No
Cruinniú an Choiste Teagmhála de Cheannasaithe Uasfhorais Iniúchóireachta an Aontais Eorpaigh agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, i Ríge, an Laitvia, an 18‑19 Meitheamh 2015
Contact_Committee_Riga_2015.jpg 
 
 
Ba í Oifig Náisiúnta Iniúchóireachta Phoblacht Laitvia a thionóil agus a rinne cathaoirleacht ar chruinniú bliantúil 2015 an Choiste Teagmhála an 18-19 Meitheamh 2015 i Ríge. Reáchtáladh an cruinniú le linn Uachtaránacht Laitvia ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh. D’fhreastail ceannairí Uasfhorais Iniúchóireachta (SAIanna) na hAlbáine, Phoblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine, Mhontainéagro, na Seirbia agus na Tuirce, chomh maith le hionadaithe ó Rúnaíocht EUROSAI agus SIGMA ar an gcruinniú mar bhreathnóirí gníomhacha.
 
Ba é an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (CEIS) an príomhábhar a pléadh. Tugadh cuireadh do bheirt aoichainteoirí a dtuairimí maidir leis an ábhar sin a chur in iúl. Rinne an tUasal Burkhard Schmidt, an Stiúrthóir Airgeadais (gníomhach) i gcomhar le BEI, leis an mBanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha (BEAF) agus le hInstitiúidí Idirnáisiúnta Airgeadais in DG ECFIN ag an gCoimisiún Eorpach, cur i láthair faoi na socruithe airgeadais maidir le CEIS agus faoi na socruithe ábhartha maidir le rialachas agus cuntasacht. Chuir an tUasal Nicholas Jennett, an Stiúrthóir ar Tháirgí Nua agus ar Idirbhearta Speisialta ag an mBanc Eorpach Infheistíochta, ról agus léargas an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta i láthair i bplean infheistíochta/CEIS don Eoraip agus leag sé amach an próiseas maidir leis na tionscadail a shainaithint agus a roghnú. Sa phlé a rinneadh ina dhiaidh sin, dhírigh Ceannairí na nUasfhoras Iniúchóireachta ar an dul chun cinn a rinneadh maidir le Rialachán CEIS a ghlacadh agus maidir leis na socruithe rialachais, cuntasachta agus iniúchóireachta a bheartaítear.
 
D'aithin an Coiste Teagmhála gur thug reachtóirí an Aontais aghaidh ar shaincheisteanna áirithe i ndáil leis na socruithe sin, lena n-áirítear níos mó soiléireachta maidir le sainordú iniúchóireachta Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, agus mheas siad go mbeadh sé tairbheach scrúdú a dhéanamh ar thionchair na socruithe rialachais agus cuntasachta nuair a chuirfear ar bun iad, agus ar an tionchar a d'fhéadfadh a bheith acu ar an iniúchadh poiblí.
 
Le linn an tseisiúin maidir le neamhrialtachtaí agus leis an gcalaois a chosc agus a chomhrac agus maidir le comhar le hinstitiúidí forfheidmiú an dlí, d'aithin Ceannairí na nUasfhoras Iniúchóireachta gur gá feabhas a chur ar an gcomhar a thugann na hUasfhorais Iniúchóireachta agus bhunaigh siad meitheal ábhartha chun dul i ngleic leis na saincheisteanna sin. Le linn an tseisiúin maidir le Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2014-2015, thug siad dá n-aire gur gá díriú ar fheidhmíocht agus ar thorthaí i gcás inarb gá, ar a thábhachtaí atá sé cloí le prionsabail na barainneachta na héifeachtachta agus na héifeachtúlachta agus tionscadail á gcur chun feidhme, agus ar an tábhacht a bhaineann le táscairí feidhmíochta.
 
Ghlac an Coiste Teagmhála ráiteas maidir leis na socruithe cuntasachta agus iniúchóireachta i ndáil le maoirseacht bhaincéireachta nuair a tugadh isteach an Sásra Maoirseachta Aonair, agus é mar aidhm feasacht a mhúscailt faoin gceist seo. Dírítear an ráiteas ar institiúidí ábhartha an Aontais agus ar na húdaráis náisiúnta.
 
Thairis sin, chomhaontaigh an Coiste Teagmhála tabhairt faoi cheithre iniúchadh chomhoibríocha. Agus an tábhacht a bhaineann le straitéis Eoraip 2020 á cur san áireamh, díreofar dhá iniúchadh ar thionscadail lena gcuirtear oideachas agus fostaíocht chun cinn. Díreofar iniúchadh amháin ar na rioscaí bunúsacha atá ann maidir le hinbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí agus díreofar an t-iniúchadh eile ar an maoirseacht stuamachta a dhéantar ar na bainc a chur chun feidhme.
 
Is í Ard-Oifig Iniúchóireachta Phoblacht na Slóvaice a thionólfaidh agus a dhéanfaidh cathaoirleacht ar an gcéad chruinniú eile a bheidh ar siúl i mí Dheireadh Fómhair 2016.