No

​Réamhrá

Tá paindéim COVID-19 ar cheann de na géarchéimeanna is mó a d’fhulaing daoine ar domhan. Bhí tionchar mór aige – agus tá fós – ar shochaithe, ar gheilleagair agus ar dhaoine aonair i ngach áit. An rud a thosaigh mar ghéarchéim shláinte, d'athraigh sé go tapa isteach ina géarchéim shocheacnamaíoch a spreag iarrachtaí chun leathadh an víris a mhaolú agus beatha daoine a shábháil, agus a raibh tionchar aici ar bheagnach gach réimse den saol poiblí agus den saol príobháideach.

Tionchar agus freagairt

Bhí tionchar ollmhór, an-suaiteach ag an bpaindéim ar an Aontas ina iomláine agus ar Bhallstáit aonair. Bhí a fhorbairt neamhshiméadrach, áfach, agus tá an tréimhse ama a luaitear leis an víreas éagsúil go mór ar fud an Aontais. Is bagairt é COVID-19 do bheatha shaoránaigh an Aontais agus, i measc nithe eile, tá méadú tagtha ar an ualach atá ar chórais sláinte poiblí na mBallstát. Fágann sé sin go bhfuil céim siar tobann tarlaithe i bhfás eacnamaíoch.

I bhformhór na réimsí a raibh tionchar ag an bpaindéim orthu, níl ach inniúlacht theoranta ag an Aontas chun gníomhú iontu. Is é is cúis leis sin go páirteach ná gur ceist ceannasachta náisiúnta í an tsláinte phoiblí den chuid is mó, agus freisin mar gheall gur beag réamhullmhacht a bhí ann i measc na mBallstát nó nach raibh siad ar aon intinn faoin gcaoi le freagairt don ghéarchéim i gcomhar le chéile. Mar gheall ar an easpa cur chuige comhordaithe sin, is minic a bhí rialtais ag gníomhú go neamhspleách le linn dóibh bearta coisctheacha agus srianta a chur i bhfeidhm, nuair a bhí trealamh á cheannach acu nó le linn dóibh pacáistí téarnaimh agus scéimeanna coinneála post a chur ar bun d’fhonn an iarmhairt shocheacnamaíoch a mhaolú.

Tar éis tús neamhchinnte, áfach, is cosúil go bhfuil feabhas curtha ag an Aontas agus a chuid Ballstát ar a n-iarrachtaí comhair chun éifeachtaí socheacnamaíocha na paindéime a mhaolú. Le hionstraim téarnaimh an Aontais, ar a dtugtar NextGenerationEU, ní hamháin gur léirigh siad go leor dlúthpháirtíochta ach chuadar isteach i réimsí nach raibh mórán eolais fúthu chun dul i ngleic le dúshláin fhadtéarmacha na paindéime. Ag an am céanna, áfach, is beag amhras atá ann ach go mbeidh tionchar fadtéarmach ag COVID-19 ar an mbealach ina mairimid agus ar an mbealach a n-oibrímid, lena n-áirítear an gá atá ann le comhar níos mó agus níos fearr ós rud é nach bhfuil beann ag víris ar theorainneacha náisiúnta.

Freagairt UFInna an Aontais

Ar na tionchair iomadúla a bhí aici, bhí tionchar suntasach ag an ngéarchéim ar obair uasfhoras iniúchóireachta (UFInna) ar fud an domhain, agus ní haon eisceacht iad na UFInna atá ina mballeagraíochtaí den Choiste Teagmhála. D’fhreagair siad go tapa don ghéarchéim atá ag teacht chun cinn agus chinn siad acmhainní suntasacha a leithdháileadh – láithreach bonn agus do na blianta amach romhainn – chun measúnú agus iniúchóireacht a dhéanamh ar an bhfreagairt ar COVID-19. In 2020 agus in 2021, d’fhoilsíodar níos mó ná 150 tuarascáil, agus tá níos mó ná 200 gníomhaíocht iniúchóireachta eile fós ar siúl nó beartaithe, agus atá le cur i gcrích in 2022 nó 2023.


I mí Iúil 2021, d’fhoilsigh an Coiste Teagmhála an Choimre Iniúchóireachta maidir leis an bhfreagairt ar COVID-19. Déantar cur síos ann ar thionchar na paindéime agus tugtar forléargas ar na bearta éagsúla a tugadh isteach mar fhreagairt agus tá achoimrí ann ar 17 dtuarascáil ábhartha a d’fhoilsigh UFInna na Beilge, na Cipire, na Gearmáine, na Laitvia, na Liotuáine, na hÍsiltíre, na Portaingeile, na Rómáine, na Slóvaice, na Sualainne, agus Chúirt Iniúchóirí na hEorpa.

Tuilleadh eolais

Chun tuilleadh eolais a léamh agus chun faisnéis a shonraítear go rialta a fháil, b’fhéidir gur mhaith leat breathnú ar na suíomhanna gréasáin seo a leanas: