No
Bhí cruinniú ag Ceannasaithe Uas-Institiúidí Iniúchóireachta (UIIanna) na 27 Ballstát AE agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) i Lucsamburg an 18-19 Deireadh Fómhair 2012
 
 
 
 
Ba é Tribunal de Contas na Portaingéile a thionóil cruinniú bliantúil an Choiste Tadhaill le Ceannasaithe Uas-Institiúidí Iniúchóireachta (UIIanna) an AE agus Ceannasaithe Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) an 18 agus an 19 Deireadh Fómhair 2012 in Estoril. 93 thoscaireachtaí ó UIIanna na mBallstát agus an CIE, mar aon le UII na Cróite (tír aontachais) agus UIIanna ó cheithre thír is iarrthóirí (Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine, Montainéagró, an tSeirbia agus an Tuirc) a d'fhreastail ar an gcruinniú a raibh Guilherme d’Oliveira Martins, Uachtarán an Tribunal de Contas, mar chathaoirleach air. ghlac ionadaithe IDI-INTOSAI (an Iorua) agus SIGMA (ECFE) páirt ann freisin.
 
Chuathas i ngleic leis an gcéad téama den chruinniú, Na dúshláin atá os comhair UIIanna agus iad ag ullmhú don chéad tréimhse eile de chreat airgeadais an AE (Challenges for SAIs in preparing for the next EU financial framework period), le linn seimineáir.
 
Bhí aoichainteoir aitheanta i láthair ag an seimineár, Algirdas Šemeta, an Coimisinéir Eorpach a bhfuil freagracht air maidir le Cánachas agus Aontas Custaim, Iniúchóireacht agus Frith-Chalaois. Chuir ionadaithe ó roinnt mhaith UIIanna an AE agus ón CIE a mbarúlacha agus an taithí reatha atá acu in iúl.
 
Leis an Rialachán Airgeadais nua athneartófar cuntasacht na mBallstát. Baineann gníomhartha reachtacha nua an AE le hábhair bhunúsacha amhail faireachas buiséadach agus faireachas bheartas eacnamaíoch na mBallstát a threisiú, ceartú easnamh iomarcach agus míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha iomarcacha a fhorghníomhú agus ceanglais dá gcreat buiséadach a shocrú.
 
Is é an aidhm atá ag UIIanna Bhallstáit an AE agus an CIE cuidiú chun córais níos fearr a bhaint amach agus chun cur le héifeachtacht úsáid náisiúnta chistí an Chomhphobail mar aon le bearta rialachais eacnamaíocha agus buiséadacha nua an Aontais Eorpaigh; tá siad tiomanta freisin do sheasamh neamhspleách, dian a ghlacadh i ndáil le feabhas a chur ar an gcaighdeán caitheachais.
 
Maidir leis an dara téama, Na forbairtí is déanaí a rinneadh i dtaca le freagairt ar an ngéarchéim airgeadais agus taithí UIIanna i ndáil le hiniúchtaí bainteacha (Latest developments in responding to the financial crisis and SAIs’ experience of related audits), cuireadh torthaí roinnt anailíse sainiúla a rinne an Coiste Tadhaill i láthair: an tuarascáil ón Tascfhórsa le féachaint an bhféadfar obair i gcomhar le Eurostat agus le hinstitiúidí staidrimh náisiúnta; an suíomh maidir le comhthionscnamh UIIanna an limistéir euro a bhaineann le hiniúchadh seachtrach ar an Sásra Cobhsaíochta Eorpach. an tuarascáil ón nGrúpa Oibre chun staidéar píolótach a dhéanamh d'fhonn easnaimh in iniúchtaí poiblí a shainaithint, ar easnaimh iad a d'fhéadfadh a bheith i réimse na socruithe, na mbeart agus na n-ionstraimí nua a bhunaítear ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an AE agus ar an leibhéal idir-rialtasach mar fhreagairt don ghéarchéim airgeadais agus eacnamaíoch; an tuarascáil ar dhul chun cinn ón Líonra ar Iniúchóireacht Beartas Fioscach.
 
Thairis sin, chuir roinnt UIIanna a mbarúlacha agus an taithí atá acu in iúl, go háirithe faoi chuimsiú na géarchéime airgeadais, a mhéid a bhaineann le forbairtí a rinneadh le déanaí ar iniúchóireacht airgeadais agus ar an ról atá ag UIIanna; na himpleachtaí ó thaobh caighdeán cuntasaíochta de agus oiriúnacht IPSAS do Bhallstáit an AE; na rialacha buiséadacha agus gné ioncaim Bhuiséad an Stáit.
 
Tar éis théamaí I agus II a phlé, labhair aoichainteoir mór-le-rá eile, Carlos da Silva Costa, Gobharnóir an Banco de Portugal, a thug an óráid dheireanach de chuid théamach an chruinnithe.
 
I ndiaidh an phlé a rinneadh maidir leis na téamaí thuasluaite, glacadh sé rún i ndáil le straitéisí a chur chun feidhme amach anseo d'fhonn cabhrú chun léargas a thabhairt ar na róil atá ag UIIanna i dtaca le dúshláin nua, amhail na forbairtí a rinneadh le déanaí ar rialachas eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh.
 
Cuireadh na toscaireachtaí ar an eolas maidir leis na gníomhaíochtaí seo a leanas atá ar bun ag na UIIanna: tuarascáil maidir le Dea-chleachtais iniúchóireachta agus príomhmholtaí iniúchóireachta le haghaidh iniúchtaí rialachais chorparáidigh ar fhiontair atá faoi úinéireacht stáit agus bardais (Best audit practices and main audit recommendations for corporate governance audits of state and municipality owned enterprises) (UII na Laitvia); an seimineár ar An taithí a fuarthas le linn cuid clabhsúir na clárthréimhse 2000-20006 (Experience gained during the winding-up of the programming period 2000-2006) (UII na hUngáire); agus na hiniúchtaí Faireachán a dhéanamh ar na Rioscaí a bhaineann le hAirgeadas Poiblí (Monitoring Risks to Public Finances) (UII na hÍsiltíre) agus Torthaí ón Iniúchadh Comhoibrithe ar Chórais maidir le Trádáil Astaíochtaí CO2 (Results of the Cooperative Audit of CO2 Emission Trading Systems) (UII na Danmhairge).
 
Le linn an chruinnithe rinne Ardrúnaí INTOSAI agus Uachtarán UII na hOstaire cur i láthair faoi Rún tábhachtach ó Chomhthionól na Náisiún Aontaithe, eadhon A/66/209: "Éifeachtúlacht, cuntasacht, éifeachtacht agus trédhearcacht an riaracháin phoiblí a chur chun cinn trí Uas-Institiúidí Iniúchóireachta a neartú" ("Promoting the efficiency, accountability, effectiveness and transparency of public administration by strengthening Supreme Audit Institutions").
 
Tionólfaidh UII na Liotuáine cruinniú an Choiste Tadhaill i mí Dheireadh Fómhair 2013 in Vilnius, agus is í an tIniúchóir Ginearálta, Giedrė Švedienė, a bheidh ina cathaoirleach ar an gcruinniú sin.