Teideal Dhlí na bhFianán de chuid an AE
I gcomhréir le EU Directive 2009/136/EC, cuirtear in iúl duit go ndéanfar fianán a stóráil ar do ghléas. Féadfaidh tú glacadh leis an bhfianán sin agus beidh cuimhne ag an gcóras ar an rogha teanga a rinne tú nuair a thabharfaidh tú cuairt ar an láithreán gréasáin arís (laistigh de bhliain amháin) nó féadfaidh tú an fianán a dhiúltú agus is don chuairt seo amháin a choimeádfar do rogha teanga. Is go díreach chun do rogha teanga a stóráil a mbainfear leas as an bhfianán lena mbaineann agus ní choimeádfaidh sé aon sonraí pearsanta.

2013

Cruinniú Úrghnách Choiste Teagmhála Cinn Uasfhorais Iniúchóireachta an Aontais Eorpaigh a bhí ar siúl ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa ar 8 Bealtaine 2013
Luxembourg2013CC.jpg
Bhí Cúirt Iniúchóirí na hEorpa ina hóstach do chruinniú úrghnách Cinn Uasfhorais Iniúchóireachta an Aontais Eorpaigh agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa ar 8 Bealtaine 2013. Bhí Giedrė Švedienė, Ard-Iniúchóir na Liotuáine agus Cathaoirleach Gníomhach an Choiste Teagmhála ina cathaoirleach ar an gcruinniú. Bhí 59 toscaire i láthair ó 24 Uasfhoras Iniúchóireachta an AE, ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus ó Uasfhorais Iniúchóireachta na dTíortha is Iarrthóirí (an Chróit, Iarphoblacht Iúgslavach na Macadóine, Montainéagró agus an tSeirbia). Ba é seo an chéad chruinniú úrghnách ó bunaíodh an Coiste Teagmhála.
 
Bhí dhá mhír ar chlár oibre an chruinnithe: 1) dréacht-ráiteas ar thábhacht na socruithe cuí iniúchóireachta agus cuntasachta san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadais mar aon le forbairtí a ghabhann leo; agus 2) malartú tuairimí tosaigh ar pháipéar seasaimh de chuid Tascfhórsa an Choiste Teagmhála um ‘Rún 6’.
 
Faoi chéad mhír an chláir oibre, rinne baill an Choiste Teagmhála plé ar thionscnamh de chuid na Fionlainne a bhí dírithe ar chomhráiteas a sheoladh chuig Uachtarán Chomhairle na hEorpa i bhfianaise plé a bheith le déanamh sa Chomhairle i Meitheamh 2013 ar bhearta agus ar threochlár a d’fhéadfaí a ghlacadh chun an tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadais (AEA) a neartú agus a chomhlánú tuilleadh. Trí phlé seo na Comhairle, tugadh deis thábhachtach chun aire an lucht déanta beartas a tharraing ar fheidhm na cuntasachta agus na hiniúchóireachta poiblí seachtraí nuair a bheifear ag déanamh tuilleadh forbartha ar an AEA.
 
Ghlac an Coiste Teagmhála d’aon ghuth le ráiteas ar thábhacht socruithe cuí d’iniúchóireacht agus do chuntasacht san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadais agus ar thábhacht rialachas eacnamaíoch an AE ata le seoladh chuig Uachtarán Chomhairle na hEorpa.
 
Ina ráiteas, d’iarr an Coiste Teagmhála ar Chomhairle na hEorpa an iniúchóireacht agus an chuntasacht phoiblí sheachtrach a chosaint agus a neartú agus an AEA, an t-aontas baincéireachta agus comhordú treisithe na mbeartas eacnamaíochta á gcomhlánú aige, go háirithe trí: 
 
- creatlach chomhtháite iniúchóireachta agus cuntasachta a thógáil;
- aitheantas a thabhairt do thábhacht na cuntasachta poiblí seachtraí i reachtaíocht an AE;
- socruithe iniúchóireachta maidir leis an aontas baincéireachta a neartú;
- socruithe iniuchóireachta a chomhtháthú i réimse an smachta fhioscaigh; agus 
- trédhearcacht agus comhtháthú iniúchóireachta na n-ionstraimí um chobhsú airgeadais a fheabhsú.
 
Socraíodh leis, litir mhínithe a chur leis an ráiteas. Shínigh baill an Troika í, is é sin, Cinn Uasfhorais Iniúchóireachta na Liotuáine (Cathaoirleach Gníomhach), na Portaingéile agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.
 
Faoi dhara mír an chláir oibre, rinneadh réamh-mhalartú tuairimí ar Pháipéar Seasaimh le Tascfhórsa an Choiste Teagmhála faoi thascanna agus feidhmeanna na hiniúchóireachta poiblí seachtraí i bhfianaise forbairtí a rinneadh le déanaí ar rialachas eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh, tascfhórsa a bhunaigh an Coiste Teagmhála i nDeireadh Fómhair 2012. Rinne an Tascfhórsa diananailís agus d’fhorbair Páipéar Seasaimh inar tugadh achoimre ar thátail agus ar chomhairle an Tascfhórsa agus inár míníodh smaointe maidir leis na saincheisteanna ar chóir don Choiste Teagmhála tabhairt fúthu amach anseo. Ina theannta sin, bhí moltaí sa pháipéar maidir leis an tslí ina bhféadfadh an Coiste Teagmhála oibriú le breis éifeachtachta. D’iarr an Coiste Teagmhála ar na hoifigigh chaidrimh tuilleadh cíortha a dhéanamh ar na saincheisteanna agus comhairle níos cruinne a thabhairt ina dtaobh i bhfianaise an chruinnithe den Choiste Teagmhála atá sceidealaithe le bheith ar siúl i nDeireadh Fómhair 2013.
 
11/06/2013

Ráiteas ón gCoiste Teagmhála 2013


An tábhacht atá le socruithe iniúchóireachta agus cuntasachta iomchuí san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus i rialachas eacnamaíoch AE


Is í Cúirt Iniúchóirí na hEorpa a dhéanann bainistiú ar an láithreán gréasáin seo.