No

Cruinniú an Choiste Ta​dhaill i Vársá an 11-12 Nollaig 2006
 
 
 
Ba é UII na Polainne a thionóil cruinniú bliantúil an Choiste Tadhaill le Ceannasaithe UIIanna an AE agus Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, agus ba é Uachtarán an Ard-Chumainn Rialaithe, an tUasal Mirosław Sekuła a bhí ina chathaoirleach ar an gcruinniú sin. Bhí Ceannasaithe UIIanna na dTíortha is Iarrthóirí - an Bhulgáir, an Chróit, an Rómáin agus an Tuirc - chomh maith le hionadaithe ón IDI, Coiste Oiliúna EUROSAI agus SIGMA i láthair mar bhreathnóirí gníomhacha.
 
Bhí seimineár dar teideal “Rannchuidiú na nUas-Institiúidí Iniúchóireachta i bhForbairt Chuntasaíocht na gCistí AE” ar an gclár don chruinniú.
 
Bhí an tUasal Siim Kallas, Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, agus an tUasal Szabolcs Fazakas, Cathaoirleach an Choiste um Rialú Buiséadach i bParlaimint na hEorpa ina n‑aoichainteoirí.
 
Rinne na rannpháirtithe plé, i measc rudaí eile, ar na forbairtí a bhí ag tarlú i réimse na ndearbhuithe náisiúnta, na buntáistí a bhaineann le teagmhálacha díreacha idir institiúidí iniúchóireachta náisiúnta agus an Coimisiún Eorpach, mar aon leis na bacainní a chruthaíonn sé sin, an fhéidearthacht cómhodheolaíocht agus caighdeáin iniúchóireachta a fhorbairt agus na buntáistí a bhaineann le comhar idir Cúirt Iniúchóirí na hEorpa agus institiúidí iniúchóireachta náisiúnta le linn cuairteanna iniúchóireachta an CIE chuig Ballstáit, mar aon leis na bacainní a chruthaíonn sé sin.
 
Rinne Ceannasaithe na UIIanna plé freisin ar bhealaí chun comhar a threisiú agus scrúdaigh siad na torthaí a bhí ar obair na ngrúpaí oibre a chlúdaigh réimsí sainiúla de bhainistiú chistí AE: soláthar poiblí, cáin bhreisluacha, talmhaíocht, Cistí Struchtúracha, tuarascálacha náisiúnta UII ar bhainistiú airgeadais AE agus cáilíocht iniúchóireachta. Sa bhreis air sin, rinneadh cur i láthair ar thorthaí an chomhair idir UIIanna na dTíortha is Iarrthóirí agus na dTíortha is Iarrthóirí Ionchasacha.