No
Bhí cruinniú ag Cinn Uasfhorais Iniúchóireachta (SAIanna) na 28 mBallstát agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa in Vilnius, an Liotuáin ar 10-11 Deireadh Fómhair 2013
 


 
Bhí Oifig Náisiúnta Iniúchóireachta na Liotuáine ina hóstach do chruinniú bliantúil 2013 de chuid Choiste Teagmhála Chinn Uasfhorais Iniúchóireachta an AE agus Chúirt Iniúchóirí na hEorpa a bhí ar siúl ar 10-11 Deireadh Fómhair in Vilnius. Ba í Giedrė Švedienė Uas., Ard-Iniúchóir na Liotuáine agus Cathaoirleach Gníomhach an Choiste Teagmhála a bhí ina cathaoirleach ar an gcruinniú. Bhí 84 toscaire ó Uasfhorais Iniúchóireachta an AE agus ó Chúirt Iniúchóirí na dtrí thír is iarrthóirí iad (Montainéagró, an tSeirbia agus an Tuirc) i láthair, mar aon le hionadaithe ó IDI, EUROSANI agus SIGMA.
 
Ba é seo an chéad uair ar reáchtáladh cruinniú bliantúil an Choiste Teagmhála in Vilnius, an Liotuáin. Cuireadh ar siúl é le linn tréimhse a bhí tábhachtach i stair na tíre, tréimhse ina raibh Uachtaránacht an AE ag an Liotuáin den chéad uair riamh.
 
Ba é a Shoilse, an tUas. Valdas Adamkus, Iar-Uachtarán Poblacht na Liotuáine, a d’oscail an cruinniú. Rinne sé comhghairdeas leis na rannpháirtithe agus chuir sé in iúl dóibh go gcreideann sé go n-aimseoidh ceannairí Uasfhorais Iniúchóireachta an AE agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa na réitigh is fearr dá bhfuil ann d’fhonn feabhas a chur ar chuntasacht san earnáil phoiblí agus ar fheidhmiú na dtascanna atá sannta d’údaráis iniúchóireachta náisiúnta.
 
Mar phríomhimeacht an chruinnithe, cuireadh seimineár ar na forbairtí is deireanaí ar siúl inár pléadh dhá théama: 1) creatlach airgeadais nua don tréimhse 2014-2020 agus an rialachán airgeadais nua - feidhm na nUasfhoras Iniúchóireachta maidir le feabhas a chur ar chuntasacht san AE; agus 2) rialachas eacnamaíoch nua - feidhm agus tascanna na nUasfhoras Iniúchóireachta.
 
Chuir beirt aochainteoirí mór le rá tús leis an seimineár: An tUas. Algirdas Šemeta, Coimisinéir Eorpach um an Aontas Chánachais agus Custaim, Iniúchóireacht agus Frith-Chalaois, agus an tUas. Michael Theurer, FPE, Cathaoirleach an Choiste um Rialú Buiséid de chuid Parlaimint na hEorpa (tugadh an chaint trí chur i láthair físe). Mhalartaigh na haoichainteoirí a gcuid smaointe maidir leis na príomhcheisteanna a bhaineann leis na forbairtí is deireanaí i rialachas agus cuntasacht san AE.
 
Tugadh faoin gcéad téama i láithreoireachtaí ón gCúirt Iniúchóirí na hEorpa agus ó roinnt Uasfhoras Iniúchóireachta an AE a mhalartaigh na smaointe agus na heispéiris atá acu faoi láthair. Treisíodh gur gá do gach duine a bhfuil baint acu le rialú airgeadais poiblí i dtaobh buiséad an AE, cibé acu ar leibhéal an AE, an leibhéal náisiúnta nó an leibhéal réigiúnach atá i gceist, agus cibé acu an freagrach as rialú inmheánach nó iniúchadh seachtrach nó maoirseacht pholaitiúil atá siad, aghaidh a thabhairt ar an dúshlán a ghabhann leis an iarracht chun feabhas a chur ar chuntasacht san AE sna blianta amach romhainn. Ina theannta sin, cuireadh i bhfios go láidir go mbeidh éifeacht leis na creataí dlí nua a rialóidh cistí an AE gan mhoill agus ní mór roinnt gnéithe nua tábhachtacha agus comhthéacs athraithe a thabhairt san áireamh, cé go mbeidh príomhthréithe na socruithe cuntasachta atá ann faoi láthair mar an gcéanna i gcónaí.
 
Maidir leis an dara téama, mhalartaigh roinnt Uasfhorais Iniúchóireachta a gcuid tuairimí agus eolais faoina forbairtí is deireanaí trí saincheisteanna an rialachais eacnamaíoch nua ina dtíortha féin á phlé. Thuairiscigh Uasfhoras Iniúchóireachta na Fionlainne ar an obair leantach a rinneadh maidir leis an tionscnamh a bhí formheasta ag an gCoiste Teagmhála, i ndáil le labhairt i dteannta a chéile leis an gComhairle Eorpach agus i ndáil leis an Líonra um Iniúchóireacht ar Bheartas Fioscach. San áireamh leis an dara téama leis, bhí pléite beo agus malartú smaointe faoin obair leantach agus na chéad chéimeanna eile a ghlacfar maidir le Páipéar Seasaimh an Tascfhórsa i dtaobh tascanna agus feidhmeanna nua d’iniúchóireacht phoiblí sheachtrach i bhfianaise forbairtí a rinneadh le déanaí i rialachas eacnamaíoch an AE.
 
Ar an dara lá, labhair aoichainteoir mór le rá eile leis an gcruinniú, is é sin an Dr. Gediminas Mesonis, arb é Breitheamh i gCúirt Bhunreachtúil Phoblacht na Liotuáine agus ina Ollamh i nDámh an Dlí in Ollscoil Vytautas Magnus (An Liotuáin). Chuir sé a chuid tuairimí in iúl faoin gceist um Neamhspleáchas na nUasfhoras Iniúchóireachta. Chuir na rannpháirtithe fáilte roimh an gcur i láthair mar díríodh ar an gceist um neamhspleáchas na nUasfhoras Iniúchóireachta i gcomhthéacs acadúil.
Thug an Coiste Teagmhála an Breac-chuntas Stádais ar ghníomhaíochtaí na bliana 2013 dá aire - is é sin, an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí ina dtugtar faisnéis ar stádas agus ar ghníomhaíochtaí na ngrúpaí oibre, na líonraí agus na dtascfhórsaí atá i mbun oibre faoi láthair i gcreat an Choiste Teagmhála.
 
Cuireadh na tuarascálacha seo a leanas faoi bhráid an ChoisteTeagmhála ar ghníomhaíochtaí comhair atá ar siúl faoi láthair in 2013: Tuarascáil ón nGrúpa Oibre um Chistí Struchtúrtha V (Uasfhoras Iniúchóireachta na Gearmáine); Tuarascáil ar “Athbhreithniú Caiteachais i dTíortha an AE - Anailís ar na barrchleachtais, na torthaí agus na peirspictíochtaí” (Uasfhoras Iniúchóireachta na hIodáile); Tuarascáil ar an seimineár um chaighdeáin chuntasaíochta poiblí (Uasfhoras Iniúchóireachta na Fraince); Comhthuarascáil ar an iniúchadh comhordaithe ar fhorfheidhmiú reachtaíocht an AE um sheoladh dramhaíola (Uasfhoras Iniúchóireachta na hÍsiltíre). Roinn Uasfhoras Iniúchóireachta na Liotuáine faisnéis ar an Iniúchadh Comhoibritheach ar Pháirceanna Náisiúnta.
 
Thug Uasfhoras Iniúchóireachta na Tuirce tuairisc ar ghníomhaíochtaí Líonra Uasfhorais Iniúchóireachta na dTíortha is Iarrthóirí iad agus na dTíortha is Iarrthóirí Ionchasacha iad agus ar ghníomhaíochtaí Chúirt Iniúchóirí na hEorpa.
 
Thuairiscigh Uasfhoras Iniúchóireachta na hÍsiltíre ar dhul chun cinn na n-ullmhúchán le haghaidh na IX Comhdhála EUROSAI a reáchtálfar ón 15-19 Meitheamh 2014 san Háig san Isiltír, agus le haghaidh na chéad Chomhdhála EUROSAI Óg (YES) atá sceidealaithe le bheith ar siúl ón 20-22 Samhain in Rotterdam.
 
Agus na pléite ar na téamaí thuasluaite thart, glacadh le cúig rún maidir le cur i ngníomh straitéisí atá le teacht agus lena dtabharfar faoi na dúshláin nua a bheidh roimh na hUasfhorais Iniúchóireachta i gcomhthéacs na socruithe cuntasachta a rinneadh le déanaí agus na bhforbairtí nua ar rialachas eacnamaíoch san AE:
 
  • Rún maidir le Leanúint den Líonra um Iniúchóireacht Beartais Fhioscaigh
    (CC-R-2013-01);
  • Rún maidir le gníomhaíochtaí a bheidh ar siúl ag Coiste Teagmhála Uasfhorais Iniúchóireachta an AE in 2014 (CC-R-2013-02);
  • Rún maidir le hIniúchadh an Ghrúpa Oibre um Chistí Struchtúrtha (CC-R-2013-03);
  • Rún um Chaighdeáin Chuntasaíochta na hEarnála Poiblí do Bhallstáit Eorpacha (EPSAS) (CC-R-2013-04);
  • Rún um Fhoilsiú na tuarascála deiridh ar iniúchadh Comhordaithe maidir le forfheidhmiú an Rialacháin Eorpaigh um Sheoladh Dramhaíola (CC-R-2013-05).
 
Ina theannta sin, thug an Coiste Teagmhála Páipéar Seasaimh an Tascfhórsa dá aire, páipéar ina ndéantar plé ar fheidhmeanna na hiniúchóireachta poiblí seachtraí i bhfianaise na bforbairtí a rinneadh le déanaí ar rialachas eacnamaíoch san AE agus chinn sé ar an Tascfhórsa a ationól faoi cheannaireacht an Chathaoirligh Ghníomhaigh chun go leanfadh sé dá chuid gníomhaíochtaí agus chun go dtabharfadh sé tuairisc ar chruinniú an Choiste Teagmhála in 2014.
 
Tionólfar cruinniú an Choiste Teagmhála in 2014 i Lucsamburg ar 16-17 Deireadh Fómhair 2014, agus beidh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa mar óstach aige. Beidh Uasfhoras Iniúchóireachta na Laitvia mar óstach do chruinniú an Choiste Teagmhála in 2015. Cuirfear ar siúl i Riga é le linn Uachtaránacht na Laitvia ar an AE.