Tá Cúirt Iniúchóirí na hEorpa faoi réir oibleagáidí dlíthiúla i ndáil le cosaint sonraí pearsanta, faoi mar atá leagtha amach i
Rialachán (AE) 2018/1725(opens in new window) (“EUDPR”).
I gcomhréir le hAirteagal 43(1) de EUDPR, tá duine ceaptha ag an gCúirt Iniúchóirí mar Oifigeach Cosanta Sonraí (“DPO”). Is é an príomhchúram atá ar an DPO ná oibriú go neamhspleách chun a áirithiú go bhfuil EUDPR á chur i bhfeidhm san institiúid.
I measc na gcúraimí atá ar an DPO, tá siad seo a leanas:
-
faisnéis a thabhairt, agus comhairle a chur ar dhaoine atá freagrach as sonraí pearsanta a phróiseáil, lena n-áirítear conraitheoirí/fochonraitheoirí agus an fhoireann, i dtaca lena n-oibleagáidí agus i dtaca le cearta cosanta sonraí;
-
faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh EUDPR agus ar chomhlíonadh reachtaíochta Eorpaí eile ina bhfuil forálacha cosanta sonraí, lena n-áirítear rialacha inmheánacha;
-
faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh bheartais agus nósanna imeachta cosanta sonraí na Cúirte Iniúchóirí, lena n-áirítear sannadh freagrachtaí;
-
feasacht a mhéadú agus oiliúint a chur ar na daoine den fhoireann atá bainteach le sonraí pearsanta a phróiseáil;
-
iniúchtaí a dhéanamh nó a eagrú lena fhíorú go bhfuil na hoibleagáidí maidir le cosaint sonraí á gcomhlíonadh ag an gCúirt Iniúchóirí;
-
a áirithiú go ndéantar na daoine a bhfuil a gcuid sonraí pearsanta á bpróiseáil a chur ar an eolas faoina gcearta faoi EUDPR;
-
comhairle a thabhairt má tá gá le fógra nó cumarsáid a dhéanamh i gcás ina dtarlaíonn sárú sonraí pearsanta;
-
comhairle a thabhairt nuair a dhéantar measúnú tionchair ar chosaint sonraí, faireachán a dhéanamh ar a fhorghníomhú agus dul i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (“MECS”) má táthar in amhras faoi ghá a bheith le measúnú tionchair ar chosaint sonraí;
-
comhairle a chur ar fáil maidir leis an ngá atá le comhairliúchán roimh ré le MECS, i gcás ina mbeadh riosca tromchúiseach do chearta agus saoirsí daoine nádúrtha ag gabháil le sonraí pearsanta a phróiseáil, agus i gcás ina gcreideann an rialaitheoir nach féidir an riosca a mhaolú ar bhealach réasúnach i bhfianaise na gcostas a bhaineann leis na teicneolaíochtaí atá ar fáil agus i bhfianaise na gcostas cur chun feidhme;
-
freagra a thabhairt ar iarrataí ó MECS;
-
a áirithiú nach gcuirtear isteach ar na cearta agus saoirsí atá ag na daoine a ndéantar a gcuid sonraí pearsanta a phróiseáil mar gheall ar na hoibríochtaí próiseála.
Féadfaidh an DPO moltaí praiticiúla a dhéanamh chun feabhas a chur ar chosaint sonraí pearsanta ag an gCúirt Iniúchóirí.
Féadfaidh an coiste foirne, na rialaitheoirí sonraí, próiseálaithe, daoine d’fhoireann na Cúirte Iniúchóirí nó aon duine aonair eile dul i gcomhairle leis an DPO maidir le hábhar ar bith a bhaineann le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm EUDPR, agus gan a bheith orthu dul trí na cainéil oifigiúla.
Féadfaidh an DPO ábhair agus tarluithe a bhaineann go díreach lena gcúraimí a imscrúdú ar a gconlán féin nó ar iarraidh a fháil ó aon duine aonair, agus tuairisciú ar ais chuig an duine a choimisiúnaigh an t-imscrúdú.
Ní fhulaingeoidh aon duine dochar mar gheall ar dhul i dteagmháil leis an DPO i ndáil le líomhain gur sáraíodh EUDPR nó rialacha cosanta sonraí eile.
Clár Taifead
TiChomh maith leis sin, coimeádann an DPO
clár den phróiseáil sonraí pearsanta go léir a dhéanann an Chúirt Iniúchóirí agus tá faisnéis sa chlár sin ina mínítear cuspóir na n-oibríochtaí próiseála agus na coinníollacha faoina ndéantar iad.
An Lá um Chosaint Sonraí
An
, ghlac Comhairle na hEorpa
Coinbhinsiún 108(opens in new window), an chéad ionstraim idirnáisiúnta maidir le cosaint sonraí a raibh ceangal dlí léi. Chun an fhorbairt shuaithinseach sin a chomóradh, déanann Ballstáit Chomhairle na hEorpa, chomh maith le hinstitiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais Eorpaigh, an Lá um Chosaint Sonraí a cheiliúradh gach bliain ar an
. Is é cuspóir an lae sin, ar a dtugtar an Lá um Phríobháideachas Sonraí freisin ar fud an domhain, ná feasacht a mhéadú ar phríobháideachas agus ar chosaint sonraí agus dea-chleachtais ina leith sin a chur chun cinn.
Cúirt Iniúchóirí na hEorpa
Elena MAPELLE
An tOifigeach Cosanta Sonraí
K1 233
12, Rue Alcide De Gasperi
L-1615 LUXEMBOURG
Teil: (+352) 4398-47777
Ríomhphost: No spam
please!eca-data-protection@eca.europa.eu