Is tionól uathrialach, neamhspleách agus neamhpholaitiúil é an Coiste Tadhaill, ina dtagann cinn uas-institiúidí iniúchóireachta (SAIanna) Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (AE) agus Chúirt Iniúchóirí na hEorpa le chéile. Soláthraíonn sé fóram chun plé a dhéanamh agus aghaidh a thabhairt ar ábhair chomhleasa a bhaineann leis an AE.
Sa chomhthéacs sin, geallann an Coiste Tadhaill an méid seo a leanas:
Trí chomhar a fheabhsú i measc a chomhaltaí, rannchuidíonn an Coiste Tadhaill le hiniúchoireacht sheachtrach éifeachtach agus cuntasacht san Aontas, agus cabhraíonn sé le feabhas a chur ar bhainistiú airgeadais san Aontais agus le dea-rialachas chun tairbhe a chuid saoránach.