An tArd-Rúnaí an duine is sinsearaí ar fhoireann CIE. An Chúirt a cheapann an tArd-Rúnaí ar feadh tréimhse in athnuaite sé bliana. Tá sé nó sí freagrach as an bhfoireann a bhainistiú agus as riarachán i réimsí na n-acmhainní daonna, an airgeadais agus na seirbhísí ginearálta; i réimsí na faisnéise, an ionaid oibre agus na nuála, aistriúcháin, seirbhísí teanga agus foilsithe.
Tá an tArd-Rúnaí freagrach chomh maith as rúnaíocht na Cúirte.
Foireann CIE - an acmhainn is mó
Tá isteach is amach le 900 duine ar fhoireann CIE i mbun iniúchóireachta, aistriúcháin agus riaracháin. Tá réimse leathan ag baint leis an taithí ghairmiúil atá ag an bhfoireann iniúchóireachta, san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach, idir chuntasaíocht agus bhainistíocht airgeadais, iniúchóireacht sheachtrach agus inmheánach, cúrsaí dlí agus eacnamaíochta.
Cinntíonn aistritheoirí CIE gur féidir le saoránaigh an Aontais ár gcuid foilseachán a léamh ina rogha teanga as measc 23 theanga oifigiúla an Aontais. Ar nós gach institiúid eile de chuid an Aontais, fostaítear daoine as gach Ballstát in CIE. Ina gcáil mar státseirbhísigh de chuid an Aontais Eorpaigh, tá foireann CIE faoi réir Rialacháin Foirne an Aontais.
Is ina deich stiúrthóireacht iniúchóireachta agus riaracháin a roinntear CIE agus is ionann iad sin, faoi seach, agus foirne solúbtha a bunaíodh chun cúraimí a chur i gcrích chun go mbainfí an leas is fearr as acmhainní agus chun go bhforbrófaí saineolas iomchuí.
Tá beartas gníomhach comhdheiseanna ag CIE agus is ionann, geall leis, líon na mban agus líon na bhfear i measc na bhfostaithe.
Is ábhar bróid do CIE an mheitheal dhíograiseach, phroifisiúnta, lán taithí atá tugtha chun cinn ón mbliain 1977 i leith agus atá dúthrachtach maidir le leas airgeadais shaoránaigh an Aontais a chosaint.
Athchóiriú CIE: í a athrú ina heagraíocht a bheidh bunaithe ar chúraimí
Ar bhonn straitéis CIE do 2013 - 2017 agus mar fhreagairt do bharúlacha a thug Parlaimint na hEorpa uaithi maidir leis an ról a bheidh ag CIE amach anseo agus mar fhreagairt don athbhreithniú idirnáisiúnta piaraí a rinneadh in 2014 ar an iniúchadh ar a feidhmíocht, chinn an Chúirt athchóiriú a dhéanamh ar a heagar inmheánach. Bhí an t-athchóiriú bunaithe ar cheithre phrionsabal:
- Bheith réidh chun freagairt do thimpeallacht atá ag athrú go tapa
- Acmhainní a dhíriú ar chúraimí iniúchóireachta a mbaineann tosaíocht leo agus bheith solúbtha leis sin
- Torthaí a chur ar fáil go tráthúil
- An ról atá againn agus an obair a dhéanaimid a chur in iúl ar bhealach níos fearr.
Cuireadh an t-athchóiriú chun feidhme le héifeacht ón 1 Eanáir 2016.