Is í Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) iniúchóir seachtrach an Aontais Eorpaigh. Comhalta amháin ó gach Ballstát atá i gColáiste CIE agus faigheann siad tacaíocht ó thart ar 900 ball foirne de gach náisiúntacht AE. Tá ár gcuid oibre bunaithe ar na luachanna seo a leanas:
-
Neamhspleáchas
-
- Oibrímid saor ó aon toisc a d’fhéadfadh cur isteach ar ár mbreithiúnas gairmiúil, nó a bhféadfaí a mheas mar sin.
-
-
Ionracas
-
- Gníomhaímid go hionraic agus go hiontaofa ar son leas poiblí an Aontais. Tá sé mar aidhm againn ceannaireacht a thabhairt le dea-shampla san obair ghairmiúil a dhéanaimid agus sa chaoi a ndéanaimid ár n-institiúid a bhainistiú.
-
-
Oibiachtúlacht
-
- Táimid neamhchlaonta neodrach agus bunaímid conclúidí iniúchóireachta ar fhianaise atá leordhóthanach, ábhartha agus iontaofa.
-
-
Trédhearcacht
-
- Cuirimid ár dtorthaí in iúl i dtuarascálacha soléite, cuimsitheacha agus sothuigthe a fhoilsítear i dteangacha uile an Aontais agus a chomhlíonann ceanglais rúndachta agus ceanglais maidir le cosaint sonraí.
-
-
Gairmiúlacht
-
- I gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta idirnáisiúnta, is é an rud a dhéanaimid ná na leibhéil eolais, saineolais agus scileanna is airde is féidir a bhaint amach, a fhorbairt agus a chothabháil maidir le gairm na hiniúchóireachta poiblí agus maidir le bainistíocht airgeadais AE agus bainistiú beartais AE.
An misean atá againn
Tríd an obair neamhspleách, ghairmiúil agus shuntasach a dhéanaimid, is é an cuspóir atá againn ná measúnú a dhéanamh ar an ngeilleagar agus ar éifeachtacht, éifeachtúlacht, dlíthiúlacht agus rialtacht ghníomhaíochtaí an Aontais d'fhonn cuntasacht, trédhearcacht agus an bhainistíocht airgeadais a fheabhsú. Ar an gcaoi sin, cuirimid le muinín na saoránach agus freagraímid go héifeachtach do na dúshláin atá roimh an Aontas faoi láthair agus do na dúshláin a bheidh roimhe amach anseo.
An fhís atá againn
Tá sé d'aidhm againn a bheith ar thús cadhnaíochta i ngairm na hiniúchóireachta poiblí agus rannchuidiú le hAontas Eorpach níos athléimní agus níos inbhuanaithe a thógáil, ar Aontas é a sheasann leis na luachanna ar a bhfuil sé bunaithe.