In 2012 thug an Coiste Tadhaill sainordú don Tascfhórsa (TF) féachaint ar chúraimí agus ról UIIanna i bhfianaise forbairtí ar rialachas eacnamaíoch in AE le deireanas. Iarradh ar TF aghaidh a thabhairt ar cheisteanna substainte agus freisin scrúdú a dhéanamh ar na réamhriachtanais chun na cúraimí sin a chomhlíonadh go héifeachtach agus ar na ceanglais le haghaidh neamhspleáchas, éifeachtacht agus chreidiúnacht UIIanna. Is é an cuspóir atá ann rannchuidiú ar an mbealach is iomchuí agus is éifeachtaí leis na próisis reachtacha amach anseo, b'fhéidir ar dhóigh chomhairleach, cur le buanna agus le taithí CT agus na n‑eagraíochtaí is comhaltaí de.