No

​I nDeireadh Fómhair na bliana 2011 a bunaíodh an Tascfhórsa le féachaint an bhféadfar obair i gcomhar le Eurostat agus le hinstitiúidí staidrimh náisiúnta agus bhí UII na Danmhairge agus UII na Polainne ina gcomhchathaoirligh air. Ba é sprioc foriomlán an Tascfhórsa réimsí a shainaithint ina bhféadfadh UIIanna, Eurostat agus institiúidí staidrimh náisiúnta obair i gcomhar le chéile agus comhairle a thabhairt maidir le gníomhaíochtaí nithiúla. Áiríodh ar ghníomhaíochtaí an Tascfhórsa ceistneoir a fhorbairt chun faisnéis a bhailiú faoi "chúrsaí mar atá" faoi láthair i ndáil leis an ngaol idir na UIIanna agus na ISNanna, mar aon leis an teagmháil leis na ISNanna a bhunú chun tuairimí a roinnt maidir le comhar a d'fhéadfadh a bheith ann. Ag a churinniú i gCóbanhávan i Meitheamh 2012, phléigh an tascfhórsa – le rannpháirtíocht ionadaithe Eurostat agus UII na Danmhairge – torthaí an cheistneora, chomh maith leis na ceanglais dhlíthiúla agus na cineálacha comhair a d’fhéadfadh a bheith ann. Thuairiscigh an tascfhórsa torthaí a chuid oibre do chruinniú Choiste Tadhaill 2012. Leis an tuarascáil Chúlra agus an Rún i ndáil le comhar na UIIanna le Eurostat agus leis na ISNanna (CC-R-2012-2), chríochnaigh an Tascfhórsa a chuid oibre.

Chun tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil le

Nanna Henning (comhchathaoirleach), Oifig Iniúchóireachta Náisiúnta na Danmhairge (nh@rigrevisionen.dk)

Jacek Mazur Uas-Oifig Iniúchóireachta na Polainne (Jacek.Mazur@nik.gov.pl)

Tuarascálacha Gaolmhara:

  • Background report to the Resolution of the Contact Committee Task Force to explore the possibilities for cooperation with Eurostat and National Statistical Institutions

    In October 2011, the Contact Committee of the Heads of EU SAIs set up a Task Force to explore the possibilities for cooperation with Eurostat and National Statistical Institutions (NSIs). The Task Force was established on the basis of the Contact Committee’s efforts to ensure efficient public auditing in response to the financial and economic crisis and highlighting the importance of reliable and timely information (including statistics) on the use of public funds. The Contact Committee asked the Task Force to report on the results of its work at the next CC meeting in 2012 (CC-R-2011-06)
    Leathnaigh go hiomlán/giorraigh d’úsáideoirí le radharc na súl amháin (tá an téacs ar fáil cheana féin do bhogearraí léitheora scáileáin)