No




Reáchtáiltear an comhar idir Uas-Institiúidí Iniúchóireachta (UIIanna) an Aontais Eorpaigh agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) go príomha faoi chuimsiú an Choiste Tadhaill. Is éard atá sa struchtúr seo Coiste Tadhaill ar a bhfuil Ceannasaithe UIIanna AE agus CIE, na hOifigigh Idirchaidrimh a chuireann líonra gníomhach tadhall gairmiúil ar fud na hEorpa ar fáil, mar aon le grúpaí oibre, líonraí agus tascfhórsaí ar shainábhair iniúchóireachta.

Cúlra

Is sa bhliain 1960 a tionóladh an chéad chruinniú de chuid Cheannasaithe UIIanna AE (ar a dtugtaí CEE an tráth sin). Ó shin i leith, tá Ceannasaithe UIIanna ag comhoibriú sa Choiste Tadhaill arb ionann é agus fóram ina bpléitear ceisteanna comhleasa. Ó tosaíodh ag úsáid na n-acmhainní dílse chun buiséad AE a mhaoiniú i mblianta deireanacha na 1960idí, agus ó cuireadh le ról Pharlaimint na hEorpa i gcúrsaí buiséadacha, ba shoiléire ná riamh gur ghá comhlacht neamhspleách seachtrach iniúchóireachta a bhunú do AE. Go deimhin ba é an Coiste Tadhaill ba shiocair le bunú CIE agus lena chumhachtaí a chódú i gConradh na Bruiséile sa bhliain 1975, arbh é cruthú CIE sa bhliain 1977 a thoradh. Thug an Coiste Tadhaill cuireadh do CIE a bheith rannpháirteach sa choiste sa bhliain 1978 agus d’fhág sin ina dheichiú comhalta é ar an gcoiste.

De réir mar a bhí forbairt ag tarlú sa lánpháirtiú Eorpach ó Chonradh na Róimhe i leith, forbraíodh ról an Choiste Tadhaill. Tháinig cuma níos eagraithe agus nós institiúide ar an gcomhar idir UIIanna Bhallstáit AE agus CIE le himeacht na mblianta. Léirítear é sin freisin sna Conarthaí Eorpacha, áit a bhfuil na tagairtí do chomhar den sórt sin á lua níos minice.

Luadh i mbunleagan Chonradh CE go ndéanfadh CIE an iniúchóireacht i "gcuibhreann" le hUas-Institiúidí Iniúchóireachta na mBallstát *, agus cuireadh leis an méid sin níos déanaí i gConradh Amstardam: "Comhoibreoidh an Chúirt Iniúchóirí agus comhlachtaí náisiúnta iniúchóireachta de mheon muiníne ach gan a neamhspleáchas a thréigean". Ansin i gConradh Nice, iarradh ar CIE i nDearbhú 18 den ionstraim chríochnaitheach a ghabhann leis Coiste Tadhaill a bhunú le hUas-Institiúidí Iniúchóireachta na mBallstát (a bhí i bhfeidhm cheana féin i ndáiríre) **.

Mar sin féin, ní hoibleagáid dhlíthiúil amháin atá sa chomhar idir UIIanna Ballstáit AE agus CIE ach gá praiticiúil ar ann dó mar go bhfuil an nasc atá idir córais riaracháin an Chomhphobail agus na córais riaracháin náisiúnta ag fáil níos dlúithe. Ó rinneadh bainistiú bhuiséad AE a dhílárú ar scála mór chuig údaráis náisiúnta sna Ballstáit agus sna tíortha tairbhíocha, déantar formhór na hiniúchóireachta ar airgead AE sna tíortha sin. Dá thoradh sin, tugadh bonn dlí sa Chonradh don chomhar idir CIE agus uas-institiúidí iniúchóireachta náisiúnta nó comhlachtaí inniúla iniúchóireachta náisiúnta eile. Is é an gnáthchleachtas go dtugann na huas-institiúidí iniúchóireachta náisiúnta tacaíocht phraiticiúil agus lóistíochtúil áitiúil d’iniúchóirí CIE chomh maith le saineolas ar an réimse iniúchóireachta.

Leathnaigh go hiomlán/giorraigh d’úsáideoirí le radharc na súl amháin (tá an téacs ar fáil cheana féin do bhogearraí léitheora scáileáin)

Comhar le UIIanna tíortha is iarrthóirí agus tíortha a d'fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí

Déanann an Coiste Tadhaill comhar idir tíortha is iarrthóirí agus tíortha a d'fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí agus UIIanna Bhallstáit AE a chur chun cinn agus a éascú trí bhíthin tioscnamh áirithe, atá don chuid is mó faoi chuimsiú Líonra UIIanna na dtíortha is iarrthóirí agus na dtíortha a d'fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí agus CIE. De bhreis ar rannpháirtíocht cheannasaithe UIIanna na dtíortha sin i gcruinnithe an Choiste Tadhaill mar bhreathnóirí, déanann an Grúpa Oibre Comhpháirteach um Ghníomhaíochtaí Iniúchóireachta (JWGAA) (atá ina chomharba ar an nGrúpa Oibre um Thíortha is Iarrthóirí de chuid an Choiste Tadhaill) comhar teagmhálach, praiticiúil ar scála beag a chur chun cinn.

Comhar le heagríochtaí idirnáisiúnta

Bíonn ionadaithe ó EUROSAI (brateagraíocht Eorpach na Uas-Institiúidí Iniúchóireachta) agus ó INTOSAI (an eagraíocht dhomhanda) ag freastal ar chruinnithe an Choiste Tadhaill agus iarrtar orthu tuairisc a thabhairt faoina bhforbairt agus faoina gcuid pleananna amach anseo. I measc na samplaí den chomhar le EUROSAI bíonn cúrsaí comhpháirteacha oiliúna agus rannphaírtíocht chomhaltaí EUROSAI i ngníomhaíochtaí iltaobhacha a thionscain an Coiste Tadhaill. Fairis sin, glacann UIIanna aonair páirt i ngíomhachtaí a eagraíonn EUROSAI agus INTOSAI.