Déanann CIE pleanáil ar an obair ar bhonn na bliana agus ar bhonn tréimhsí roinnt blianta. Bíonn an phleanáil ilbhliantúil dírithe ar shainsonrú agus ar nuachóiriú a thabhairt ar straitéis CIE. Socraítear le beart pleanála gach bliain na bearta faoi leith a dhéanfar i rith na bliana sin. Luaitear sa chlár oibre a eascraíonn uaidh sin na bearta iniúchóireachta tús áite agus na hacmhainní is gá chun iad a thabhairt i gcrích.
Foilsítear an Clár Oibre don bhliain agus cuireann Uachtarán CIE faoi bhráid an Choiste um Rialú Buiséadach i bParlaimint na hEorpa (CONT) é.