Kevin CARDIFF
Rugadh e i mBaile Átha Cliath, an 24 Feabhra 1961; Baitsiléir Ealaíon (BA),
Ollscoil Washington (1983); Máistir sa Staidéar Gnó, Coláiste Ollscoile,
Baile Átha Cliath (1991); Céim i nDlí an Airgeadais Fheidhmigh, Dlí-Chumann
na hÉireann (2003). Ard-Rúnaí, an Roinn Airgeadais (2010-2012);
Leas-Ard-Rúnaí, an Roinn Airgeadais (2006-2010).
Rúnaí Cúnta, Beartas Cánach, an Roinn Airgeadais (2005-2006); Rúnaí Cúnta,
an Rannán Baincéireachta, Airgeadais agus Idirnáisiúnta, an Roinn Airgeadais
(2001-2005); Príomhoifigeach, an tAonad Lárnach Beartais um Shaoráil
Faisnéise agus Eitic, an Roinn Airgeadais (1999-2001); Príomhoifigeach, an
Rannóg um Buiséid Riaracháin, an Roinn Airgeadais (1998-1999);
Príomhoifigeach Cúnta, Beartas Pinsean na hEarnála Poiblí, an Roinn
Airgeadais (1996-1998); Príomhoifigeach Cúnta, an tAonad um Beartas
Airgeadaíochta agus Ráta Malairte, an Roinn Airgeadais (1989-1996);
Oifigeach Riaracháin, Déileáil maidir le Fiach Intíre an Rialtais (déileálaí
cúnta bannaí), an Roinn Airgeadais (1988-1989); Oifigeach Riaracháin,
Coinníollacha Oibre na Státseirbhíse, an Roinn Airgeadais/Roinn na Seirbhíse
Poiblí (1986-1988); Oifigeach Riaracháin, Beartas Íocaíochta, Roinn na
Seirbhíse Poiblí (1984-1986). I measc na ndualgas eile a bhí air, bhí roinnt
post gaolmhar ag an Uasal Cardiff ag tráthanna éagsúla le blianta beaga
anuas, lena n-áirítear: Comhalta de Choimisiún an Bhainc Cheannais;
Stiúrthóir Malartach agus Stiúrthóir ar an mBanc Eorpach Infheistíochta;
Cathaoirleach agus comhalta den Ghrúpa Straitéise Cánach de chuid Rialtas na
hÉireann; Ionadaí na hÉireann, Grúpa an Aontais um an gCód Iompair -
cánachas; agus comhalta agus comhalta malartach de Choiste Seirbhísí
Airgeadais an AE. Comhalta de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ón 1 Márta 2012 go
dtí an 28 Feabhra 2018: Comhalta de Sheomra I "Caomhnú agus Bainistiú na
nAcmhainní Nádúrtha"; Comhalta de Sheomra CEAD "Comhordú, Meastóireacht,
Ráthaíocht agus Forbairt", áit a bhfuil sé freagrach as forbairt agus as
athbhreithniú a dhéanamh ar iniúchóireacht; Comhalta de Sheomra IV "Rialáil
Margaí agus an Geilleagar Iomaíoch".