Cruinniú de chuid an Choiste Tadhaill de Cheannairí Uasfhorais Iniúchóireachta (SAInna) Bhallstáit AE agus de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa
Dubrovnik, 11-12 Deireadh Fómhair 2018

logo HR CC-final3.png
 ​
 
Ba í Oifig Stáit Iniúchta Phoblacht na Cróite a bhí mar chathaoirleach agus mar óstach do chruinniú cinn bliana an Choiste Tadhaill in Dubrovnik an 11 agus an 12 Deireadh Fómhair 2018. Sa bhreis ar na toscaireachtaí ó Uasfhorais Iniúchóireachta (SAInna) na mBallstát agus ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, bhí ceannairí SAInna na dtíortha is iarrthóirí agus ionadaithe SIGMA ag freastal ar an gcruinniú freisin mar bhreathnadóirí gníomhacha.

​Is iad Ivan Klešić, Ard-Iniúchóir Phoblacht na Cróite, agus Grozdana Perić, Comhalta de Pharlaimint na Cróite agus Cathaoirleach Choiste Airgeadais agus Buiséid na Parlaiminte sin, a d'oscail an cruinniú.
Caitheadh an chéad lá den chruinniú leis an seimineár dar teideal “Idirghníomhú le Saoránaigh - SAInna a Oscailt". Ag teacht as na forbairtí reatha ar an leibhéal náisiúnta agus fornáisiúnta (amhail Brexit, imirce, slándáil agus athrú aeráide), ba dheis a bhí i dtéama an tseimineáir le díriú isteach ar raon leathan topaicí agus plé a dhéanamh ar na dúshláin agus deiseanna ábhartha atá ann do SAInna chun a gcuid éifeachtúlachta a fheabhsú.

Rinne Ivica Tolić, Feisire de Pharlaimint na hEorpa, Karen Hill, Stiúrthóir SIGMA, agus Laetitia Veriter, Stiúrthóir 'Saoránaigh don Eoraip', an seimineár a chur i láthair. Rinne an tUasal Tolić cur i láthair ar staid an Aontais Eorpaigh agus thug Bn. Hill an léargas atá ag SIGMA ar an idirghníomhú leis na saoránaigh agus an taithí atá ag SIGMA leis an idirghníomhú sin. D'athdhearbhaigh Bn. Veriter go bhfuil gá le bealaí nua a fhiosrú chun a thabhairt ar na saoránaigh a bheith rannpháirteach san iniúchóireacht phoiblí.

Bhí plé painéil ann ina dhiaidh sin idir Charles Deguara, Ard-Iniúchóir Mhálta, Kay Scheller, Uachtarán SAI na Gearmáine, agus Klaus-Heiner Lehne, Uachtarán Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, inar léiríodh eispéiris dhearfacha chomh maith le srianta a mhéid a bhaineann le hidirghníomhú SAInna leis na saoránaigh. Chomhaontaigh na rannpháirtithe má táthar chun an leas is fearr a bhaint as lánacmhainn na hidirghníomhaíochta le saoránaigh, go gcaithfeadh na SAInna níos mó a infheistiú i bhforbairt an chaidrimh leo.

Caitheadh an dara lá den chruinniú le tuairisciú ar na gníomhaíochtaí reatha atá ar siúl ag an gCoiste Tadhaill agus ar na gníomhaíochtaí a thug an Coiste sin chun críche le déanaí, chomh maith le díriú ar iniúchtaí a bhaineann le AE agus atá déanta ag SAInna na Gearmáine, Phoblacht na Seice, na hIodáile agus na Polainne.

​Ag deireadh an chruinnithe, tugadh cathaoirleacht an Choiste Tadhaill anonn d'Uachtarán SAI na Polainne, a bheidh ina óstach ar chruinniú an Choiste Tadhaill i Vársá in 2019.