No

Bhí cruinniú ag Ceannasaithe Uas-Institiúidí Iniúchóireachta (UIIanna) 27 mBallstát an AE agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) i Lucsamburg an 1-2 Nollaig 2008
 

 

 
 
Thionóil an CIE cruinniú bliantúil dhá lá an Choiste Tadhaill le Ceannasaithe UIIanna an AE i Lucsamburg. Is é Uachtarán an CIE, an tUasal Vítor Caldeira, a bhí sa chathaoir. Bhí Ceannasaithe 27 UII an Aontais Eorpaigh i láthair, faoi mar a bhí Ceannasaithe UIIanna na dTíortha is Iarrthóirí, ionadaithe Choiste Oiliúna EUROSAI agus SIGMA ina gcáil mar bhreathnóirí gníomhacha.
 
Bhí cruinniú Choiste Tadhaill 2008 ann ag tráth nuair a bhí an Eoraip agus an chuid eile den domhan fós ag iarraidh breithiúnas a bhaint as na tuairteanna domhanda a bhí ag scaipeadh as géarchéim na margaí airgeadais. Á mheabhrú sin, ba é príomhfhócas téamúil chruinniú Choiste Tadhaill 2008 ná na pléití ar Athchóiriú Buiséid an AE agus Straitéis athbhreithnithe Liospóin 2008-2010; dhá ábhar a bhí thar a bheith ábhartha do bhainistiú na géarchéime airgeadais a bhí ag cur isteach ar an AE agus ar a chuid Ballstát.
 
Rinneadh Rinne Dalia Grybauskaité, Uasal, arbh í an Coimisinéir um Chlárú Airgeadais agus an Buiséad ag an am í, cur i láthair ar athchóiriú buiséid an AE. Tuigeadh as an díospóireacht a lean go raibh gá le gníomh a dhéanamh agus b'fhacthas an tábhacht a bhí le ról na UIIanna ina leith sin. Tá ról cinntitheach ag an measúnú riosca a dhéanann siad sa timpeallacht airgeadais nuair a bhíonn an sreabhadh airgid ag stalcadh.
 
Ar an gcaoi chéanna, pléadh Straitéis athbhreithnithe Liospóin 2008-2010 agus na forbairtí sin á meabhrú ag an am céanna. Bhíothas dóchasach go bhféadfadh sé go gcabhródh Straitéis athbhreithnithe Liospóin le héifeachtaí dochracha na géarchéime airgeadais a mhaolú.
 
I measc na nithe a thit amach an dara lá den chruinniú, bhí allagar faoi thaithí agus malartú faisnéise ar thoradh an chomhair, rud a chlúdaigh réimsí sainiúla de bhainistiú na gcistí AE agus saincheisteanna iniúchóireachta mar aon lena mbeadh i ndán do ghníomhaíochtaí amach anseo.