Lena
Choimrí Iniúchóireachta, eisíonn Coiste Teagmhála uasfhoras iniúchóireachta (UFInna) AE foilseacháin chun feabhas a chur ar an gcumarsáid de shaothair iniúchóireachta ábhartha chuig a gheallsealbhóirí agus chuig an bpobal i gcoitinne.
Tá Coimre na bliana seo tiomanta don chibearshlándáil, ar ábhar é a bhí géarchéimneach cheana féin dár sochaithe sular tháinig an phaindéim COVID-19. Cuirtear faisnéis chúlra ar fáil inti maidir leis an gcibearshlándáil, na príomhthionscnaimh straitéiseacha agus na bunúis dlí ábhartha san AE. Léirítear inti freisin na príomhdhúshláin atá roimh an AE agus a Bhallstáit, amhail bagairtí ar chearta aonair saoránach an AE trí mhí-úsáid sonraí pearsanta, an baol nach mbeadh forais in ann seirbhísí poiblí riachtanacha a sholáthar nó go mbeadh feidhmíocht theoranta acu tar éis cibear-ionsaithe. Sa
Choimre baintear leas as torthaí na n-iniúchtaí a rinne 13 UFI.
Dúshlán straitéiseach atá ag méadú i gcónaí don AE agus dá Bhallstáit is ea córais faisnéise criticiúla agus bonneagair dhigiteacha a chosaint ar chibear-ionsaithe. Ní hé an cheist a thuilleadh an dtarlóidh cibear-ionsaithe, ach conas agus cathain a tharlóidh siad. Baineann sé sin linn go léir: daoine aonair, gnólachtaí agus údaráis phoiblí.
Dá bhrí sin, rinne UFInna AE agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa a gcuid oibre iniúchóireachta ar an gcibearshlándáil a ullmhú, agus béim ar leith á leagan ar chosaint sonraí, ar ullmhacht córais le haghaidh cibear-ionsaithe, agus ar chórais riachtanacha fóntas poiblí a chosaint. Ní mór an méid sin a chur i gcomhthéacs ina bhfuil sé d’aidhm ag an AE a bheith ar an timpeallacht dhigiteach is sábháilte ar domhan.
Tá an
Choimre Iniúchóireachta ar an gcibearshlándáil ar fáil faoi láthair i mBéarla. Foilseofar na 23 leagan eile de theangacha AE sna seachtainí atá amach romhainn.