No

​In 2000, thug an Coiste Tadhaill (CT) sainordú go mbunófaí Grúpa Oibre um na gCistí Struchtúracha agus é mar chuspóir aige tuairisc bheacht, cheart agus mhionsonraithe a fháil ar na nósanna imeachta a chuirtear chun feidhme sna Ballstáit d’fhonn na Cistí Struchtúracha a bhainistiú agus a rialú. Tá suirbhé taiscéalaíoch déanta ag an nGrúpa Oibre ar Chistí Struchtúracha an AE (2000-2006). Tíonlacadh an tuarascáil in 2002.

In 2002, lean an Grúpa Oibre dá chuid oibre mar an Grúpa Oibre um na gCistí Struchtúracha I, a raibh sé mar aidhm aige iniúchóireacht chomhthreomhar a dhéanamh ar na socruithe atá ann lena chinntiú gur ann do lorg iniúchóireachta leordhóthanach, lena n-áirítear an tseiceáil 5% a éilítear le Rialachán 1260/1999 ón gComhairle agus le Rialachán 438/2001 ón gCoimisiún. Tíolacadh tuarascáil in 2004.

In 2004, tugadh sainordú nua don Ghrúpa Oibre (Cistí Struchtúracha II) chun leanúint dá chuid oibre agus athbhreithniú gearr, saindírithe a dhéanamh ar na próisis chun mírialtachtaí a shainaithint, a thuairisciú agus gníomhú dá mbonn. Tíolacadh tuarascáil in 2006.

In 2006, chuir an Coiste Tadhaill de chúram ar an nGrúpa Oibre um na gCistí Struchtúracha III leanúint dá chuid athbhreithnithe ar shaincheisteanna na gCistí Struchtúracha agus go sonrach iniúchóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht (aschur/éifeachtacht) na gclár Cistí Struchtúracha sna réimsí fostaíochta agus/nó comhshaoil. Tíolacadh tuarascáil in 2008.

In 2008, thug an CT sainordú don Ghrúpa Oibre um na gCistí Struchtúracha IV leanúint dá chuid oibre agus athbhreithniú saindírithe a dhéanamh ar chostais na rialuithe (b’fhéidir go mbeadh úsáid a bhaint as cúnamh teicniúil do rialuithe na gCistí Struchtúracha i gceist leis seo). Tíolacadh an tuarascáil i 2011.

In 2011, thug an Coiste Tadhaill sainordú don Ghrúpa Oibre ar Chistí Struchtúracha V leanúint lena chuid oibre le hathbhreithniú saindírithe a dhéanamh ar “Na Rialacháin do Chistí Struchtúracha a Shimpliú”. Cuireadh tuarascáil isteach in 2013.

In 2013, chuir an Coiste Teagmhála de chúram ar an Meitheal um Chistí Struchtúracha VI leanúint dá hathbhreithniú ar na Cistí Struchtúracha agus iniúchadh comhthreomhar a sheoladh maidir le "Anailís ar na hearráidí sa soláthar poiblí laistigh de chláir na gCistí Struchtúracha". Tíolacadh tuarascáil in 2015.

In 2015, thug an Coiste Teagmhála sainordú don Mheitheal leanúint dá cuid oibre agus iniúchadh comhuaineach a dhéanamh ar “ranníocaíocht na gCistí Struchtúracha don straitéis Eoraip 2020 i réimsí an oideachais agus/nó na fostaíochta”. Tíolacadh tuarascáil in 2017.

Chun tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil le

Tuarascálacha Gaolmhara: