur chun cinn, margadh aonair digiteach a chinntiú, fuinneamh inathnuaite agus éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn, an earnáil iompair a nuachóiriú agus timpeallacht an ghnó a fheabhsú, le haghaidh fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), go háirithe.
Is i bhfoirm deontas chuig tairbhithe príobháideacha agus poiblí atá formhór an chaiteachais agus aisíocann an Coimisiún costais a dhearbhaíonn na tairbhithe i ráitis maidir le costas tionscadail.
• Comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach
Is é an beartas réigiúnach agus uirbeach atá taobh thiar de thart ar 80 % den iomlán sa réimse caiteachais seo agus is é Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) agus an Ciste Comhtháthaithe (CC) is mó a chuireann chun feidhme é. Is é is aidhm dó cuidiú leis na tíortha agus leis na réigiúin is lú forbairt san Aontas coinneáil leis na cinn eile, trí iomaíochas na réigiún ar fad a neartú agus trí chomhar idir-réigiúnach a fhorbairt. Úsáidtear na cistí chun na nithe seo a leanas a mhaoiniú – infheistíochtaí i mbonneagar, cruthú nó caomhnú post, tionscnaimh réigiúnacha le haghaidh forbairt eacnamaíoch agus imeachtaí a thacaíonn le fiontair bheaga agus mheánmhéide.
Cumhdaítear an 20% eile den réimse caiteachais seo leis an mbeartas fostaíochta agus gnóthaí sóisialta. Tá sé maoinithe ag Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE) den chuid is mó. Tá infheistíochtaí i gcaipiteal daonna trí oiliúint agus trí bhearta fostaíochta eile san áireamh sa chaiteachas.
Roinneann na Ballstáit an cúram maidir le caiteachas a bhainistiú agus is éard atá i gceist leis sin tionscadail a chómhaoiniú i gcláir fhormheasta caiteachais.
Fás Inbhuanaithe: Acmhainní Nádúrtha
Cumhdaítear an Comhbheartas Talmhaíochta (CBT), an Comhbheartas Iascaigh (CBI), forbairt tuaithe agus bearta comhshaoil sa réimse caiteachais seo.
Is é is aidhm don Chomhbheartas Talmhaíochta táirgiúlacht talmhaíochta a mhéadú, caighdeán cóir maireachtála a chinntiú don phobal talmhaíochta, margaí a chobhsú, deimhin a dhéanamh de go mbíonn fáil ar sholáthairtí agus a chinntiú go bhfaigheann na tomhaltóirí soláthairtí ar phraghasanna réasúnta. Cuirtear an Comhbheartas chun feidhme trí dhá chiste: an Ciste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) lena ndéantar cabhair dhíreach agus bearta margaidh an Aontais a mhaoiniú go hiomlán agus an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) lena ndéantar cláir maidir le forbairt tuaithe a chómhaoiniú i dteannta na mBallstát. Bainistíonn na Ballstáit caiteachas an Chomhbheartais Talmhaíochta eatarthu. Déantar caiteachas faoin dá chiste a dhíriú ar thart ar 80 gníomhaireacht íocaíochta atá freagrach as incháilitheacht iarratas ar chabhair a sheiceáil agus as íocaíochtaí a dhéanamh le tairbhithe.
Tá cuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh agus cuspóirí an Chomhbheartais Talmhaíochta cosúil lena chéile agus is é an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI) an phríomhuirlis maidir le cur chun feidhme. Is iad an Coimisiún agus na Ballstáit a bhainistíonn an ciste faoi bhainistíocht roinnte.
Is é is aidhm do bheartas an Aontais maidir leis an gcomhshaol cuidiú le cáilíocht an chomhshaoil, le saol na saoránach agus le húsáid réasúnta acmhainní nádúrtha a chosaint agus a fheabhsú. Déantar caiteachas sa réimse seo a bhainistiú go lárnach sa Choimisiún. Is é an clár don chomhshaol (LIFE) an clár is tábhachtaí. Cómhaoinítear, leis an gclár, tionscadail maidir leis an dúlra, leis an mbithéagsúlacht, le beartas agus rialachas comhshaoil, le cúrsaí faisnéise agus cumarsáide.
Cúrsaí slándála agus saoránachta
Áirítear an ceartas agus gnóthaí baile, cosaint teorainneacha, an beartas maidir le hinimirce agus tearmann, an tsláinte phoiblí, cosaint tomhaltóirí, cultúr, an óige, faisnéis agus idirphlé le saoránaigh ar na príomhchodanna den réimse caiteachas seo.
An Eoraip Dhomhanda
Cumhdaítear an caiteachas seo a leanas sa réimse caiteachais seo – caiteachas i réimsí an bheartais eachtraigh, tacaíocht do thíortha is iarrthóirí ar an Aontas agus do thíortha a d'fhéadfadh a bheith ina n-iarrthóirí air, mar aon le cúnamh forbartha agus cabhair dhaonnúil do thíortha atá i mbéal forbartha agus do thíortha comharsanacha (cé is moite de na Cistí Eorpacha Forbraíochta).
Scaiptear caiteachas ar fud breis is 150 tír trí úsáid a bhaint as réimse leathan ionstraimí comhair agus modhanna seachadta. Is iad Ard-Stiúrthóireachtaí an Choimisiúin a chuireann caiteachas chun feidhme go díreach óna gceanncheathrú sa Bhruiséil, trí thoscaireachtaí an Aontais i dtíortha is faighteoirí, nó i gcomhpháirt le heagraíochtaí idirnáisiúnta.
Cúrsaí Riaracháin
Cumhdaítear caiteachas riaracháin institiúidí an Aontais agus comhlachtaí eile sa réimse caiteachais seo. Seasann caiteachas ar acmhainní daonna (tuarastail, liúntais agus pinsin) do thart ar 60 % den iomlán. Cumhdaíonn caiteachas ar fhoirgnimh, ar threalamh, ar fhuinneamh, ar chúrsaí cumarsáide agus ar theicneolaíocht na faisnéise an méid atá fágtha. Tuairiscítear torthaí ár n-iniúchóireachtaí ar ghníomhaireachtaí an Aontais agus ar chomhlachtaí díláraithe eile i dtuarascálacha bliantúla sonracha, a fhoilsítear ar leithligh, in éineacht le hachoimre ar na torthaí.
Cúiteamh
Is íocaíochtaí sealadacha iad seo a cheaptar lena chinntiú nach gcuireann an Chróit, a tháinig isteach san Aontas i mí Iúil 2013, níos mó le buiséad an Aontais ná mar a théann sé chun tairbhe di sa chéad bhliain tar éis di aontú leis.