17/12/2020
Tá Coimre Iniúchóireachta na bliana seo tiomanta don chibearshlándáil, ar ábhar é a bhí géarchéimneach cheana féin dár sochaithe sular tháinig an phaindéim COVID-19. Cuirtear faisnéis chúlra ar fáil inti maidir leis an gcibearshlándáil, na príomhthionscnaimh straitéiseacha agus na bunúis dlí ábhartha san AE. Léirítear inti freisin na príomhdhúshláin atá roimh an AE agus a Bhallstáit, amhail bagairtí ar chearta aonair saoránach an AE trí mhí-úsáid sonraí pearsanta, an baol nach mbeadh forais in ann seirbhísí poiblí riachtanacha a sholáthar nó go mbeadh feidhmíocht theoranta acu tar éis cibear-ionsaithe.
Sa Choimre baintear leas as torthaí na n-iniúchtaí a rinne 13 UFI.