No

​Cruinniú an Choiste Teagmhála de Cheannasaithe Uasfhorais Iniúchóireachta an Aontais Eorpaigh, i Vársá, an 27-28 Meitheamh 2019

 

Ba í Uasoifig Iniúchóireachta na Polainne (NIK) a d'óstáil cruinniú bliantúil an Choiste Teagmhála agus ba é an tUachtarán Krzysztof Kwiatkowski a bhí ina chathaoirleach air. Bhí Ceannasaithe Uasfhorais Iniúchóireachta (UFInna) na dtíortha is iarrthóirí agus ionadaithe SIGMA – i gcáil breathnóirí — ag freastal ar an gcruinniú chomh maith.

Ba é an chuid ba thábhachtaí den chruinniú seimineár ar “Eoraip dhigiteach: Dúshláin agus Deiseanna do UFInna an Aontais Eorpaigh", a raibh Tytti Yli-Viikari, Ardiniúchóir na Fionlainne ina cathaoirleach air. I bhfianaise thosaíocht an Choimisiúin Eorpaigh, mar atá, Straitéis maidir leis an Margadh Digiteach Aonair, lena n-áirítear Clár Digiteach don Eoraip, a chur chun feidhme, agus an gá atá ann go n-úsáidfidh UFInna uirlisí digiteacha chun tacú le próisis iniúchóireachta, ar gá é atá ag méadú i rith an ama, ba dheis é an seimineár chun ról UFInna an Aontais Eorpaigh i dtaca le digiteáil san Aontas a phlé. Ba é Marek Zagórski, Aire Gnóthaí Digiteacha na Polainne, Michał Boni, Feisire Eorpach ó 2014 go 2019, agus Małgorzata Nikowska ó DG CNECT an Choimisiúin, a chuir an t-ábhar i láthair ó thaobh dearcadh Ballstáit (an Pholainn), dhearcadh na saoránach agus dhearcadh an Choimisiúin, faoi seach.

Reáchtáladh dhá dhíospóireacht phainéil i ndiaidh an tseimineáir. Ba iad Janar Holm (UFI na hEastóine, cathaoirleach), Charles Deguara (UFI Mhálta), Stefan Lundgren (UFI na Sualainne) agus Tomaž Vesel (UFI na Slóivéine) a ghlac páirt sa chéad díospóireacht, agus phléigh siad dúshláin agus deiseanna na n-iniúchtaí feidhmíochta a bhaineann le cláir AE agus náisiúnta i réimse an ríomhrialtais agus na cibearshlándála. Leagadh béim sa díospóireacht ar an tionchar a bhíonn ag an gclaochlú digiteach ar obair na UFInna, a thugann faoi iniúchtaí TF ar bhonn méadaitheach.

Sa dara díospóireacht phainéil, a raibh Manfred Kraff (An tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach, An Coimisiún Eorpach) ina chathaoirleach uirthi, díríodh, i measc rudaí eile, ar úsáid acmhainní digiteacha in iniúchtaí. Ba iad Vítor Caldeira (UFI na Portaingéile), Kay Scheller (UFI na Gearmáine), Arno Visser (UFI na hÍsiltíre) agus Tytti Yli-Viikari (UFI na Fionlainne) na painéalaithe. Leis an bpainéal sin, cuireadh i láthair samplaí de dhea-chleachtas, i bhfoirm cur chuige nuálach, straitéisí agus uirlisí a d'fhéadfadh cuidiú le UFInna breisluach a n-iniúchtaí a chinntiú.

Cuidíonn UFInna an Aontais Eorpaigh le rath na digiteála trína sainorduithe a fheidhmiú agus trí uirlisí agus réitigh dhigiteacha a leabú ina gcuid oibre nuair is iomchuí. Ba é conclúid an Choiste Teagmhála, ná, má tá UFInna an Aontais Eorpaigh chun a bpáirt a ghlacadh sa phróiseas, nach mór dóibh an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • na gníomhaíochtaí agus inniúlachtaí ábhartha i gcur chun feidhme na digiteála a iniúchadh;
  • a chinntiú nach gcuirfear ceart rochtana na UFInna ar fhaisnéis agus sonraí ábhartha i mbaol de thoradh na digiteála;
  • ullmhacht dhigiteach UFInna chun na hiniúchtaí sin a dhéanamh a chinntiú trí infheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíocht, i smaointe agus i ndaoine;
  • an leas is mó a bhaint as cur chuige agus nósanna imeachta na UFInna dá réir sin agus
  • úsáid a bhaint as an gcumarsáid dhigiteach ina n-iarrachtaí chun faisnéis a chur ar fáil don tsochaí shibhialta agus chun dul i gcomhairle le geallsealbhóirí, nuair is ábhartha, agus iad i mbun a gcuid oibre.

 
Ar an dara lá den chruinniú, thug an Coiste Teagmhála dá aire torthaí ghníomhaíochtaí a chuid comhlachtaí oibre, gníomhaíochtaí beartaithe eile agus toradh na hiniúchóireachta ar cháilíocht an aeir idirnáisiúnta (arna comhordú ag NIK agus UFI na hÍsiltíre), chomh maith le hiniúchadh ar bhonneagar TFC san earnáil phoiblí (UFI na Laitvia).

Is é Cúirt Iniúchóirí na hEorpa a dhéanfaidh an chéad chruinniú eile den Choiste Teagmhála a thionólfar i Deireadh Fómhair 2020 a óstáil.