Tar éis athchóiriú an Chomhbheartais Talmhaíochta in 2004, bhí na neamhchinnteachtaí maidir leis an gcaoi a gcuirfí an beartas nua chun feidhme agus na castachtaí a bhí ag gabháil leis ina dtrúig le hathbhreithniú a dhéanamh ar na modhanna cur chuige iniúchóireachta a bhí cheana ann. Dá bhrí sin, d’fhormheas an Coiste Tadhaill go mbunófaí líonra faisnéise, ar bhonn neamhfhoirmiúil, idir an dream sin ar bhain an cheist go díreach leo. Is é cuspóir an Líonra ná faisnéis a mhalartú idir na UIIanna náisiúnta agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, agus ar an tslí sin cur ar chumas na rannpháirtithe tuiscint níos fearr a fháil ar an mbeartas nua agus ar na cineálacha riachtanacha cur chuige iniúchóireachta.
 
Bhí seimineár ag an Líonra sa bhliain 2006. I ndiaidh suirbhé i 2010 thug rannpháirtithe an Líonra le fios gur mhaith leo an Líonra a choinneáil agus a chothabháil. Mar thoradh air sin reáchtáladh imeacht oiliúna i gcomhar idir an Coiste Tadhaill agus EUROSAI i nDeireadh Fómhair 2010 sa Phrág. Chun tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil le
 
Chun tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil le
 
Michal Machowski, Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (michal.machowski@eca.europa.eu)
 
 
Imeacht Oiliúna i gComhar an Choiste Tadhaill agus EUROSAI – Taithí ar inúchtaí CAP a chomhlíonadh agus a fhorbairt