I bhfianaise go bhfuil an tAontas Eorpach ag brath go mór ar allmhairí gáis, go háirithe ón Rúis suas go dtí 2022, tá iniúchadh déanta ag an gCúirt Iniúchóirí (a fhoilseofar go luath) ina mbreathnaíonn sí ar na gníomhaíochtaí a rinneadh ó 2014 i leith féachaint ar láidrigh na gníomhaíochtaí sin an tslándáil soláthair trí ullmhacht agus athléimneacht an Aontais a mhéadú. Maidir leis an dúshlán a bhaineann le slándáil soláthair fhadtéarmach a áirithiú d’uireasa gás ón Rúis, is déine fós é mar gheall ar chuspóir uaillmhianach an Aontais neodracht aeráide a bhaint amach faoi 2050.

In 2022, sular thosaigh ionradh mór na Rúise ar an Úcráin, is gás a bhí in thart ar an gceathrú cuid den olltomhaltas fuinnimh san Aontas – leis na sciartha is airde san Iodáil, san Ísiltír agus i Málta (iad araon ag thart ar 40%). An bhliain sin, is as gás a táirgeadh os cionn 20% den leictreachas san Aontas agus is é a úsáideadh do bheagnach 40% den téamh. I bhfianaise go ndéanann an tAontas Eorpach os cionn 80% den ghás a allmhairiú, tá soláthar slán bunriachtanach chun an geilleagar a choinneáil ar a chosa agus chun an rathúnas a áirithiú.

Bhí géarchéim sholáthair ann nuair a tosaíodh ag cur deireadh go tapa le hallmhairithe gáis ón Rúis in 2022 (45% d’allmhairithe gáis an Aontais ag an am), agus chruthaigh sé sin géarchéim i gcostas an gháis freisin. I Lúnasa 2022, shroich na praghsanna gáis mórdhíola buaic de €339 in aghaidh na meigeavatuaire (MWh), praghas é sin a bhí ardaithe ó €51 in aghaidh na meigeavatuaire i Lúnasa 2021.

Bhí géarchéim gháis tuartha ag an gCoimisiún Eorpach in 2014 nuair a rinne sé ionsamhlú ar na héifeachtaí a bheadh ann dá ngearrfaí na soláthairtí gáis ón Rúis. Bhí an Coimisiún ag dréim leis gurb é an toradh a bheadh ar ardú i bpraghsanna gáis ná go dtiocfadh laghdú ar an éileamh agus méadú ar allmhairiú GNL, a dhéanfaí a dháileadh ar na margaí is mó a mbeadh ganntanais gháis ag cur isteach orthu. Sin é go bunúsach atá tarlaithe ó thús 2022. Ní shin le rá, áfach, go raibh an tAontas Eorpach lánullmhaithe don ghéarchéim reatha ná nach bhfuil aon riosca ann do shlándáil an tsoláthair gáis sna blianta seo amach romhainn.

Bhreathnaigh ár n-iniúchóirí ar an gcreat dlíthiúil agus airgeadais le haghaidh shlándáil an tsoláthair gáis atá san Aontas agus ar an gcaoi ar fhreagair an tAontas don ghéarchéim gháis a d’éirigh as an gcogadh san Úcráin. Foilseofar a gcuid fionnachtana agus moltaí faoin gcaoi le feabhas a chur ar shlándáil an tsoláthair gáis ar shuíomh gréasáin na Cúirte Iniúchóirí Dé Luain an 24 Meitheamh.

C chomh sln is at solthar gis an Aontais Eorpaigh?